Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • > 4 Bliain
  • Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht

Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht


Aithnítear go forleathan dlúthcheangal a bheith idir cumas duine chun teanga a labhairt agus líon na ndeiseanna a bhíonn aige chun an teanga sin a chloisteáil agus a labhairt. Ar an ábhar sin ba chóir gurbh í príomhaidhm tuismitheoirí, atá ag tógáil páiste le Gaeilge, gach deis a thabhairt dó Gaeilge a chloisteáil, agus Gaeilge a labhairt. Agus ar an ábhar go bhfuil teorainn leis na deiseanna a bhíonn ag páiste Gaeilge a chloisteáil agus a labhairt creideann Comhluadar gurb é an bealach is fearr chun clann a thógáil le Gaeilge ná Gaeilge a bheith á labhairt leis na páistí ag na tuismitheoirí an t-am ar fad. Is féidir cur leis seo trí:

  • Gaolta agus cairde a bhfuil Gaeilge acu a spreagadh le Gaeilge a labhairt leis na páistí.
  • Úsáid a bhaint, a oiread agus is féidir, as cláir raidió, cláir theilifíse, leabhair, físeáin, ceol srl. atá ar fáil i nGaeilge.
  • Cur ar chumas na bpáistí Gaeilge a úsáid agus a chloisteáil taobh amuigh den teaghlach, mar shampla trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge, trí chuairt a thabhairt ar an nGaeltacht srl.

Ní bhíonn na deiseanna céanna ag gach teaghlach. I gcásanna áirithe ní bhíonn Gaeilge ach ag tuismitheoir amháin, i gcásanna eile ní bhíonn ann ach tuismitheoir amháin, agus tá teaghlaigh ann nach mbíonn daoine le Gaeilge i gcaidreamh leo ach go hannamh. Mar sin is gá breathnú ar na roghanna éagsúla atá ar fáil agus ceann a roghnú a thugann an deis is fearr don pháiste s’agatsa Gaeilge a chloisteáil agus a labhairt.

Ar an ábhar gur mór an méid Béarla a chloisfidh an páiste agus a labhróidh sé de réir mar a fhásann sé, is inmholta an oiread Gaeilge agus is féidir a labhairt leis sna blianta tosaigh. Ón lá a thagann páiste ar an saol bíonn sé ag éisteacht le fuaimeanna agus ag sealbhú teanga. Is fiú do thuismitheoirí a chinntiú ón tús go mbíonn cláir Ghaeilge ar siúl ar an raidió agus ar an teilifís, téipeanna Gaeilge á seinm sa ghluaisteán agus thar gach rud eile Gaeilge á labhairt acu leis an bpáiste ón chéad lá.

Nuair is nós le duine teanga ar leith a labhairt le daoine áirithe, fiú le páistí, is deacair an nósmhaireacht sin a athrú. Dá bhrí sin is fusa nós labhartha na Gaeilge mar phríomhtheanga theaghlaigh a bhuanú má labhraítear Gaeilge leis an bpáiste ón tús. Chuige seo is fiú an cinneadh maidir le teanga labhartha an teaghlaigh a bheith déanta sula saolaítear an chéad pháiste más féidir, agus eolas a bheith ag na tuismitheoirí ar an bhfoclóir agus ar an téarmaíocht nua a bheidh ag teastáil nuair a bheidh páiste nua sa teach.

Factóirí eile…

Is féidir páistí a thógáil le Gaeilge nuair nach mbíonn Gaeilge ag an mbeirt thuismitheoirí ach an straitéis cheart teanga a aimsiú. Deich faoin gcéad de na teaghlaigh atá cláraithe le Comhluadar, is teaghlaigh iad ina bhfuil Gaeilge ag tuismitheoir amháin agus Béarla nó teanga eile á labhairt ag an tuismitheoir eile leis na páistí. (Tá cúpla teaghlach ann inar shealbhaigh na páistí dhá theanga óna dtuismitheoirí agus an tríú teanga lasmuigh den teach).

Is é an socrú is fearr go labhródh tuismitheoir le Gaeilge an teanga sin amháin leis an bpáiste. Is gá don tuismitheoir seo a bheith diongbháilte faoi agus cloí leis an nGaeilge an t-am ar fad. Chomh maith leis sin is gá dó/di oiread ama agus is féidir a chaitheamh ag caint agus ag spraoi leis an bpáiste agus ag léamh dó. Ná déan dearmad – dá mhéad Gaeilge dá gcloiseann an páiste is amhlaidh is fearr a bheidh sé ábalta í a shealbhú, a úsáid agus a ionramháil. 

