Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
nocht-stoirm-eowyn-‘an-easpa-infreastruchtuir’-ata-i-gcois-fharraige

Nocht Stoirm Éowyn ‘an easpa infreastruchtúir’ atá i gCois Fharraige

Tá sé ráite ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar, John Connolly, gur cheart don rialtas athbhreithniú agus fiosrúchán poiblí a dhéanamh faoin gcaoi a ndeachthas i ngleic leis an Stoirm Éowyn a d’fhág fíor-dhrochbhail ar an tír i mí Eanáir na bliana seo.

Bhí Connolly ag labhairt ag cruinniú poiblí a reáchtáil Coiste Gnímh Chois Fharraige in Indreabhán aréir le hiarmhairtí na stoirme a phlé agus tús a chur le “plean gnímh” don cheantar le go mbeifí réidh le haghaidh na chéad éigeandála eile.

Dúirt sé go raibh “ceisteanna le freagairt” ag Met Éireann, ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, ag an mBord Soláthair Leictreachais, agus ag an gcomhlacht cumarsáide Eir, agus gur cheart ionadaithe ó na heagrais sin a chur os comhair Comhchoiste Oireachtais leis na ceisteanna sin a fhreagairt.

Dúirt sé gur cheart “an t-uafás airgid” a chaitheamh san iarthar mar gheall gurb é iarthar na tíre is mó a bheidh thíos leis an athrú aeráide agus gur dócha ná a mhalairt gur in olcas a bheidh stoirmeacha dá sórt ag dul amach anseo.

Bhí tuairim is ceithre scór duine i láthair ag an gcruinniú a bhí ar siúl i Scoil Sailearna aréir agus ochtar polaiteoirí ann, idir theachtaí Dála agus chomhairleoirí contae.

Is iad na polaiteoirí a bhí i láthair na Teachtaí Dála Catherine Connolly (NS), John Connolly (FF) agus Mairéad Farrell (SF) agus na comhairleoirí contae Michael Leainde (II), Tomás Ó Curraoin (SFP), Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (FG), Máirtín Lee (FF) agus Noel Thomas (II).

Dúirt an Teachta Catherine Connolly gur nocht an stoirm an “easpa infreastruchtúir” atá i gCois Fharraige agus nach raibh an plean éigeandála a bhí ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ag “feidhmiú” agus go bhfuil “gá le plean náisiúnta” le pobail a réiteach do chásanna éigeandála. D’aontaigh sí le duine a labhair ón urlár agus a dúirt go gcaithfeadh muintir Chois Fharraige “seasamh le chéile agus brath ar a chéile” in am an ghátair.

Tháinig go leor moltaí ón slua faoi na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh lena chinntiú nach bhfágfaí an pobal ar an trá fholamh a chéad uair eile a thiocfadh stoirm a bheadh chomh láidir céanna leis an Stoirm Éowyn.

Moladh, i measc rudaí eile, go n-aithneofaí láithreacha a d’fhéadfadh feidhmiú mar “mhoil” agus go bhfeisteofaí na hionaid sin le gineadóirí agus le trealamh a d’fhéadfaí a úsáid le cócaráil, níochán agus fearais leictreacha a luchtú. Moladh go mbreathnófaí isteach i gcórais chumarsáide dála Starlink nach gclisfeadh de bharr stoirme agus go socrófaí teagmhálaí speisialta san ESB, in Uisce Éireann, agus i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bheadh in ann a bheith ag plé leis an bpobal.

Dúradh freisin gur cheart go mbeadh socruithe i bhfeidhm le humair uisce a thabhairt isteach sa cheantar nuair a chlisfeadh ar an soláthar uisce agus gur cheart go mbeadh gineadóirí ar fáil leis an mbaol sin a laghdú.

