Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-taoiseach-ag-triall-ar-an-teach-ban-chun-bualadh-le-trump

An Taoiseach ag triall ar an Teach Bán chun bualadh le Trump

Beidh cruinniú ag an Taoiseach Micheál Martin agus Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, inniu sa Teach Bán.

Meastar go mbeidh ar an Taoiseach láimhseáil chúramach a dhéanamh ar an gcruinniú le Trump, a bhfuil cáil an iompair ghuagaigh air.

Dúirt Micheál Martin gurb é an rud is mó a theastaíonn uaidh féin ó chruinniú traidisiúnta seo na Féile Pádraig ná caidreamh eacnamaíochta na tíre seo leis na Stáit Aontaithe a “dhaingniú”.

Tá ráite ag an Taoiseach go ndéarfaidh sé leis an Uachtarán Trump go ndéantar an infheistíocht “an dá bhealach” idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe.

Tá sé ina imní go dtarraingeoidh Trump anuas an neamhchothroime atá sa trádáil idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe ag cruinniú an lae inniu.

Deireadh Fómhair seo caite, thagair rúnaí trádála na Stát Aontaithe, Howard Lutnick, don trádáil sin agus dúirt gur “amaidí é go mbeadh barrachas trádála ag Éirinn agus muidne thíos leis”.

Tá faitíos ar dhaoine sa tír seo go bhféadfadh polasaí cosantaíoch an Uachtaráin Trump ó thaobh taraifí an-dochar a dhéanamh do gheilleagar na tíre seo, geilleagar atá ag brath go mór ar infheistíocht sheanbhunaithe chomhlachtaí ilnáisiúnta as na Stáit Aontaithe.

Sa gcaint a rinne an Taoiseach ag an bhféile SXSW [an deisceart trín iardheisceart] i gcathair Austin in Texas, dúirt sé gurb é an “príomhphointe” a dhéanfadh sé agus é ag caint le Donald Trump go dtéann an infheistíocht idir an dá thír “an dá bhealach”.

Agus é in Austin, d’fhreastail an Taoiseach ar Ghaeltacht “pop-up” ag Féile SXSW, mar a ndúirt sé gur chóir an bhéim a chur ar thaitneamh a bhaint as an nGaeilge agus ar fhrásaí a fhoghlaim seachas ar “chruinneas gramadaí”.

Meastar go bpléifidh an Taoiseach roinnt ceisteanna le hUachtarán na Stát Aontaithe, an Úcráin, an Meánoirthear agus Tuaisceart Éireann ar chuid díobh.

D’fhéadfadh go n-ardódh sé stádas dleathach do na mílte Éireannach atá ina gcónaí sna Stáit Aontaithe agus gan stádas dlí acu.

Bronnfaidh an Taoiseach an babhla traidisiúnta lán seamróige ar Uachtarán na Stát Aontaithe agus cuirfidh sé beannachtaí na Féile Pádraig mhuintir na tíre seo in iúl don Uachtarán agus do mhuintir na Stát Aontaithe.

Roimh an gcruinniú, dúirt Micheál Martin: “Is í an straitéis atá againne – beag beann ar an gcaint go léir – a léiriú go bhfuil seasamh buan láidir ag na Stáit Aontaithe in Éirinn agus gur caidreamh é sin atá an-láidir agus gur mian linn gur i neart a rachaidh sé sa todhchaí.”

“Caidreamh é a oibríonn an dá bhealach, sin é an pointe is mó a bheidh mé a dhéanamh.”

Mhol sé do chomhlachtaí a bhfuil infheistíochtaí acu in Éirinn gan “gníomhú róthobann” de bharr bagairt an Uachtaráin Trump taraifí 25% a chur ar iompórtálacha ón Aontas Eorpach.

“Ná cailligí misneach, seo tréimhse a gcaithfimid ár mbealach a dhéanamh tríd,” a dúirt sé.

Dúirt an Taoiseach go raibh go leor infheistíochta as Éirinn i Meiriceá agus go raibh comhlachtaí de chuid na tíre seo a raibh borradh fúthu lonnaithe sna Stáit Aontaithe. Dúirt sé chomh maith gur “bunáit chumhachtach” atá sa tír seo do chomhlachtaí de chuid na Stát Aontaithe le teacht a fháil ar an Margadh Eorpach Aonair.

“Téann an rochtain sin chun tairbhe don dá thír mar tá margadh Eorpach aimsithe ag comhlachtaí Meiriceánacha agus tá a gceanncheathrú in Éirinn an-tábhachtach leis an deis a thabhairt dóibh an margadh sin a ghnóthú.”

Níos mó