Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
pobal-na-gaeilge-‘a-bhru-go-cul-an-bhus’-i-morionad-taistil-nua

Pobal na Gaeilge ‘a bhrú go cúl an bhus’ i mórionad taistil nua

| Tuairisc.ie | , ,

Weavers Cross amháin a thabharfar ar mhol taistil nua in ainneoin go raibh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus lucht feachtais ag éileamh go mbeadh brandáil agus comharthaíocht i nGaeilge le feiceáil ann

Pobal na Gaeilge ‘a bhrú go cúl an bhus’ i mórionad taistil nua

Córas Béarla amháin a bheidh i lárionad taistil nua i mBéal Feirste.

Weavers Cross amháin a thabharfar ar an bhforbairt nua in ainneoin go raibh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus lucht feachtais ag éileamh go mbeadh brandáil agus comharthaíocht i nGaeilge le feiceáil sa mhol nua.

Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste i mí Aibreáin le rún ag éileamh comharthaíocht Ghaeilge ag an mhol iompair nua ‘Weaver’s Cross’ nó ‘Cros na bhFíodóirí’ atá le hoscailt i lár na cathrach.

Éilíodh sa rún a ritheadh sa Chomhairle chomh maith go mbeadh comharthaíocht dhátheangach le feiceáil sa stáisiún agus sa cheantar timpeall air.

Mhol an Chomhairle do Translink, atá i mbun na forbartha, go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach laistigh agus lasmuigh den stáisiún bus agus traenach nua a bhfuil na céadta milliún á chaitheamh air agus atá á thógáil ar shuíomh stáisiún Europa.

Bhunaigh an Dream Dearg feachtas ag iarraidh go mbeadh comharthaíocht dhátheangach le feiceáil ag suíomh an lárionaid taistil nua.

Dúirt Padaí Ó Tiarnaigh, urlabhraí ó An Dream Dearg, go raibh díomá mhór orthu faoi chinneadh Translink córas aonteangach Béarla a chur i gcrích sa lárionad nua “atá lonnaithe ar imeall na Ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste, ag Cros na bhFíodóirí”.

“Tá neamhaird iomlán déanta ag Príomhfheidhmeannach Translink ar an chás láidir a cuireadh ina láthair, ar an tacaíocht a fuarthas ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, ar an tacaíocht a thug an tAire Bonneagair don chur chuige dátheangach, ar an chomhairle a thug Foras na Gaeilge di agus ar an éileamh soiléir a rinne breis agus 20 grúpa Gaeilge sa chathair níos luaithe i mbliana,” arsa Padaí Ó Tiarnaigh.

“D’ainneoin sin ar fad, agus an rogha curtha os a gcomhair, thaobhaigh Translink le cur chuige aonteangach, atá ag teacht salach ar dhualgais s’acu de réir na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh.”

Dúirt Ó Tiarnaigh gur mhó a d’oirfeadh “an ollphéist aonteangach” seo do stát an Tuaiscirt i 1924 seachas in 2024.

“Tá réamhshampla anois ag Translink gur féidir comharthaíocht dhátheangach chuimsitheach a chur in airde i lárionaid taistil dá gcuid, agus sin déanta acu i mórstáisiún traenach in Iúr Chinn Trá tamall de bhlianta ó shin. Ní ligfidh muid do Translink pobal na Gaeilge a bhrú go cúl an bhus. Tá muid ag éileamh ar an Aire Bonneagair anois idirghabháil oifigiúil láidir a dhéanamh agus treoir aire a thabhairt do Translink cur chuige cuimsitheach dátheangach a chur i bhfeidhm.

“Tá an chumhacht ag an Aire sin a dhéanamh agus ní mór dó anois an chumhacht sin a úsáid.”

Níos mó