Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
mcgregor-sa-teach-ban-agus-drochbhail-an-phle-ar-line

McGregor sa Teach Bán agus drochbhail an phlé ar líne

| Dáithí Anraí |

le Michelle Nic Pháidín

Caithfear a admháil gur chur sé olc ar dhaoine, mise ina measc, go ndearna an dornálaí Conor McGregor ionadaíocht ar son ár dtíre in Washington DC Lá Fhéile Pádraig. 

Tá daoine ann atá sásta gur McGregor a roghnaíodh agus gur ardaigh sé pointí áirithe. Tá a dhearcadh féin ag gach aon duine ar Mc Gregor agus an ceart sin acu.

Ó mo thaobhsa féin de, mar bhean, ní sásta a bhí mé go raibh fear a bhfuair giúiré ciontach é i gcás sibhialta as éigniú Nikita Hand – cás a bhfuil sé ag déanamh achomharc ina leith, ag déanamh ionadaíocht ar son na hÉireann. Léiríonn sé easpa tuigbheála agus dímheas ar mhná i gcoitinne.

Is cinnte go raibh a fhios acu siúd a thug cuireadh chuig an Teach Bán don dornálaí faoi chúlra McGregor. Cén seans atá ann nach raibh siad ar an eolas? Smaoinigh ar an chuardach fóiréinseach a ghlacaim leis a rinneadh sular scaoileadh isteach sa Teach Bán é. Mar sin cad chuige ar roghnaigh siad a leithéid d’fhear? 

An é go raibh a fhios acu nár glacadh go maith go domhanda leis an drochbhail a tugadh do Zelensky agus nach raibh siad ag iarraidh sin a dhéanamh le ceannaire eile ar nós Mícheál Martin? 

Tuigeann muid uilig nach raibh siad sásta lenár seasamh i leith mhuintir na Palaistíne mar sin ar roghnaigh siad bealach eile le muid a chur inár n-ait? An é sin an cluiche a bhí ar bun acu?

B’fhéidir gur tugadh cuireadh do McGregor mar go raibh meas ag Uachtarán SAM, Donald Trump, air. 

Seans nach mbeidh a fhios againn go deo cén dearcadh a bhí ann le cuireadh a chur ar McGregor go Washington ach is fiú díriú ar thoradh na cuairte agus ar cuid den mhéid a dúirt sé.

Is cinnte nach raibh sé réidh don cheist maidir le na deacrachtaí eacnamaíochta a bheidh idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá de bharr na dtaraifí nua. Chonacthas domsa nach raibh bun nó barr, tús, lár nó deireadh lena fhreagra. 

Is cosúil go ndeachaigh an fhuil go dtí an ceann aige ina dhiaidh sin agus rinné sé iarracht cur síos a dhéanamh ar na fadhbanna, a fheictear dó, atá in Éirinn. 

Rinneadh clúdach nach beag ar an óráid sna meáin agus tharraing an comhrá cuid mhór airde agus suime ó dhaoine ar fud an oileáin ach duine amháin a d’éirigh sáite sa scéal ná fear atá iomráiteach ar na meáin shóisialta, Garron Noone.

An aithne is mó a bhí agamsa ar Garron Noone sular labhair sé faoi McGregor ná gur fear a bhí ann nár labhair fá rud ar bith trom nó dáiríre – gur fear a bhí ann a chleacht greann ar an mhórchuid.

A luaithe a rinne sé cur síos ar McGregor dúradh gur tugadh drochbhail air agus mar gheall air sin gur dhruid sé a chuid cuntas ar na meáin shóisialta. 

Is éard a léiríonn seo domsa ná nach bhfuil spás ann comhrá ceart oscailte a bheith againn faoi ábhair ar na meáin shóisialta. Tá eagla ar dhaoine a dtuairim a nochtadh anois mar go bhfuil daoine amuigh ansin a chaithfeas anuas orthu agus níl sin ceart i ndáiríre.

Tugann na meáin shóisialta ardán duit ach tá deis ag daoine ansin na cosa a bhaint fút

Ar an mhórchuid, ní thugaimse mo thuairim ar na meáin shóisialta. Tá riail á cleachtadh agam leis na cianta agus is é sin gan dul i mbun argóinte le duine ar bith a shílim nach bhfuil sé d’acmhainn acu m’intinn a athrú nó a n-intinn féin a athrú. Feicimse deis foghlama san argóint le daoine a bhfuil meas agus aird agam orthu – ní mar sin atá na meáin shóisialta áfach.

An rud is mó a léiríonn imeachtaí Lá Fhéile Pádraig sa Teach Bán dúinn, agus an toradh a bhí leis an mhéid a tharla le Garron Noone, ná go bhfuil sé i bhfad níos fearr uaireanta gan rud ar bith a rá agus gan dul sa tseans.

Mar a dúirt seanbhean liom lá den tsaol – labhair go beag agus ná habair a dhath. 

Níos mó