Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-beart-deanta-ar-deireadh-ag-merz,-ach-tus-agus-moramh-lag-aige

An beart déanta ar deireadh ag Merz, ach tús agus móramh lag aige

Más fíor gur tús maith leath na hoibre, ní fhéadfaí a rá go bhfuil tús maith curtha ag Friedrich Merz lena chuid oibre mar Sheansailéir Phoblacht Fheidearálach na Gearmáine. Den chéad uair i stair iarchogaidh na tíre, theip ar iarrthóir “móramh an tSeansailéara” a bhaint amach ar a chéad iarracht. Agus ba iad a chomhghleacaithe i bpáirtithe an Rialtais ba chúis leis sin.

Tá 328 teachta ag an CDU/CSU agus an SPD sa Bundestag. Bhí 316 vóta de dhíth ar Merz maidin Dé Máirt le go dtoghfaí é – ní bhfuair sé ach 310. Ciallaíonn sé sin nár chaith 18 feisire parlaiminte ar thaobh an rialtais vóta ar a shon. Cérbh iad? Níl a fhios againn, toisc gur ballóid rúnda a bhí ann.

D’fhéadadh gur cuid d’eite dheis an CDU a bhí i gceist, ag léiriú a míshástacht faoi choscán na bhfiach i mBunreacht na Gearmáine a bheith á scaoileadh ag an rialtas nua, nó b’fhéidir gur eite chlé an SPD a bhí i gceist, dream a bhí thar a bheith cáinteach faoi naimhdeas follasach Merz ina gcoinne sa bhfeachtas olltoghchán.

Níor mhaith siad dó go fóill ach oiread gur oscail sé ‘geataí Ifrinn’ nuair a ghlac sé le vótaí an AfD, atá ar an eite fhíordheis, chun rún frith-imirce an CDU a chur chun tosaigh sa sean-Bundestag.

B’fhéidir nach raibh i gceist ach go raibh daoine nach bhfuil poist i ndán dóibh sa rialtas nua ag iarraidh a míshástacht a chur in iúl. Tá chuile sheans ann nárbh mhian ag na reibiliúnaigh go dteipfeadh ar Merz sa chéad bhabhta vótála, nár theastaigh uathu ach cuid den ghradam a bhaint de agus gur timpiste é go raibh níos mó acu ann ná mar a cheapadar.

Ba léir nach raibh aon duine ag súil leis i ndáiríre go dteipfeadh ar Merz sa chéad vóta. Ní raibh barúil ag na saineolaithe céard a tharlódh ina dhiaidh. Vóta eile, iarrthóir eile, olltoghchán eile? Chuaigh na dlíodóirí i mbun comhairle. Bhí sé soiléir go gcaithfí vóta eile a reáchtáil taobh istigh de choicís, ach an bhféadfaí é a dhéanamh arís an lá sin, nó an lá dár gcionn, Dé Céadaoin, nó Déardaoin? Dúirt ionadaithe ón CDU leis na meáin go gcaithfí fanacht, reáchtáladh cruinnithe ar fud an Bundestag chun bealach chun tosaigh a aimsiú.

Bhí iriseoirí ag dul thart ag lorg daoine a labhródh leo. Rinne ARD athchraoladh ar phacáiste faoi ‘bhóthar Merz chuig oifig an tSeansailéara’, cinneadh a chuir an chuma ar an scéal go raibh fógra báis réamhthaifeadta á chraoladh róluath acu trí thimpiste.

Ansin, go gairid théis am lóin fuarthas an scéal go dtiocfadh an Bundestag le chéile arís ag 15.15pm chun triail eile a bhaint as. Bhí na Glasaigh agus an Páirtí Clé sásta tacú le rún a cheadódh iarracht eile, agus sa deireadh thacaigh fiú an AfD leis sin. Uair a’ chloig níos déanaí d’fhógair Julia Klöckner, Uachtarán an Bundestag, an toradh: 325 vóta i bhfabhar Merz, móramh naonúir.

“A Frau Uachtaráin, gabhaim buíochas as ucht an mhuinín a léiríodh ionam, agus glacaim le mo thoghadh,” arsa Merz, le faoiseamh.

Is léir tar éis gheit an lae inné nach bhfuil smacht iomlán ag aoirí an CDU/CSU agus an SPD ar a gcuid páirtithe parlaiminte. Tá sé soiléir freisin gur móramh éiginnte atá ag an rialtais nua. Bhí an t-olltoghchán luath, an margadh comhrialtais agus pleananna infheistíochta móra an rialtais nua in ainm is deireadh a chur le leathbhliain gan rialtas éifeachtach. Léireofaí don domhan mór go bhfuil an geilleagar is mó san Eoraip in inmhe déileáil le dúshláin na linne – ainriail Trump, bagairt slándála na Rúise, agus easnaimh infreastruchtúir na Gearmáine féin.

Anois tá a lán cinntí deacra le déanamh, agus móramh ag an rialtas nach seasfaidh an iomarca reibiliúnach. Tá an AfD, a fuair 20.8% san olltoghchán ach atá ag 24.4% sna pobalbhreitheanna cheana féin, ag tuar ‘bás mall’ an rialtais agus ag éileamh olltoghcháin luath eile.

Mura n-éiríonn le ‘pílear deireanach an Daonlathais’, mar a thug Ceannaire an CSU, Markus Soder, ar an rialtas nua, dul i ngleic le fadhbanna na Gearmáine agus dul chun cinn a dhéanamh maidir lena réiteach, tá chuile sheans go leanfaidh fás an AfD chuig an bpointe nach mbeifear ábalta iad a choinneáil ó thairseach na cumhachta ag an leibhéal feidearálach in 2029, tráth a reáchtálfar an chéad olltoghchán eile, mura gcliseann ar an gcomhrialtas roimhe sin.

Tá Merz ina Sheansailéir anois, ach b’fhéidir, mar a dúirt an Sueddeutsche Zeitung in eagarfhocal maidin inniu, go léiríonn tús lag an lae inné go bhfuil púdar an philéir tais.

Níos mó