Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-rialtas-ag-suil-go-bhfeicfear-‘tairbhe-na-hoibre’-ata-deanta-ar-threoirlinte-gaeltachta,-ach-ni-fios-cen-uair

An rialtas ag súil go bhfeicfear ‘tairbhe na hoibre’ atá déanta ar threoirlínte Gaeltachta, ach ní fios cén uair

Deir an Rialtas go bhfoilseofar ‘chomh luath agus is féidir’ na treoirlínte pleanála teanga don Ghaeltacht a gealladh beagnach ceithre bliana ó shin

An rialtas ag súil go bhfeicfear ‘tairbhe na hoibre’ atá déanta ar threoirlínte Gaeltachta, ach ní fios cén uair

Deir an rialtas go mbeidh “tairbhe na hoibre” atá déanta ar na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht le feiceáil nuair a fhoilseofar iad, ach ní fios go fóill cén uair a chuirfear os comhair an phobail iad.

Bhí na treoirlínte, a bheartaigh an t-iar-aire tithíochta Darragh O’Brien, le foilsiú ar dtús roimh dheireadh 2021 ach níl aon radharc orthu ó shin agus chuile sprioc a leagadh síos dóibh sáraithe.

Is beag seans go mbeidh na treoirlínte réidh le cur i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana seo agus comhairliúchán poiblí le reáchtáil ina dtaobh chomh maith.

Mar fhreagra ar cheist Dála ón Teachta Conor D McGuinness ó Shinn Féin, dúradh go raibh na dréacht-treoirlínte fós “á n-ullmhú” ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhar le Roinn na Gaeltachta agus go ndéanfaí iad a fhoilsiú “chomh luath agus is féidir”.

Ag deireadh 2023, mhaígh an t-aire tithíochta go raibh obair a roinne ar na treoirlínte curtha i gcrích agus go rabhthas ag fanacht ar Roinn na Gaeltachta, ach dúirt an t-iar-aire stáit Patrick O’Donovan a mhalairt go luath ina dhiaidh sin.

Tá na ranna ar aon fhocal faoi fhorbairt na dtreoirlínte ó shin, áfach, agus an dá dhream ag maíomh go bhfuil an obair fós ag dul ar aghaidh.

“Le roinnt blianta anuas tá an-chuid teagmháil leanúnach idir mo Roinn féin agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le pleanáil sa Ghaeltacht, nithe a bhaineann le soláthar tithíochta i gceantair Ghaeltachta ina measc,” a dúirt an tAire Stáit, Charlie McConalogue, a bhí ag freagairt thar ceann Roinn na Gaeltachta, sa bhfreagra a cuireadh ar fáil don Teachta Conor D McGuinness, urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin.

“Cé nach bhfuil na treoirlínte foilsithe go fóill is léir go bhfuil dul chun cinn déanta ar an gceist seo agus beidh tairbhe na hoibre sin le feiceáil nuair a fhoilsítear na treoirlínte.”

Dúirt McConalogue gur i mí an Mhárta a bhí an cruinniú is déanaí de ghrúpa oibre a bhunaigh na ranna tithíochta agus Gaeltachta chun tabhairt faoi fheabhas a chur ar an phróiseas pleanála sa nGaeltacht.

Ba í an sprioc dheireanach a luadh le foilsiú na dtreoirlínte ná deireadh mhí an Mhárta 2024 ach d’imigh an sprioc sin gan aon sprioc nua a bheith tugtha ina háit. Tá foilsiú na dtreoirlínte luaite sa gclár rialtais a aontaíodh ag tús na bliana seo ach níl aon dáta luaite.

Dúirt an Teachta Conor D McGuinness le gairid go raibh teaghlaigh óga ag imeacht ón nGaeltacht toisc nach raibh siad in ann tithe a fháil ina gceantar dúchais.

Níos mó