Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
tabhacht-mhor-le-diospoireacht-uair-go-leith-idir-harris-agus-trump

Tábhacht mhór le díospóireacht uair go leith idir Harris agus Trump

| tuairisc | ,

Tabharfaidh Kamala Harris agus Donald Trump aghaidh ar a chéile den chéad uair i ndíospóireacht anocht agus iad gob ar ghob i bhfeachtas thoghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Níl aon díospóireacht eile beartaithe idir an bheirt roimh lá na vótála seachas ceann na hoíche anocht a chraolfar beo ó Philadelphia ar ABC News.

Agus an bóthar go dtí an Teach Bán ciorraithe ag cinneadh an Uachtaráin Joe Biden éirí as an rás mí Iúil, meastar go bhféadfadh tábhacht ar leith a bheith ag baint leis an díospóireacht uair go leith seo.

Agus gan fágtha ach dhá mhí go dtí lá na vótála, is beag bogadh in aon chor atá sna pobalbhreitheanna náisiúnta maidir le líon na vótóirí dílse atá ag tacú leis an mbeirt iarrthóirí agus an chuma ar chúrsaí go bhfuil an tír deighilte ina dhá leath idir Trump agus Harris.

D’fhéadfadh, mar sin, an díospóireacht treo an toghcháin a athrú agus gaoth a chur i seolta an Leas-Uachtaráin Kamala Harris nó an iaruachtaráin, Donald Trump.

Meastar gur tábhachtaí an díospóireacht do Kamala Harris mar nach bhfuil oiread aithne ag vótóirí uirthi ná tuairim chinnte acu fúithi go fóill.

Seo an deis is mó a bhí ag Harris go dtí seo a insint don phobal cé hí féin agus cad a dhéanfadh sí dá dtoghfaí ina huachtarán í.

Ar an taobh eile den scéal, d’fhéadfadh gurb í díospóireacht na hoíche anocht an seans is fearr ag Trump dul chun cinn arís ó bhain imeacht Biden agus teacht Harris an ghaoth as a sheolta.

Tá Daonlathaithe agus lucht tacaíochta Harris ag súil go n-éireoidh léi an t-iar-uachtarán a spochadh an oiread is go scaoilfidh sé le ceann dá chuid rachtanna binbeacha gan mheabhair a thaitníonn leis an lucht leanúna is dílse atá aige ach a spreagfaidh coimhthíos is múisiam sna vótóirí sin atá idir dhá chomhairle go fóill.

Rinne cúinne Harris a seacht ndícheall ag iarraidh ar ABC News go bhfágfaí micreafóin na beirte iarrthóirí gníomhach don díospóireacht iomlán ach níor éirigh lena n-éileamh.

Cheapadar gur chun a leasa féin a ghabhfadh sin ó tharla faisean a bheith ag Donald Trump i gcónaí riamh a bheith ag sá goib gan iarraidh isteach agus ag cur as do chaint an iarrthóra eile nuair nach é a sheal cainte féin a bhíonn ann.

Is í an Leas-Uachtarán Kamala Harris an chéad iarrthóir den chine dubh ar uachtaránacht a tíre agus ó ghlac sí áit Joe Biden mar iarrthóir an Pháirtí Dhonlathaigh tá an bhearna tacaíochta idir í féin agus Trump dúnta aici. Ina dhiaidh sin féin níor éirigh léi Trump a chur taobh thiar di agus beidh an páirtí Poblachtach ag súil go gcuirfidh díospóireacht na hoíche anocht forás arís ar fheachtas an pháirtí atá bacach go maith tar éis roinnt seachtainí sách crua.

Tuairiscítear go bhfuil lucht feachtais Trump den tuairim gurb í díospóireacht na hoíche anocht an seans is fearr a bheidh ag an iar-uachtarán an borradh a bascadh i rith an tsamhraidh a athbheochan arís.

Beidh an-bhrú ar Trump dá bharr guaim a choinneáil air féin agus gan tabhairt faoi na maslaí agus an t-imeaglú is ansa leis.

An chomhairle a bheidh ag a chomhairleoirí dó díriú ar pholasaí iarrthóir na nDaonlathach agus ar na ceisteanna tábhachtacha a meastar an páirtí sin a bheith lag go maith ina dtaobh, cúrsaí inimirce agus eacnamaíocht na Stát Aontaithe san áireamh.

An t-údar imní is mó a bheidh ag campa Trump go bhfaighidh a dhearg-ghráin ar Kamala Harris an ceann is fearr air agus go gcinnfidh air guaim a choinneáil air féin.

