Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
clar-faisneise-do-tg4-faoi-mhicheal-d-o-huiginn-i-measc-na-dtograi-ata-le-maoiniu-ag-coimisiun-an-mean

Clár faisnéise do TG4 faoi Mhicheál D Ó hUigínn i measc na dtograí atá le maoiniú ag Coimisiún an Meán

As an 84 tionscadal teilifíse agus raidió a gheobhaidh maoiniú, cláir theilifíse Ghaeilge iad trí cinn acu

Clár faisnéise do TG4 faoi Mhicheál D Ó hUigínn i measc na dtograí atá le maoiniú ag Coimisiún an Meán

Tá fadchlár faisnéise dátheangach faoi Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn i measc na gclár Gaeilge agus dátheangach a bhfuil maoiniú faighte acu faoin mbabhta is deireanaí den scéim Fuaim & Fís.

D’fhógair Coimisiún na Meán, a riarann an scéim, go raibh maoiniú €2.4 milliún curtha ar fáil chun tacú le craoltóirí Gaeilge agus dátheangacha agus le léiritheoirí neamhspleácha ar fud na tíre. Is ionann an €2.4 milliún sin do chláir Ghaeilge agus dhátheangacha agus 35% den maoiniú iomlán €7.1 milliún a bronnadh.

Cláir dhátheangacha iad formhór na gclár a bhainfidh leas as an maoiniú. As an 84 tionscadal teilifíse agus raidió a gheobhaidh maoiniú, cláir theilifíse Ghaeilge iad trí cinn acu.

Is ar ghasúir a bheidh péire de na trí chlár Gaeilge sin dírithe. Tá maoiniú €450,000 faighte ag an gcomhlacht léiriúcháin Paper Owl Films chun sraith eile den chlár beochana Lí Bán a dhéanamh do Cúla4. Tá €400,000 eile le bronnadh ar Meangadh Fíbín chun sraith darb ainm Cois Cladaigh a dhéanamh don chainéal Gaeilge do pháistí.

Clár faisnéise faoi dhomhan na rásaíochta curaí is ea Anam na Mara, an t-aon chlár Gaeilge atá dírithe ar dhaoine fásta a fuair maoiniú. Tá an clár á léiriú ag Venom Films agus le craoladh ar TG4.

Cláir dhátheangacha iad ocht gcinn de na tionscadail teilifíse a fuair maoiniú. Clár a mbíonn 30% de ar a laghad i nGaeilge an sainmhíniú atá ag Coimisiún na Meán ar chlár dátheangach.

Cláir dhátheangacha iad cúig cinn de na hocht gclár atá le craoladh ar TG4. Ina measc, tá fadchlár faisnéise faoin Uachtarán, Micheál D Ó hUigínn. Tá an clár á léiriú ag O’Sullivan Productions agus á stiúradh ag Alan Gilsenan. Meastar go gcraolfar an clár nuair a thiocfaidh deireadh leis an dara téarma ag Ó hUigínn ina Uachtarán ag deireadh na bliana agus go mbreathnófar siar ar a shaol. Ba é Ó hUigínn a bhunaigh Teilifís na Gaeilge, mar a thugtaí ar TG4, nuair a bhí sé ina aire rialtais.

Clár faisnéise eile is ea Dúlainn: An Mecca. Tá an clár le cur i láthair ag an aisteoir Brendan Gleeson agus caithfear súil ar thraidisiún an cheoil sa mbaile aitheanta sin i gcontae an Chláir.

Tugadh maoiniú do trí chlár teilifíse dátheangach atá le craoladh ar RTÉ.

Fuair ocht gcinn de tionscadail raidió, i nGaeilge nó dátheangach, maoiniú faoin mbabhta is deireanaí de Fuaim & Fís. Ina measc, tá €109,606 faighte ag Stiúideo Cuan ar an Spidéal chun séasúr nua de cheolchoirmeacha a thaifeadadh beo i Stiúideo Cuan agus a chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ Radio 1.

Níos mó