Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
maitear-nach-bhfuil-‘bunus-eimpireach’-leis-na-modhanna-teagaisc-i-scoileanna-datheangacha-mheiricea

Maítear nach bhfuil ‘bunús eimpíreach’ leis na modhanna teagaisc i scoileanna dátheangacha Mheiriceá

Tá tacaíocht curtha ar fáil i SAM do thaighde faoi scoileanna dátheangacha

Maítear nach bhfuil ‘bunús eimpíreach’ leis na modhanna teagaisc i scoileanna dátheangacha Mheiriceá

Tá tacaíocht curtha ar fáil ag Fondúireacht Náisiúnta na hEolaíochta sna Stáit Aontaithe le taighde a dhéanamh ar na cleachtais teanga atá in úsáid i scoileanna dátheangacha na tíre sin.

Deir Alena Esposito, ollamh leis an tsíceolaíocht in Ollscoil Clark in Massachusetts, nach bhfuil “bunús eimpíreach” leis na modhanna teagaisc atá i réim i scoileanna dátheangacha Mheiriceá “cé is moite de chúpla cás-staidéar” agus nach bhfeileann treoirlínte a foilsíodh le deireanas, agus a bunaíodh ar an oideachas dátheangach in Québec, do chás Mheiriceá.

“Feictear dhá mholadh den chuid is mó sna scoileanna poiblí. Deighltear na teangacha go huile is go hiomlán óna chéile nó úsáidtear gach teanga atá ar fáil don dalta. Níl bunús eimpíreach le ceachtar den dá mholadh cé is moite de chúpla cás-staidéar.

“Tá an pobal daltaí atá sa chóras oideachais dátheangach sna Stáit Aontaithe an-difriúil ó na daltaí atáthar a mhúineadh in Québec. Tá muid ag dearadh ár gclár oideachais timpeall ar cheann nach ndearnadh iniúchadh turgnaimh air le feiceáil an oibríonn sé,” a dúirt sí.

Deontas $780,000 (€745,000) atá i gceist.

Déanfaidh lucht an staidéir nua taighde ar scoileanna dátheangacha sna Stáit Aontaithe féin – scoileanna inarb í an Spáinnis an teanga theagaisc den chuid is mó – le fáil amach an bhfuil maitheas ar bith ann do na daltaí sa modh ina n-úsáidtear dhá theanga nó níos mó le linn an lae scoile “lena chinntiú go dtuigeann na daltaí an t-ábhar”.

“Nuair a bhuailtí an t-aláram dóiteáin, chaitheadh muid cumarsáid a dhéanamh leis na daltaí i dteanga a thuig siad agus ardaíonn sé sin an cheist: an buntáiste do na páistí é an t-aon teanga amháin a úsáid i gcónaí, gan an riail sin a lúbadh choíche?” a dúirt Esposito.

Mairfidh an staidéar ceithre bliana agus díreofar ar dhaltaí atá ag fás aníos go dátheangach agus go hilteangach ó chiondargairdín (naíonáin bheaga) go rang a ceathair i scoileanna poiblí in Worcester i lár Massachusetts.

Déanfar taifead físe agus fuaime ar an gcumarsáid a dhéantar idir múinteoirí bunscoile agus a gcuid daltaí. Déanfar measúnú agus anailís ansin ar an gcaoi a ndéanann na múinteoirí cumarsáid leis na daltaí.

Is í Jennifer Coffman, atá lonnaithe in North Carolina State University, an príomhshíceolaí eile a bheidh ag obair ar an staidéar. Is saineolaí í Coffman ar an mbreathnóireacht i seomraí ranga agus múinfidh sí do Esposito agus do na taighdeoirí eile cén chaoi babhtaí cumarsáide 30 soicind idir na daltaí agus na múinteoirí a “chódú” le go mbeifear in ann aanailís a dhéanamh orthu.

“Is í an aidhm atá againn ná fáil amach céard atá múinteoirí a dhéanamh agus an t-eolas sin a úsáid mar bhunchloch don obair eimpíreach ionas go mbunófaí na polasaithe agus na cleachtais ar fhianaise chrua,” a dúirt Esposito.

Níos mó