Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cad-e-ata-i-gceist-le-‘march-madness’?-mireachas-mharta?

Cad é atá i gceist le ‘March Madness’? Mireachas Mhárta?

| conchur mac cu uladh | ,

Tá muid ag druidim ar an am sin bliana aríst a chairde. An t-am a mbíonn gach duine a bhfuil tóir acu ar an chispheil choláiste ar fud an domhain (agus an lucht leanúna réchúiseach mar mise féin) sáite san aicsean agus sa drámaíocht a thagann leis an Chomórtas NCAA, nó ‘March Madness’ mar is fearr aithne air. 

Chun tuiscint a bheith againn ar chastachtaí an chomórtais, caithfear tuiscint a bheith againn ar an dóigh a n-oibríonn an chéad sraith cispheile sa NCAA. I dtús báire, tá 364 foireann sa tsraith ina hiomláine, a scaiptear i measc 31 sraith níos lú, nó comhdhálacha. 

Níl cothromaíocht sna comhdhálacha áfach. Tá an chuid is mó de na coláistí ollmhóra in a mball de na comhdhálacha a dtugtar ‘Power 5’ orthu: Comhdháil an Oirdheiscirt (SEC), an Daréag Mór (Big 12), an Deichniúr Mór (Big 10), Comhdháil an Chósta Atlantaigh (ACC), agus Pac-12. 

Is gnáth go mbíonn cláranna cispheile láidre ag na coláistí ‘Ard-Mhóra’ (High-Major) atá istigh iontu agus is minic a bhíonn acmhainní suntasacha acu chun na himreoirí is fearr a earcú ón ardscoil. Fúthu tá na coláistí ‘Mean-Mhóra’ (Mid-Major) agus níos ísle arís, tá na coláistí ‘Íos-Mhóra’ (Low-Major). Fillfidh muid ar na catagóirí seo níos moille.

Ní féidir le haon duine súil a choinneáil ar gach foireann sa tsraith. Bheadh sin cosúil le hiarracht a dhéanamh coinneáil suas le gach foireann ó chéad sraith na pirimide peile Sasanaí go dtí an seachtú sraith.

Titeann an séasúr amach ó Dheireadh Fómhair go leath bealaigh trí mhí an Mhárta. Scartar an séasúr ina dhá leath. Sa chéad leath den tséasúr, imríonn foirne cluichí lasmuigh de na comhdhálacha a bhfuil siad mar chuid dóibh. Ar ndóigh, tá barraíocht foirne ann le cluichí a bheith reáchtáil eatarthu ar fad. Mar sin, tá na coláistí ábalta an chuid seo den tséasúr a bheartú roimh ré. Is buntáiste ar leith é a bheith ábalta do chuid iomaíochta a roghnú agus míneoidh mé an fáth a bhfuil seo tábhachtach agus iad ag dul i dtreo an chomórtais. 

Sa dara leath den tséasúr, imrítear na cluichí ion-chomdhála. Nuair atá an séasúr rialta socraithe, tá comórtas beag idir-chomdhála le himirt in gach comhdháil. An bhfuil tú liom go fóill? Go hiontach. Ón lár mhí an Mhárta ar aghaidh, glacann 68 de na foirne is fearr sa spórt páirt sa Chomórtas NCAA, nó an Damhsa Mór, mar a thugtar air go minic sna meáin. 

Socraítear na 68 foireann ar Dhomhnach an Roghnaithe (16 Márta i mbliana) an bealach seo. Baineann na buaiteoirí comhdhála áit chinnte sa Chomórtas. Faigheann na 37 foireann eile áit “at-large” sa Damhsa Mhór ó ghrúpa darb ainm an Coiste Roghnaithe. Éiríonn sé níos suimiúla anseo. Ó thaobh seans a fháil chun bratach a thógáil sna rachtaí, is rí-luachmhar iad na torthaí eile sa chomórtas, idir an t-airgead agus an clú, go háirithe do na coláistí níos lú. Mar gheall air sin, is gearr an t-iniúchadh a dhéantar ar roghnúcháin an Choiste Roghnaithe.

Figiúr: Réim Comórtais an NCAA ó 2024. Rinne Sports Illustrated meastachán sa bhliain 2023 go líontar idir 60 agus 100 milliún réim gach bliain leis an lucht leanúna.

Is iomaí critéir mheastóireachta agus tú ag dul faoi mhachnamh an Choiste. Is é seo an fáth go ndearna mé tagairt don tábhacht atá leis an roghnúchán cluichí a dhéanamh sa chéad leath den tséasúr. Má tá tú i do Choláiste a bhfuil súil agat chun bheith ag damhsa san earrach, is cuma leis an Choiste má tá neart cluichí bainte agat in éadan iomaíocht lagmheasartha. 

Is minic nach bhfuil méid na mbuanna ar comhchéim le caighdeán na mbuanna ó thaobh tábhachtachta de. Tá córas acu chun breithiúnas a dhéanamh ar chaighdeán na mbuanna atá bunaithe ar láidreacht iomaíochta, cluiche sa bhaile, ar an bhóthar nó ar shuíomh neodrach agus farasbarr an bhua. 

Tá ceithre cheathrú ann. Mar shampla, gnóthaítear bua C1 má fhágann tú foireann mhaith i do dhiaidh. Ar an lámh eile, má chaileann tú amach in éadan bodairlín ar do chuairt féin, is cailliúint C4 é sin agus pointe gránna ar do chruthúnas os comhair an choiste. Dá bhrí sin, bheadh sé i bhfad níos fearr má tá tú i do stiúrthóir lúthchleasa sa NCAA chun clár na himeartha a shocrú go cúramach. Má tá iomaíocht láidir ann, cruthaítear deiseanna don fhoireann chun buanna C1 agus C2 a fháil. 

An méid sin ráite, cad é atá ar mire faoi? Níl ann ach cispheil coláiste. Bhuel, ní tréimhse ama ollmhór í — níl ach trí seachtaine acu chun 67 cluiche a reáchtáil ar fud na Stát Aontaithe. Tá sin giota beag craiceáilte. Níos craiceáilte ná sin ná an méid rudaí atá ag brath orthu. Tá tionchar mór ag an Damhsa ar an urraíocht, na conarthaí, an stoc roghnúcháin NBA, cearta maímh agus araile. 

Bíonn buanna nach bhfuiltear ag súil leo, rití “Cinderella” agus déine neamaiteach ann sna cluichí a scoilteann na fir ó na buachaillí. Más maith leat spórt, taitneoidh sé go mór leat gan amhras agus mholfainn duit é a sheiceáil amach más féidir. 

Is minic a tharlaíonn na cluichí mall istoíche. Más duine a bhíonn gníomhach i rith an lae thú cosúil liom féin agus bíonn tú ag streachailt fanacht i do shuí i ndiaidh 22:00, mholfainn rud amháin eile duit: an podchraoladh Eye On College Basketball le CBS Sports. Fiú muna bhfuil eolas dá laghad agat faoin chispheil NCAA, tá luach siamsaíochta acu agus beidh siad ag cur amach cuid mhór eagrán sna seachtainí beaga amach romhainn. Bainigí sult!

The post Cad é atá i gceist le ‘March Madness’? Mireachas Mhárta? appeared first on NÓS.

Níos mó