Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Business Supports for the Irish Language
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
laghdu-ar-an-luasteorainn-lasmuigh-de-scoileanna-chois-fharraige-a-eileamh,-tuismitheoiri-agus-paisti-ag-dul-i-mbun-agoide-aris

Laghdú ar an luasteorainn lasmuigh de scoileanna Chois Fharraige á éileamh, tuismitheoirí agus páistí ag dul i mbun agóide arís

| Tuairisc.ie | ,

Ghlac na céadta páirt in agóidífaoi bhóthar an R336 an mhí seo caite agus tá sé i gceist dul i mbun léirsithe arís

Laghdú ar an luasteorainn lasmuigh de scoileanna Chois Fharraige á éileamh, tuismitheoirí agus páistí ag dul i mbun agóide arís

Tá tuismitheoirí agus páistí ó Chois Fharraige le dul i mbun agóide arís an tseachtain seo chugainn agus iad ag iarraidh go ndéanfaí an bóthar sa gceantar níos sábháilte do pháistí scoile.

Ghlac na céadta páirt in agóidí i mBearna, sna Forbacha, ar an Spidéal agus in Indreabhán an mhí seo caite agus tá sé i gceist dul i mbun léirsithe arís agus lucht agóide ag iarraidh go ndéanfaí gníomh chun an bóthar áitiúil, an R336, a dhéanamh níos sábháilte.

I litir a chur Comhlacht Forbartha an Spidéil chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe agus chuig Teachtaí Dála agus Comhairleoirí Contae áitiúla le gairid, deirtear go bhfuil géarghá le beartais a dhéanfaidh an trácht a théann thar na scoileanna i gCois Fharraige a mhoilliú.

Maítear sa litir go mbíonn suas le 4,000 feithicil ag taisteal trí shráidbhaile an Spidéil chuile lá, idir charranna, leoraithe agus bhusanna. Deirtear go raibh cúig thimpiste ar an mbóthar gar don scoil le cúpla mí anuas, péire acu thart ar an am a mbeadh páistí ag dul chun na scoile.

Tá iarratas déanta cheana ag an gcomhlacht forbartha ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun an luasteorainn trí shráidbhaile an Spidéil, mar a bhfuil an bhunscoil áitiúil, a laghdú ó 50km san uair go dtí 30km san uair.

Chomh maith le laghdú ar an luasteorainn, tá iarrtha freisin go gcuirfí trasrianta coisithe agus slite rothair ar fáil chun freastal ar bhunscoileanna Chois Fharraige.

Baileoidh grúpaí lasmuigh de na scoileanna i mBearna, sna Forbacha, ar an Spidéal agus in Indreabhán roimh thús na scoile maidin Dé Luain.

Deir an lucht feachtais go bhfuil an scéal pléite acu le polaiteoirí agus leis an gComhairle Contae le roinnt blianta anuas ach nach bhfuil dul chun cinn sásúil déanta.

Dúirt Catherine Connolly, Teachta Dála Neamhspleách do Ghaillimh Thiar, gur bhuail sí le hoifigigh ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus leis an Údarás Náisiúnta Iompair le gairid ach gur bheag tuiscint a bhí ann ar thábhacht na ceiste.

“D’éist siad go cúramach ach ní raibh aon tuiscint ann cé chomh práinneach is atá sé rud a dhéanamh,” a dúirt sí.

Níos mó