Luadh nárbh iad na daoine daonna amháin a bhí thíos leis an stoirm ach go raibh ainmhithe go mór i mbaol le linn na stoirme agus ina diaidh agus gur cheart go gcuirfí liosta daoine a raibh ainmhithe acu le chéile mar chuid de phlean éigeandála agus go ndéanfaí cinnte go raibh soláthar cuí bia, uisce, agus leighis ar fáil dóibh sin freisin.

Maíodh go raibh “faillí déanta ar Chois Fharraige ag rialtais agus comhairlí le fada” agus go raibh gá le “hathrú ó bhonn” ar infreastruchtúr an cheantair. Thug duine amháin le fios go raibh cuid den phobal fós gan leathanbhanda agus seirbhís fóin sé seachtaine tar éis na stoirme.

Dúirt an Comhairleoir Noel Thomas go raibh “ceachtanna le foghlaim” agus gur léir go raibh “easpa cumarsáide ann idir an chomhairle contae agus na pobail”. Dúirt sé gurb é an rud is tábhachtaí atá le déanamh anois ná mol a aithint sa cheantar agus a chinntiú go bhfuil an foirgneamh sin in ann ceangal le gineadóir. D’inis sé scéal faoi cheantar eile a fuair gineadóir don ionad ach nuair a tháinig an crú ar an tairne nach raibh bealach ar bith ann leis an ngineadóir a cheangal leis agus fágadh díomhaoin é.

Mhol Thomas oibrithe an BSL go hard ach dúirt sé go gcaithfeadh an comhlacht féin breathnú ar na “tosaíochtaí” atá acu maidir le hathcheangal na cumhachta. Mhaígh sé gur bunaithe ar líon na ndaoine atá ina gcónaí i gceantar atá an córas reatha ach gur cheart a thabhairt san áireamh go bhfuil pobail tuaithe ann ina bhfuil daoine atá thar a bheith leochaileach ag maireachtáil agus gur cheart tús áite a thabhairt dóibh sin freisin.

Ní raibh an moladh céanna aige don chomhlacht teileachumarsáide Eir agus dúirt gur bhotún mór é comhlacht príobháideach a dhéanamh de.

“Tá dearmad iomlán déanta ag Eir de Chonamara, agus tá go leor daoine ag brath orthu, ní hamháin le haghaidh na bhfón ach tá aláraim ar thithe nach bhfuil ag obair fós agus tá daoine atá ag obair ón mbaile thíos leis go mór. Cén mhaith a rá gur comhlacht príobháideach iad? Ba é an botún ba mhó a rinneadh ná comhlacht príobháideach a dhéanamh de, b’fhéidir go bhfuil sé in am é a thógáil ar ais,” a dúirt sé.

Dúirt duine eile ón bpobal nár leor a bheith ag smaoineamh ar stoirmeacha a d’fhéadfadh a theacht ach go gcaithfí pleananna éigeandála a cheapadh le haghaidh rudaí eile a d’fhéadfadh a tharlú – tionóiscí móra bóthair agus loscadh sléibhe. Tagraíodh don loscadh mór sléibhe a tharla in 2017 nuair a tháinig lasracha na ndóiteán i ngiorracht scread asail do thithe i gCois Fharraige.

Ag deireadh an chruinnithe dúirt Nuala Ní Chonghaile, ó Choiste Gnímh Chois Fharraige, go gcuirfear na nótaí a tógadh ag an gcruinniú le chéile agus go socrófar cruinniú le hOifigeach Forbartha Tuaithe Chomhairle Chontae na Gaillimhe Eimear Dolan le plean a chur le chéile. Dúirt sí go n-aimseofar moil agus go lorgófar airgead “ón leibhéal náisiúnta” don togra.

Thug ionadaithe ó Chomharchumann Shailearna, ó Thearmann Éanna, agus ó Chomhlacht Forbartha Chois Fharraige le fios go mbeidís sásta obair leis an gCoiste Gnímh leis an obair seo a chur i gcrích.

Níos mó