Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
rudai-beaga-a-chabhroidh-leat

Rudaí beaga a chabhroidh leat

| Dáithí Anraí |

Le Katie McGreal

Téann muid uilig trí amanta deacra. Nádúr an saoil atá ann, faraor ach rud gur féidir linn tógáil ó na hamanta deacra seo ná nuair atá amanta maithe againn, is féidir linn a bheith an-bhuíoch astu. Baineann rudaí deacra leis an saol taobh amuigh dúinn – rudaí a tharlaíonn dúinn agus rudaí a dhéantar orainn – agus leis an saol taobh istigh – na smaointí atá againn faoi rudaí áirithe nó conas a mhothaíonn muid faoi rudaí atá ag tarlú.

An t-aon ceann a bhfuil smacht againn air ná an saol taobh istigh agus tá go leor nósanna agus rudaí beaga gur féidir leat déanamh leis an saol taobh istigh a fheabhsú, cibé rud atá ag dul ar aghaidh ar an taobh amuigh.

Faigh aer úr agus caith am taobh amuigh. Mothóidh tú níos fearr má airíonn tú an gaoth ar d’aghaidh, aer úr i do scámhóga. Glanfaidh sé amach cuid díot nár thuig tú a bhí le glanadh amach. Más féidir leat dul ag siúl, níos fearr fós ach fiú seasamh taobh amuigh agus an aer a mhothú ar do chraiceann mothóidh tú níos fearr. Déan cinnte seo a dhéanamh gach lá, fiú má tá an aimsir gránna. Déanfaidh sé maitheas de do shaol.

Déan aclaíocht. Nuair a dhéanann muid aclaíocht scaoileann an corp ionoirfiní maithe agus airíonn tú níos fearr. Ní gá gur aclaíocht dian atá ann fiú, aclaíocht ar bith agus mothóidh tú na honoirfiní sin. 

Glac buíochas. Is rud é seo atá níos éasca le déanamh má tá tú ag mothú go maith ach cibé am a thosaíonn tú más féidir leat é a dhéanamh ar bhonn rialta déanfaidh sé an-mhaitheas duit. Faigh leabhar nótaí agus fág ar do philiúr é le nach ndéanfaidh tú dearmad air. Gach oíche, scríobh síos trí rud a bhfuil tú buíoch astu nó atá tú sásta go bhfuil siad i do shaol. Ní gá gur rudaí móra atá ann; d’fhéadfaidh tú scríobh síos go bhfuil tú buíoch as an leictreachas nó uisce glan nó beatha sa chuisneoir. Má tá rudaí móra agat, scríobh iad sin síos ach nuair atá rudaí ag mothú deacair duit, bíonn sé níos éasca smaoinigh ar na rudaí beaga agus a bheith buíoch astu siúd. Nuair a dhéanann tú an cleachtadh seo go rialta éiríonn sé níos éasca. Is nós álainn é seo le tosu má tá rudaí go maith duit agus leanúint ar aghaidh leis agus beidh sé níos éasca duit sna hamanta deacra. 

Labhair le duine éigin. Cabhraíonn sin leat a bheith ag mothú níos fearr mar scaoileann sé amach cuid de d’fhuinneamh. Freisin, nuair a labhraíonn tú le daoine eile tuigeann tú nach leat féin atá tú. Go minic nuair atáimid ag streachailt, ní bhíonn muid ach dírithe orainn féin agus airíonn muid uaigneach ach nuair a labhraíonn muid le daoine eile mothóidh muid níos fearr leis an gcomhluadar.

Admháil leat féin go bhfuil tú ag mothú go dona. Go minic nuair nach n-airíonn muid go maith, déanann muid neamhaird air, ag ceapadh go mothóidh muid níos fearr muna ligeann muid dúinn féin na ‘droch’mothúcháin a mhothú. Ach, a mhalairt atá fíor. Má sheachnaíonn muid mothúcháin fanfaidh siad linn níos faide. Más féidir leat na mothúcháin a aithint agus a mhothú, imeoidh siad níos tapúla. Ní bhíonn sé deas nuair a mhothaíonn tú brónach nó feargach nó imní ach más féidir leat é a aireachtáil agus admháil gur sin mar atá tú ag mothú, caillfidh siad an cumhacht atá acu ort agus imeoidh siad níos tapúla.

Tugann go leor de na moltaí seo deis duit rudaí a fheiceáil ó pheirspictíocht difriúil agus go minic sin an méid atá ag teastáil le go mbeidh feabhas tagtha ort agus do mheon.

Bíonn drochlaethanta, drochseachtainí agus drochamanta ag gach duine. Níl tú leat féin. Is nádúr an saoil é ach cabhróidh na rudaí seo leat má tá tú ag iarraidh mothú níos fearr le linn na drochtréimhsí sin.

Níos mó