Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
taraifi-dioltais-fogartha-ag-an-aontas-eorpach-agus-ag-gearu-ar-chath-tradala-trump

Taraifí díoltais fógartha ag an Aontas Eorpach agus ag géarú ar chath trádála Trump

| Tuairisc.ie | ,

Meastar go ndéanfaidh an Taoiseach Micheál Martin plé ag a chruinniú le Donald Trump sa Teach Bán inniu ar na taraifí atá le gearradh ag an Aontas Eorpach ar tháirgí as Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá sé fógartha ag an Aontas Eorpach go gcuirfear na taraifí i bhfeidhm ar €26 billiún de tháirgí. Tá na taraifí le cur i bhfeidhm mar dhíoltas ar na taraifí domhanda atá tugtha isteach ag Donald Trump ar chruach agus alúmanam.

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula Von der Leyen gur údar mór aiféala don choimisiúin go mbeidh na taraifí á gcur i bhfeidhm acu. Cháin sí taraifí Trump mar “bac gan chúis ar an dtrádáil”.

“Mar a chéile taraifí agus cánacha. Ní maith iad don ghnó, agus is measa iad don tomhaltóir. Tá na taraifí seo ag cur as do shlabhraí soláthair. Cothaíonn siad éiginnteacht sa gheilleagar,” arsa Von der Leyen.

“Ní foláir don Aontas Eorpach beart a dhéanamh chun tomhaltóirí agus gnóanna a chosaint. Freagra láidir ach cuí atá á thabhairt inniu againn.”

Deir Coimisiún na hEorpa go gcuirfear tús athuair ar an 1 Aibreáin le taraifí a bhíodh i bhfeidhm nuair a bhí Trump ina uachtarán den chéad uair agus go dtabharfar isteach pacáiste nua taraifí ar an 13 Aibreáin.

Dúirt Ursula von der Leyen go raibh tús á chur ag an gcoimisinéir trádála Maros Sefcovic le Stáit Aontaithe Mheiriceá féachaint an bhféadfaí teacht ar réiteach eile idir an dá linn.

Fágann taraifí Trump, a tháinig i bhfeidhm thar oíche, go mbeidh ar ghnóanna i Meiriceá atá ag iarraidh cruach nó alúmanam a thabhairt isteach sa tír taraif 25% a íoc.

Dar le Trump go gcuirfidh na taraifí borradh faoi tháirgeadh na cruaiche agus an alúmanaim i Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach deir lucht a cháinte gurb amhlaidh gurb é an pobal agus an fás eacnamaíochta a bheidh thíos leis an gcogadh trádála.

Tá sé fógartha ag an tSín agus Ceanada chomh maith go seasfaidh siad an fód in aghaidh tharaifí Trump.

Díreoidh na taraifí atá beartaithe ag an Aontas Eorpach ar isteach is amach le €18 billiún de tháirgí.

Ar na táirgí sin, tá cruach, alúmanam, earraí talmhaíochta, earraí plaisteacha, teicstílí, The proposed target products include industrial and agricultural products, such as steel and aluminium, fearais tí, earraí déiríochta, siúcra agus glasraí.

Cuirfidh an tAontas Eorpach deireadh chomh maith leis an sos ar tharaifí amhail jíons, gluaisrothair Harley-Davidson agus uisce beatha bourbon.

Ar na hábhair eile a shíltear a bheidh á bplé ag an Taoiseach sa Teach Bán tráthnóna, tá an margadh faoi shos cogaidh tríocha lá san Úcráin, margadh a bhfuil glactha ag an Úcráin leis.

Deir Donald Trump go bhfuil súil aige go nglacfaidh uachtarán na Rúise Vladimir Putin chomh maith leis an margadh a rinne lucht idirbheartaíochta Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na hÚcráine.

Bheadh sé ar an gcéad sos cogaidh ó chuir Putin tús lena mhórionradh ar an Úcráin in 2022.

Beidh cruinniú ag an Taoiseach Micheál Martin agus Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, inniu sa Teach Bán.

Meastar go mbeidh ar an Taoiseach láimhseáil chúramach a dhéanamh ar an gcruinniú le Trump, a bhfuil cáil an iompair ghuagaigh air.

Dúirt Micheál Martin gurb é an rud is mó a theastaíonn uaidh féin ó chruinniú traidisiúnta seo na Féile Pádraig ná caidreamh eacnamaíochta na tíre seo leis na Stáit Aontaithe a “dhaingniú”.

Tá ráite ag an Taoiseach go ndéarfaidh sé leis an Uachtarán Trump go ndéantar an infheistíocht “an dá bhealach” idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe.

Tá sé ina imní go dtarraingeoidh Trump anuas an neamhchothroime atá sa trádáil idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe ag cruinniú an lae inniu.

Níos mó