Rinne Trump féin scéal grinn de chomhairle sin na stuaime agus é ag slógadh in North Carolina ag rá gur chóir dó féin ‘tópar’ a thabhairt dá chuid comhairleoirí a bhí ag rá leis gan Kamala Harris a mhaslú go pearsanta beag ná mór.

Ó ainmníodh í mar iarrthóir níl stad ar Trump ach ag caitheamh achasáin a bhíonn ciníoch agus gnéasaíoch le Harris a bhfuil mar aidhm aici a bheith ar an gcéad bhean riamh a bheadh ina hUachtarán ar na Stáit Aontaithe.

Diúltaíonn Trump d’aon ghnó a hainm a rá i gceart, deir sé go rialta go bhfuil sí ‘as a meabhair’ agus fiú amháin agus é ag caint le hiriseoirí dubha, cheistigh sé a féiniúlacht féin mar bhean den chine dubh.

Beidh dúshlán roimh Harris agus í ag réiteach don díospóireacht seo leis an iar-uachtarán Trump agus cinneadh le déanamh aici faoin mbealach is fearr le déileáil lena nósanna siúd – ráitis nach bhfuil fíor in aon chor a dhéanamh agus an gomh dearg a chur ar an té a bhíonn ina aghaidh.

Ó d’éirigh an tUachtarán reatha, Joe Biden as an bhfeachtas seo, is é Trump an t-iarrthóir is sine riamh ar uachtaránacht na tíre agus beidh Kamala Harris ar a bionda ag díol teachtaireacht dhearfach, lán dóchais is misnigh.

Beidh an dóchas as todhchaí na Stát Aontaithe á mholadh aici mar mhalairt ar fhainicí iarrthóir na bPoblachtach a áitíonn gurb é an drochrath agus an meath atá i ndán do na Stáit Aontaithe mura dtoghfar é féin leis an tír a chur a cosa arís.

Ag slógadh a bhí ag Trump in Wisconsin Dé Sathairn seo caite dúirt sé ina óráid go raibh sé féin ag troid in aghaidh ‘réimeas bradach’ agus go raibh na Daonlathaithe ag tabhairt isteach ó cheithre hairde na cruinne “dúnmharfóirí, foghlaithe leanaí agus éigneoirí srathacha”.

Imní eile a bhaineann leis an bhfeachtas seo, agus atá ag neartú faoi láthair, go ndiúltódh Donald Trump glacadh le toradh an toghcháin faoi Shamhain sa gcás nach é féin a thoghfar.

Níl craoltóir na díospóireachta slán ó sclamhadh an iar-uachtaráin ach an oiread. In iarracht amhras a tharraingt roimh ré ar neamhchlaontacht an stáisiúin, tá ráite aige go bhfuil an stáisiún “míchneasta” agus gurb é an “líonra is measa é ó thaobh cothrom na Féinne” a thabhairt.

Tá an rás seo go dtí an Teach Bán fós idir dhá cheann na meá d’ainneoin an obair mhór atá déanta ag Harris, ó d’éirigh Biden as ar an 21 Iúil, í fhéin a chur in iúl mar iomaitheoir láidir. Go dtí sin ba mhinic an Leas-Uachtarán á cáineadh faoina heaspa cumais agus a laghad di a bhí le feiceáil ag an bpobal.

Tá tacaíocht dhílis leath na vótóirí ag an iar-uachtarán Trump i gcónaí agus sin aige beag beann ar a stádas mar choirpeach ciontaithe agus ar an ról a bhí aige ag iarraidh torthaí daonlathacha thoghchán 2020 a chur de dhroim seoil, an chéad uair riamh ar tharla a leithéid.

Tar éis na cainte agus an fheachtais fhada, meastar faoi chóras na Stát Aontaithe gur cúpla stát a chinnteoidh cén toradh a bheidh ar thoghchán na Samhna.

Léiríonn na pobalbhreitheanna is deireanaí go raibh Kamala Harris chun cinn ar inn ar éigean i stáit Wisconsin, Michigan agus Pennsylvania, agus í ar comhtharrac nó beagáinín taobh thiar de Trump sna ceithre stát chinniúnacha eile – Nevada, Georgia, North Carolina agus Arizona.

Beifear ag faire go géar ar aon tionchar a bheidh ag díospóireacht na hoíche anocht ar na vótóirí sna stáit sin, má bhíonn.

Níos mó