Ní bheidh aon srianta snámha i bhfeidhm ar thrá aitheanta Ghaeltachta an samhradh seo agus é fógartha ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) go bhfuil an caighdeán uisce uirthi feabhsaithe.
Thug an EPA rabhadh do dhaoine anuraidh gan dul ag snámh ar Thrá na mBan ar an Spidéal mar gheall ar dhroch-chaighdeán an uisce ach deirtear go léiríonn na tástálacha is déanaí go bhfuil caighdeán uisce den scoth ann.
Deirtear sa tuarascáil is déanaí ar uisce snámha ar thránna ar fud na tíre, Bathing Water Quality in Ireland, 2024, go raibh toradh ‘den scoth’ faighte i gcás gach ceann de na tástálacha a rinneadh ar an uisce ar Thrá na mBan anuraidh.
Ina ainneoin sin, níl Trá na mBan rangaithe i measc na dtránna a bhfuil uisce snámha ar chaighdeán den scoth iontu sa tuarascáil nua. Bíonn torthaí thar thréimhse ceithre bliana san áireamh sa rangú.
Tá Trá na mBan curtha i gcatagóir shealadach, ‘Athraithe’, mar léiriú ar bheartais ar leith atá curtha i bhfeidhm chun caighdeán an uisce ansin a fheabhsú. Deir an EPA go leanfar leis na tástálacha ar chaighdeán an uisce agus go dtabharfar rangú nua an bhliain seo chugainn.
Tá ionad cóireála fuíolluisce nua tógtha ag Uisce Éireann ar an Spidéal chun dul i ngleic le fadhb an truaillithe uisce agus an t-ionad ag feidhmiú ó dheireadh 2023. ‘Droch-chaighdeán’ uisce a bhí ag an trá i dtuarascálacha 2022 agus 2023 agus rabhadh tugtha do dhaoine gan dul ag snámh ansin.
Bhí uisce ar chaighdeán den scoth ar gach trá Ghaeltachta atá luaite sa tuarascáil nua, an trá ag Céibh an Spidéil ina measc. 21 trá Ghaeltachta ar fad atá luaite, i nGaillimh, Dún na nGall, Ciarraí agus Maigh Eo.
Chomh maith leis an 21 trá Ghaeltachta a ndearnadh tástáil orthu ó thaobh chaighdeán an uisce snámha, luaitear sa tuarascáil naoi dtrá eile sa Ghaeltacht nach dtagann faoi na rialacha maidir le huisce snámha, péire i gCiarraí, ceann i gCorcaigh, trí cinn i nGaillimh agus trí cinn eile i Maigh Eo. Bhain gach ceann acusan ‘caighdeán den scoth’ amach.
San iomlán, rinneadh tástáil ar 151 trá in Éirinn anuraidh, trí cinn níos mó ná mar a bhí i dtuarascáil na bliana seo caite. D’éirigh le 96% de na tránna an bunchaighdeán uisce (‘sásúil’) a bhaint amach. Bhain 122 acu (81%) an stádas ‘caighdeán den scoth’ amach, an líon is mó riamh.
Bhí Trá na mBan i mBun Cranncha i nDún na nGall agus Dumhach Thrá i mBaile Átha Cliath ar an t-aon dá thrá sa tír a raibh droch-chaighdeán uisce iontu.
Cúrsaí talmhaíochta, fuíolluisce agus madraí ag salú ar thránna na príomhrudaí a raibh tionchar acu ar chaighdeán an uisce snámha.
Is féidir an t-eolas is déanaí maidir le caighdeán an uisce snámha agus aon rabhadh a fháil ag www.beaches.ie.
Tránna Gaeltachta a luaitear sa tuarascáil
Ciarraí |
|
---|---|
Fionntrá |
Caighdeán den scoth |
Baile an Sceilg |
Caighdeán den scoth |
Dún na nGall |
|
Baile Thiarnáin |
Caighdeán den scoth |
An Charraig Fhinn |
Caighdeán den scoth |
Na Dúnaibh |
Caighdeán den scoth |
Droim na Tine |
Caighdeán den scoth |
Trá Phort Arthur |
Caighdeán maith |
Dumhaigh |
Caighdeán den scoth |
Machaire Rabhartaigh |
Caighdeán den scoth |
Gaillimh |
|
Trá na bhForbacha |
Caighdeán den scoth |
Trá na mBan, An Spidéal |
Athraithe |
Céibh an Spidéil |
Caighdeán den scoth |
An Trá Mhór, Coill Rua |
Caighdeán den scoth |
Trá an Dóilín, An Cheathrú Rua |
Caighdeán den scoth |
Trá Chaladh Fhínse |
Caighdeán den scoth |
Cill Mhuirbhigh, Inis Mór |
Caighdeán den scoth |
Trá Inis Oírr |
Caighdeán den scoth |
Maigh Eo |
|
Dumha Éige, Acaill |
Caighdeán den scoth |
Cuan Oilí |
Caighdeán den scoth |
An Mallach Rua |
Caighdeán den scoth |
Barr na Rinne |
Caighdeán den scoth |
Tránna eile |
|
Béal Bán (Ciarraí) |
Caighdeán den scoth |
An Rinn Rua (Ciarraí) |
Caighdeán den scoth |
Trá na gCaorach, Inis Oírr (Gaillimh) |
Caighdeán den scoth |
An Trá Mhór, Garmna (Gaillimh) |
Caighdeán den scoth |
Trá na Reilige, An Cheathrú Rua (Gaillimh) |
Caighdeán den scoth |
An Chrois, Iorras (Maigh Eo) |
Caighdeán den scoth |
An Tearmann, Iorras (Maigh Eo) |
Caighdeán den scoth |
An tSraith, Iorras (Maigh Eo) |
Caighdeán den scoth |
Oileán Chléire (Corcaigh) |
Caighdeán den scoth |