Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
albaim-na-miosa-le-ben-o-faolain-–-feabhra-2025

Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Feabhra 2025

| Ben O Faolain | ,

Muireann Bradley – I Kept These Old Blues (Decca/Verve Forecast)

Meabhrú dúinn atá sa leagan atheisithe seo d’albam début Muireann Bradley ar cé chomh gleoite mar ghiotárai is atá an bhean óg as Tír Chonaill. 

Eisithe den chéad uair ag deireadh na bliana 2023 ar an lipéad Meiriceánach Tompkins Square, is albam é I Kept These Old Blues lán de leaganacha Bradley de sheanamhráin blues de chuid leithéidí Mississipi John Hurt (‘Stag-O-Lee’), Blind Blake (‘Police Dog Blues’) agus Elizabeth Cotton (‘Shake Sugaree’) chomh maith le cúpla port uirlise a d’aimsigh Bradley ar cheirníní John Fahy (‘Buck Dancer’s Choice’) agus Stefan Grossman (an ‘Vestapol’ iontach). 

Tá piocadh Bradley ar théada a giotáir mealltach gan a bheith meicniúil, í ina máistir ar gach stíl a dtugann sí faoi aithris a dhéanamh uirthi (gan locht a fháil ar I Kept These Old Blues, is saothar aithrise é).

Amhránaí breá is ea Bradley leis, agus anois go bhfuil conradh sínithe aici le ceirníní Universal, tá súil agam go dtabharfar di an tsaoirse chruthaitheach agus an cúnamh praiticiúil a bheidh ag teastáil lena glór féin a aimsiú.

Athmháistrithe agus athmheasctha, le hamhrán amháin sa bhreis leis na cinn a bhí ar an mbunleagan (‘When The Levy Breaks’ de chuid Joe McCoy). 

Florence Adooni – A.O.E.I.U (Philophon)

A.O.E.I.U. (An Ordinary Exercise In Unity) by Florence Adooni

Sibhse a chreideann fós i luach aoibhneas simplí an cheoil in ainneoin olc an tsaoil, seo daoibh Florence Adooni as deisceart Ghána. An bhrí atá le hacrainm theideal an albaim ná ‘an ordinary exercise in unity’. 

Níl aon gheall gan údar i gceist ag an amhránaí anamúil seo de shliocht Frafra. 

Ceiliúradh atá sa saothar seo ar an gceol mar fhórsa a thugann le chéile muid ag ceolchoirm nó cóisir seachas táirge a bhíonn á bhrú ag an algartam mallaithe ar an éisteoir aonair. 

Léirithe le snas ag úinéir ceirníní Philophon, Max Weissenfeldt (Jimi Tenor, Guy One), Gearmánach a bhfuil gean agus tuiscint nach beag aige ar cheol Ghána.

Panda Bear – Sinister Grift (Domino)

Sinister Grift by Panda Bear

Chuireas spéis ar dtús in amhránaíocht óigeanta Noah Lennox nuair a chualas ‘Girls’ (2005) de chuid Animal Collective den chéad uair. 

I don’t mean to seem like I care about material things/Like a social status’, a chan sé, ‘I just want four walls and adobe slabs/For my girls’.

A bhean chéile ag an am (an dearthóir faisin Portaingéalach Fernanda Pereira) agus a n-iníon nuabheirthe Nadja a bhí i gceist le ‘girls’ an amhráin chéanna. Scór bliain níos déanaí seo muid agus Noah agus Pereira tar éis colscaradh.

Albam é Sinister Grift faoi bhriseadh croí agus easpa dóchais, mar sin.  Amhráin faoin ngéilleadh féiniúlachta a bhaineann leis an saol pósta, agus an folús a chruthaítear i saol an duine nuair a theipeann ar an gcleamhnas. 

Os rud é go raibh blas géarmhilis éigin ar cheol Panda Bear riamh ní haon iontas é go bhfuil éirithe leis amhráin atá chomh mealltach leis seo a chruthú as tonn bhróin agus díomá. 

Tá nótaí giotáir Cindy Lee ar ‘Defense’ blasta, agus cuireann smaointe fealsúnachta Nadja ar an saol agus ar an ngrá (curtha i láthair i bPortaingéilis aici) go mór le truamhéala an amhráin ‘Anywhere But Here’.

Alice Sara Ott – John Field: Complete Nocturnes (Deutsche Grammophon)

‘Nochtraí in ‘E Maol Mór Op. 9, Uimhir 2’ de chuid Chopin ar cheann de na píosaí ceoil is giorra dem’ chroí ón uair a bhí mé i mo gharsún, ach ní go dtí le déanaí a thuig mé go n-aithnítear an cumadóir Éireannach, John Field (1782-1832), mar údar an nochtraí mar stíl cheoil chlasaicigh a sheinntear ar an bpianó. 

Bíonn fonn liriciúil i gceist leis an nochtraí (tugtar cantabile ar an ngné sin de) a sheinntear thar chórdaí briste. 

Tá léamh cuibheasach bríomhar ar cheol Field ag an bpianadóir Gearmánach-Seapánach, Alice Sara Ott anseo – í ag bualadh rithimí agus nótaí leis an dara lámh nach gcloisfeá chomh minic sin i gcás ceol a shamhlaítear a bheith chomh suaimhneach de ghnáth. 

Seo ceoltóir, is léir, atá ag iarraidh ort suí síos agus éisteacht le Field seachas an ceol a chur ar siúl sa chúlra fad is a bheadh leabhar á léamh agat (dá mbeadh fonn ort sin a dhéanamh mholfainn leaganacha Elizabeth Joy Roe). Molaim Ott as a méara láidre agus a dúthracht i mbun an chúraim. Tá ga solais dírithe ar cheol Field anseo aici le halbam atá rud beag eachtrúil gan a bheith thar fóir.

Cnuasach na Míosa: Ceoltóirí Éagsúla – The Original Sound of Mali Volume 2 (Mr Bongo)

Cad é seo, go díreach?
Filleann muintir cheirníní Mr Bongo ar thobar saibhir an cheoil Mhailígh don tarna babhta. Ceol a eisíodh sna blianta idir lár na 60idí agus lár na 80idí atá romhat, agus an chuid is mó de bainte as ceirníní atá imithe as cló le fada an lá.

An bhfuil aon mhaith ann?
Tá ceol Mhailí iontach domhain, sofaisticiúil agus binn – agus bhí borradh ar leith faoi cheol dúchasach na tíre sa tréimhse lena mbaineann an tiomsúchán seo. 

Is aoibhinn lem’ chluasa an t-athrú stíle ag deireadh ‘Kefimba’ de chuid Ousmane Kouyate & Ambassadeurs Internationaux ag deireadh an amhráin agus ceol afrobeat corrach ag iompú ina saghas high life geal misniúil. 

Tá an malartú macallach idir na banamhránaithe ar ‘Mamaniya’ de chuid an ghiotáraí Bouba Sacko go haoibhinn, agus tá fuaim func leachtach ‘Moussokeleyato’ de chuid Allata Broulaye thar a bheith pléisiúrtha.

Cuir leis sin aithris iontach cruinn Les Ambassadeurs Du Hotel De Bamako ar James Brown (‘Get Up James’) agus leagan The Tjiwara Band de Kati de ‘In The Midnight Hour’ de chuid Wilson Pickett agus tá luach do chuid airgid faighte agat.

Laigí:
Tá caighdeán na fuaime cuibheasach garbh ar corr amhrán.

An breithiúnas?
Ceol draíochtúil.

The post Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Feabhra 2025 appeared first on NÓS.

Níos mó