Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
nil-ag-eiri-leis-an-gcoras-dothain-muinteoiri-a-chur-ar-fail-do-scoileanna-lan-ghaeilge-–-an-roinn-oideachais

Níl ag éirí leis an gcóras dóthain múinteoirí a chur ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge – an Roinn Oideachais

| tuairisc | ,

Deir an Roinn Oideachais go mbíonn ‘deacrachtaí’ ag leibhéal na hiar-bhunscoile maidir ‘le hinniúlacht agus muinín mhúinteoirí sa teanga’

Níl ag éirí leis an gcóras dóthain múinteoirí a chur ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge – an Roinn Oideachais

Tá géillte ag an Roinn Oideachais nach bhfuil ag éirí leis an gcóras dóthain múinteoirí a sholáthar do scoileanna lán-Ghaeilge.

I bpolasaí nua atá á fhorbairt ag an Roinn don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, a deirtear nach mbíonn múinteoirí muiníneach a ndóthain as a gcuid Gaeilge chun dul ag múineadh trí Ghaeilge.

Deirtear sa chreatpholasaí nua, a bhfuil cóip di feicthe ag Tuairisc, go bhfuil gach múinteoir bunscoile “in ainm” is a bheith oilte le múineadh i scoil lán-Ghaeilge, cé nach bhfuil aon cháilíocht bhreise ag teastáil le múineadh i scoil lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal.

“Ag leibhéal na bunscoile, cé go bhfuil gach múinteoir cáilithe le múineadh i scoil lán-Ghaeilge, is léir go bhfuil sciar suntasach de mhúinteoirí nach mbraitheann go bhfuil cumas ard go leor acu sa Ghaeilge chun é sin a dhéanamh.

“Tá sé seo ag tarlú ainneoin go bhfuil caighdeán iontrála sa Ghaeilge leagtha amach don B.Oid. nó MGO [An Máistir Gairmiúil san Oideachas] don bhunmhúinteoireacht, agus in ainneoin na dtacaíochtaí (tréimhsí Gaeltachta san áireamh) a chuirtear ar fáil don teanga le linn na gcúrsaí sin.”

Aithnítear sa chreatpholasaí chomh maith go bhfuil fadhb ann ag an dara leibhéal.

Deirtear nach mbíonn scoileanna ag cloí leis an riachtanas go mbeadh an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile (TGMI) ag múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge, chomh maith leis an gcáilíocht oiliúna tosaigh múinteoirí.

“Níl sé soiléir, áfach, an bhfuil an riachtanas seo á chur i bhfeidhm go seasmhach i ngach scoil, agus is léir go bhfuil easpa feasachta ann faoin riachtanas,” a deirtear.

Deirtear go mbíonn “deacrachtaí” ag leibhéal na hiar-bhunscoile maidir “le hinniúlacht agus muinín mhúinteoirí sa teanga” agus go mbíonn dúshláin bhreise ann ó thaobh “sainteanga na n-ábhar de”.

Deirtear gur fadhb í an easpa múinteoirí a bhaineann le mionteangacha eile chomh maith leis an nGaeilge.

“Is léir ón athbhreithniú ar an taighde idirnáisiúnta go bhfuil dúshláin le sárú maidir le soláthar múinteoirí cuí i mbeagnach gach tír ina bhfuil an tumoideachas trí mheán teanga mhionlaigh á chur ar fáil. Tá na dúshláin seo ag teacht anuas ar na dúshláin reatha atá ann maidir le soláthar múinteoirí do gach earnáil i mórán tíortha. “

Luaitear go bhfuil infheistíocht á déanamh i mblianta sabóideacha do mhúinteoirí i roinnt tíortha chun cur leis an soláthar múinteoirí don teanga mhionlaigh. Deirtear go gcuirtear cúrsaí oiliúna tosaigh an múinteora ar fáil trí mheán na teanga mionlaí chomh maith i dtíortha áirithe agus i roinnt dlínsí cuirtear “dreasachtaí” ar fáil chun mic léinn a mhealladh.

Deir an Roinn Oideachais go mbíonn “easpa feasachta” i measc múinteoirí faoin tacaíocht atá ar fáil a chuirfeadh lena gcumas sa teanga agus a dtuiscint ar an tumoideachas.

Luaitear sa chreatpholasaí “an gá atá ann cur le hinniúlacht agus le muinín mhúinteoirí sa teanga” agus na riachtanais bhreise a bhíonn ag múinteoirí a bhíonn ag plé leis an tumoideachais

I measc na moltaí maidir le soláthar agus oiliúint múinteoirí a luaitear sa chreatpholasaí tá:

  • Go gcuirfí deiseanna breise ar fáil do mhúinteoirí agus d’ábhar oidí cur lena gcumas agus a muinín sa Ghaeilge
  • Go gcuirfí deiseanna breise ar fáil do mhúinteoirí cur lena a dtuiscint ar oideolaíocht an tumoideachais
  • Go dtabharfaí deiseanna d’ábhair oide taithí a fháil i suíomhanna lán-Ghaeilge
  • Go gcuirfí cúrsaí ar bun ar mhaithe le forbairt ghairmiúl múinteoirí ag an am céanna is a chuirtear ar siúl i mBéarla iad
  • Go mbunófaí tuilleadh cúrsaí oiliúna trí Ghaeilge
  • Go dtabharfaí ar ais an liúntas breise do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge

-Go ndéanfaí athbhreithniú agus leasú ar an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile

Níos mó