Deir Foras na Gaeilge gur soláthar cuí acmhainní a fháil an dúshlán is mó atá ag an eagraíocht agus go bhfuil géarghá le plean fadtéarmach maoinithe a aontú leis na rialtais ó thuaidh agus ó dheas.
Sa phlean straitéiseach cúig bliana nua, atá foilsithe inniu, deirtear go bhfuil easpa maoinithe ag cur as go mór d’obair na heagraíochta trasteorann agus go bhfuiltear ag iarraidh oibriú leis na ranna cuí sa dá dhlínse chun réiteach a fháil.
D’fhógair an rialtas ó dheas an tseachtain seo caite go raibh breis is €600,000 le tabhairt don bhForas le cabhrú le deacrachtaí maoinithe na heagraíochta. D’fhógair Foras na Gaeilge ag tús na bliana go raibh ciorruithe suntasacha le déanamh ina mbuiséad do 2025 toisc go raibh bearna os cionn €800,000 le líonadh.
Sa bplean straitéiseach nua, deir an Foras go bhfuiltear ag iarraidh réiteach fadtéarmach a fháil ar na deacrachtaí maoinithe.
“Táimid ag iarraidh go dtabharfar aghaidh ar na dúshláin a bhain go dtí seo le croímhaoiniú Fhoras na Gaeilge agus go gcuirfear struchtúr níos inmharthana agus níos éifeachtaí i bhfeidhm sna blianta seo romhainn,” a deirtear sa bplean. “25 bliain is fiche tar éis bhunú Fhoras na Gaeilge, is mithid athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr inmheánach na heagraíochta féachaint an bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm sa tréimhse 2025-2030.”
Deirtear go bhfuil titim 45% tagtha ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ó 2008, “laghdú a bhfuil tionchar díobhálach aige orainn féin agus ar earnáil na Gaeilge ar fad”.
Tá easpa acmhainní ag cur srian le feidhmiú éifeachtach polasaithe i leith na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas le breis is deich mbliana anuas, a deirtear. Deirtear go bhfuil sé dodhéanta ag an bhForas, ag na Ceanneagraíochtaí agus ag grúpaí Gaeilge eile pleanáil mheántéarmach nó fhadtéarmach a dhéanamh dá bharr.
“Is é seo an dúshlán is mó atá againn mar eagraíocht agus táimid diongbháilte sa tréimhse straitéise nua go n-oibreoimid ag an leibhéal is airde leis an dá Rialtas chun plean fadtéarmach inbhuanaithe maoinithe a aontú.”
Faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, tagann 75% de mhaoiniú an Fhorais ón rialtas ó dheas agus tagann 25% ón rialtas ó thuaidh. Rinneadh ciorrú ar bhuiséad na heagraíochta aimsir na géarchéime airgeadais agus cé go bhfuil sé tugtha le fios ag an rialtas ó dheas go raibh airgead breise ar fáil le tabhairt don bhForas, d’fhág cúrsaí polaitiúla ó thuaidh nach bhféadfaí an croímhaoiniú a ardú agus cloí leis an gcóimheas.
Bhronn an rialtas ó dheas maoiniú imfhálaithe gearrthéarmach ar an bhForas le blianta beaga anuas chun an deacracht leis an struchtúr maoinithe a shárú, ach deir an Foras nach “cur chuige inbhuanaithe airgeadais é sin.”
Faoi mhúnla atá aontaithe ag na ranna airgeadais sa dá dhlínse, ní bheadh gá cloí leis an gcóimheas maoinithe, ach tá bac curtha ag an DUP ar an múnla nua sin a chur i bhfeidhm.
Mar chuid den éileamh ar struchtúr inbhuanaithe maoinithe, deir an Foras go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúr na heagraíochta. Deirtear go mbeidh sé d’aidhm an athbhreithnithe sin “struchtúr leasaithe a aontú a dhéanfaidh feidhmeanna agus freagrachtaí barrthábhachtacha na heagraíochta agus na foirne bainistíochta a shoiléiriú” chun cinntiú go bhfuil an eagraíocht ag obair go héifeachtach.
Tá sé i gceist ag an bhForas freisin “múnla nua a fhorbairt chun dul i bhfeidhm mar phríomheagraíocht na Gaeilge ar bhealach níos comhordaithe” ar na ranna rialtais sa dá dhlínse.
Dúradh cheana go raibh todhchaí Fhoras na Gaeilge i mbaol toisc go bhfágann easpa maoinithe nach bhfuil an eagraíocht in ann feidhmiú mar is ceart.