Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
meadu-100%-tagtha-ar-an-maoiniu-a-chuireann-an-rialtas-o-dheas-ar-fail-do-na-ceanneagraiochtai-gaeilge

Méadú 100% tagtha ar an maoiniú a chuireann an rialtas ó dheas ar fáil do na ceanneagraíochtaí Gaeilge

| Padraic O Ciardha | ,

Tá dúbailt tagtha le dhá bhliain anuas ar an méid airgid a chuireann an rialtas ó dheas ar fáil go díreach do na ceanneagraíochtaí Gaeilge.

Dúradh go gcuirfidh an rialtas ó dheas €3.6 milliún ar fáil don sé cheanneagraíocht Ghaeilge in 2025, sa bhreis ar an mbunmhaoiniú a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil dóibh. Ardú é sin ón €1.8 milliún a bhronn an Rialtas ar na ceanneagraíochtaí in 2023.

“Ní raibh an maoiniú seo ann 10 mbliana ó shin, agus tá sé sa bhreis ar an mbunmhaoiniú a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil dá chuid ceanneagraíochtaí,” a dúirt an tAire Stáit Charlie McConalogue thar ceann Roinn na Gaeltachta.

Anuraidh, cheadaigh Foras na Gaeilge bunmhaoiniú €4.8 milliún do na ceanneagraíochtaí – Conradh na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Gael Linn, Gaeloideachas, Glór na nGael agus Oireachtas na Gaeilge. Laghdú beag é sin ar an €5 milliún a bhí i gceist deich mbliana ó shin nuair a tugadh isteach córas nua na gceanneagraíochtaí.

Tá ardú mór tagtha ar an maoiniú díreach a chuireann an rialtas ó dheas ar fáil tráth a bhfuil ceist mhór ann faoi mhúnla maoinithe Foras na Gaeilge. Is ar éigean go bhfuil ardú tagtha ar bhuiséad na heagraíochta trasteorann le blianta fada anuas agus tarraingíodh raic ag tús na bliana nuair a d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh ciorruithe forleathana arbh fhiú €800,0000 iad le déanamh ar an maoiniú a chuireann an eagraíocht ar fáil do ghrúpaí timpeall na tíre. Dúradh ag an am gur ar mhaithe le dul i ngleic le bearna i mbuiséad na bliana seo a bhí na ciorruithe sin á ndéanamh.

Bhí grúpaí Gaeilge i mbun agóidíochta lasmuigh de Stormont inné agus beidh siad os comhair Theach Laighean inniu agus iad ag éileamh réiteach fadtéarmach ar dheacrachtaí maoinithe an Fhorais.

Deir Conradh na Gaeilge, atá ag eagrú na n-agóidí, gur céim “shuntasach” atá i gceist agus grúpaí ag iarraidh tógáil ar an maidin stailce a bhí ann an mhí seo caite

“Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh leis an seasamh sin agus an troid a thabhairt díreach chuig an dá Rialtas,” a dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge ó thuaidh agus Cathaoirleach ar an eagraíocht pobail agus óige, Glór na Móna, in iarthar Bhéal Feirste.

“Tá a fhios againn go bhfuil réiteach ar an tábla fríd an bheirt Airí Airgeadais ach gur chuir an DUP bac roimh an mholadh sin seacht n-uaire ar na mallaibh. Níl seo inmharthana agus tá pobal na Gaeilge ar fud na tíre thíos leis na ciorruithe tromchúiseacha seo.”

Deir Ó Muadaigh go leor grúpaí “i gcruachás mór” de dheasca na gciorruithe.

“De réir mar a théann an t-am ar aghaidh beidh níos mó agus níos mó seirbhísí agus scéimeanna pobail á ngearradh siar ar an talamh.

“Sa chás nach féidir linn córas maoinithe Fhoras na Gaeilge a leasú, ní mór don Rialtas ó dheas, agus Airí báúla ó thuaidh, airgead a chur ar fáil díreach chuig grúpaí bealach éigin eile.”

Tá sé tugtha le fios ag an rialtas ó dheas roinnt uaireanta go bhfuil airgead breise ann le dáileadh ar Fhoras na Gaeilge ach gur gá cloí leis an gcóimheas maoinithe a fhágann go dtagann 75% de bhuiséad na heagraíochta ón rialtas ó dheas agus go dtagann an 25% eile ón rialtas ó thuaidh.

Tá múnla maoinithe nua aontaithe ag na ranna airgeadais sa dá dhlínse ach tá bac curtha ag an DUP ar é sin a chur i bhfeidhm.

Tá buiséad na Roinne Pobal ó thuaidh, a chuireann an 25% ar fáil, le haontú an mhí seo chugainn.

Chruinnigh lucht agóide lasmuigh de Stormont maidin inné mar chuid den fheachtas RAIC – ‘Réiteach Anois. Infheistíocht Chothrom’. Ag meán lae inniu, beidh agóid eile lasmuigh de Dháil Éireann, tráth a mbeidh grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta ó dheas i mbun agóide i gcoinne na géarchéime maoinithe thuaidh theas.

Tá an grúpa Tinteán le páirt a ghlacadh san agóid lasmuigh de Theach Laighean chomh maith agus plé le déanamh sa Dáil tráthnóna ar Bhille Údarás na Gaeltachta. Tá Tinteán ag iarraidh go dtabharfaí cumhachtaí breise don Údarás chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht.

Níos mó