Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ardu-ar-lion-na-mban-ti-a-choinnionn-scolairi-do-cholaisti-samhraidh-sa-ghaeltacht

Ardú ar líon na mban tí a choinníonn scoláirí do choláistí samhraidh sa Ghaeltacht

| Maitiu O Coimin | ,

Deir lucht na gcoláistí samhraidh go bhfuil géarchéim lóistín ag cur as dóibh le roinnt blianta agus é ag éirí níos deacra teaghlaigh Ghaeltachta a mhealladh

Ardú ar líon na mban tí a choinníonn scoláirí do choláistí samhraidh sa Ghaeltacht

Tháinig ardú beag eile anuraidh ar líon na mban tí a choinníonn scoláirí do choláistí samhraidh sa Ghaeltacht. Bhí glanmhéadú aon teaghlach déag ann sa chóras aitheanta in 2024, méadú 10% ar líon na mban tí a ghlac páirt sa scéim in 2023.

Mar fhreagra ar cheist a chuir an Teachta Dála de chuid Sinn Féin, Conor D McGuinness ar aire na Gaeltachta, dúradh go raibh 41 bean tí nua sa chóras in 2024 agus nuair a chuirtear líon na mban tí a d’imigh ar scor nó atá ar sos ón gcóras go raibh aon bhean tí dhéag breise ann anuraidh.

“Tá an Roinn sásta gur chuidigh na bearta atá curtha i bhfeidhm le blianta beaga anuas le coláistí teaghlaigh nua a mhealladh sa scéim,” a dúirt an tAire Stáit Charlie McConalogue a bhí ag tabhairt freagra thar ceann na Roinne Gaeltachta.

Ardaíodh an deontas tosaithe aonuaire do theaghlaigh nua atá ag lorg aitheantais faoin scéim faoi 300% in 2022 ó €2,000 go €6,000. Tá deontas aon oíche €13 ar fáil ag teaghlaigh aitheanta ón Roinn do chuile scoláire i leith chuile oíche ina mbíonn siad sa teach agus faigheann an teaghlach deontas eile ó pé coláiste atá ag soláthar scoláirí dóibh.

Fágann an t-ardú seo go bhfuil sé theach déag breise sa chóras anois i gcomparáid leis an mbliain 2022. Tháinig laghdú 27% ar líon na mban tí a choinníonn scoláirí do choláistí samhradh idir 2019 2023. Bhí 648 teach cláraithe le Roinn na Gaeltachta an bhliain sular chuir an víreas corónach isteach go mór ar na coláistí samhraidh. De réir figiúirí ó Roinn na Gaeltachta, bhí 511 teach cláraithe in 2023. 522 teaghlach a bhí sa chóras in 2024.

Agus ganntanas fear agus ban tí ann le roinnt blianta, thug an Roinn na beartais nua isteach le cur le líon na dteaghlach sa chóras. Ardaíodh an liúntas oíche a íoctar ó €10 in 2019 go €13 in 2024. Méadaíodh chomh maith ó 12 go 16 an t-uasmhéid scoláirí a mbíonn cead ag teaghlach iad a choinneáil.

Deir lucht na gcoláistí samhraidh go bhfuil géarchéim lóistín ag cur as dóibh le roinnt blianta agus é ag éirí níos deacra teaghlaigh Ghaeltachta a mhealladh chun lóistín a chur ar fáil do scoláirí.

Níos mó