Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
pa-breise-do-phoilini-datheangacha-in-california

Pá breise do phóilíní dátheangacha in California

Ceadaíodh in Redwood ‘biseach dátheangach’ d’oifigigh shinsearacha sna seirbhísí póilíneachta agus dóiteáin

Pá breise do phóilíní dátheangacha in California

Tabharfar pá breise do cheannasaithe póilíní, ceannasaithe dóiteáin, agus captaein sna póilíní a bhfuil dhá theanga ar a dtoil acu i gcathair Redwood in California sna Stáit Aontaithe.

Ceadaíodh ag cruinniú de chuid chomhairle na cathrach le déanaí ‘biseach dátheangach’ d’oifigigh shinsearacha sna seirbhísí póilíneachta agus dóiteáin. Íocfar an chéad liúntas ar an gcéad lá pá i ndiaidh an 10 Márta 2025 agus beidh sé ar fáil do chainteoirí Spáinnise, Mandairínise, Cantainise, Cóiréise, agus Teanga Chomharthaíochta Mheiriceá.

Íocfar liúntas 2.5% dá mbunphá leis na hoifigigh atá i dteideal an bhisigh dhátheangaigh. Ní íocfar an liúntas ach amháin le daoine a mbraitear go dteastaíonn a scileanna teanga uathu ina gcuid oibre.

Ní mór do bhainisteoir na cathrach gach iarratas ar an liúntas a fhaomhadh agus caithfidh gach iarrthóir scrúdú cainte a dhéanamh a leagfaidh an tOifigeach Foirne amach. Caithfidh an t-oifigeach an marc ‘cumasach’ a fháil sa scrúdú sin. Beidh ar na hoifigigh a fhaigheann an liúntas a n-iarratas a athnuachan gach trí bliana lena chruthú go bhfuil an teanga fós in úsáid acu ina saol oibre.

Íocfar liúntas níos airde le hoifigigh a bhfuil ‘ardscileanna dátheangacha’ acu agus a bhíonn ag plé le cásanna ina mbíonn gá leis an dátheangachas ‘go rialta agus go leanúnach’. Íocfar liúntas 5% dá mbunphá leis na hoifigigh sin a meastar ‘ardscileanna teanga’ a bheith acu.

Ní mór don oifigeach a chuirfidh isteach ar an liúntas ard faomhadh speisialta a fháil ó bhainisteoir na cathrach agus an marc ‘líofa’ a bhaint amach sa scrúdú cainte.

Beidh ar oifigigh a ghlacann leis an liúntas breise a bheith ar fáil le seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta a chur ar fáil don tseirbhís póilíneachta nó dóiteáin “ar fud na cathrach” agus a bheith ar fáil le labhairt leis na meáin chumarsáide ina dteanga bhreise.

Luaitear sa cháipéis eolais faoin liúntas nua go mb’fhéidir go mbeadh ar na hoifigigh dhátheangacha a bheith páirteach in “oibríochtaí idirghabhála leis an gcumarsáid dhátheangach a chur chun cinn leis an bpobal agus le heagraíochtaí”.

Táthar ag súil go mbeidh na hoifigigh dhátheangacha ar fáil freisin le páirt a ghlacadh i bhfiosrúcháin ina mbeidh tuiscint ar theangacha difriúla ag teastáil.

Ní bheidh aon riachtanas ann go mbeadh an dara teanga ag duine le ról sinsearach a fháil sna seirbhísí póilíneachta ná dóiteáin agus ní chuirfear iachall ar dhaoine atá sna róil sin cheana féin an dara teanga a fhoghlaim.

Íocfar liúntas 7.5% dá mbunphá le hoifigigh a bhfuil níos mó ná teanga amháin bhreise acu a fhad is atá an tríú teanga sin i measc na dteangacha a shonraítear sa cháipéis eolais. Ní íocfar liúntas níos airde ná 7.5% le duine a bhfuil níos mó ná trí theanga aige.

Ag tús na míosa seo d’fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump go ndéanfaí teanga oifigiúil den Bhéarla sna Stáit Aontaithe agus nach mbeadh stádas oifigiúil ag teanga ar bith eile sa tír.

“To promote unity, cultivate a shared American culture for all citizens, ensure consistency in government operations, and create a pathway to civic engagement, it is in America’s best interest for the Federal Government to designate one — and only one — official language.  Establishing English as the official language will not only streamline communication but also reinforce shared national values, and create a more cohesive and efficient society,” a dúradh san Fhorordú Feidhmeach a d’eisigh Trump ar an 1 Márta.

Níos mó