Tá sé tábhachtach freisin tacaíocht na beirte tuismitheoirí a bheith leis an gcinneadh na páistí a thógáil le Gaeilge. Tá sé riachtanach an tuismitheoir atá gan Ghaeilge a bheith ar a shuaimhneas leis an gcinneadh agus sásta tacú leis. D’fhéadfadh sé tacaíocht a thabhairt trí bheith dearfach faoin Ghaeilge i gcónaí, trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge leis na páistí, breathnú ar chláir theilifíse Gaeilge leo, agus iad a spreagadh chun Gaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir leo. B’fhiú go mór, dá mb’fhéidir, don tuismitheoir atá ar bheagán Gaeilge freastal ar rang Gaeilge agus iarracht a dhéanamh í a fhoghlaim i dteannta an pháiste. 
 
D’fhéadfadh sé a dhóthain Ghaeilge a fhoghlaim chun an chaint idir an tuismitheoir eile agus an páiste a thuiscint agus comhráite simplí a bheith aige leis an bpáiste. Dá mb’fhéidir, b’inmholta é beagán Gaeilge a bheith in úsáid idir na tuismitheoirí ag amanna rialta nuair a bhíonn an páiste i láthair. D’fheadfaí nós a thosú mar shampla gan ach Gaeilge a labhairt ag am dinnéir.
 
Nuair is gá an páiste a fhágáil faoi chúram feighlí ba chóir tréaniarracht a dhéanamh feighlí linbh le Gaeilge a fháil agus a mhíniú dó/di gur mhian leat go labhródh sé/sí Gaeilge leis an bpáiste i gcónaí. Faoi láthair, áfach, tá sé an­deacair teacht ar fheighlithe linbh le Gaeilge agus chuile sheans go mbeidh ort dul i muinín feighlí linbh nó naíolainne gan Ghaeilge.
 
Sa chás seo b’fhiú a chur in iúl don fheighlí, nó do stiúrthóir na naíolainne, gurb í an Ghaeilge teanga bhaile an pháiste agus iarraidh air/uirthi an oiread Gaeilge agus is féidir a úsáid i rith an lae. D’fhéadfá, mar shampla, físeáin, nó caiséid Ghaeilge a fhágáil ag an bhfeighlí le seinm don pháiste nó leabhair Ghaeilge le léamh dó. Cuir ina luí ar an bhfeighlí gur cheart iarrachtaí an pháiste chun Gaeilge a labhairt a mholadh seachas iad a cháineadh nó magadh a dhéanamh fúthu.

Mura mbíonn páiste i dtimpeallacht Ghaeilge i rith an lae ní mór iarracht bhreise a dhéanamh chun an oiread Gaeilge agus is féidir a labhairt leis nuair a bhíonn sé sa bhaile. Féach chuige go mbíonn ar a laghad uair a chloig ann chun súgradh leis an bpáiste, scéal a insint dó nó gníomhaíocht éigin a dhéanamh i bpáirt leis. Agus tú féin i mbun obair an tí, nó ag déanamh rud éigin i bpáirt leis an bpáiste, bí ag caint leis.
 
Má tá Gaeilge ag an mbeirt agaibh, is féidir a shocrú gurb í an Ghaeilge an teanga a labhróidh sibh leis an bpáiste an t­-am ar fad. Ar an bhealach seo tá sibh ag féachaint chuige go mbeidh bunús maith Gaeilge ag an bpáiste sula dtagann sé faoi thionchar an Bhéarla. Tá sé tábhachtach Gaeilge a bheith á labhairt eadraibh féin an t-­am ar fad freisin mar go mbeidh an páiste ag sealbhú na Gaeilge trí bheith ag éisteacht le daoine eile ag labhairt Gaeilge chomh maith le bheith ag éisteacht le daoine ag labhairt leis féin. Más tuismitheoirí sibh a chuir aithne ar a chéile trí Bhéarla agus más é an Béarla an gnáthmheán cumarsáide eadraibh go fóill seans go dtógfaidh sé tamall oraibh dul i dtaithí ar labhairt na Gaeilge. Ar an ábhar sin is fiú tréaniarracht a dhéanamh nós labhartha an Bhéarla a athrú go Gaeilge chomh luath agus a bheidh cinneadh déanta agaibh bhur gclann a thógáil le Gaeilge.
 
 

 Is é Glór na nGael an ceanneagraíocht atá freagrach as Gaeilge sa Teaghlach. Tuilleadh eolais ag Marcas@glornangael.ie

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge