Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
buaiteoiri-ghradaim-leabhar-na-bliana-2024-fogartha-ag-oireachtas-na-gaeilge

Buaiteoirí ghradaim leabhar na bliana 2024 fógartha ag Oireachtas na Gaeilge

| tuairisc | , , ,

‘Crainn agus Toir’ le Máirín Uí Chonchúir, saothar a d’fhoilsigh Dingle Publishing, a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin 2024

Buaiteoirí ghradaim leabhar na bliana 2024 fógartha ag Oireachtas na Gaeilge

Máirín Uí Chonchúir. Pictiúr: @saolodhea/sx

Tá Gradam Uí Shúilleabháin do leabhar Gaeilge na bliana buaite ag Crainn agus Toir le Máirín Uí Chonchúir, saothar a d’fhoilsigh Dingle Publishing.

Saothar saoil leis an luibheolaí agus oide eolaíochta ó Dhún Chaoin i gCorca Dhuibhne é Crainn agus Toir, ina bhfuil cuntas ar os cionn 400 speiceas chomh maith le 2,000 pictiúr.

 Na Trí Mhuicín le Áine Ní Ghlinn, scríbhneoir, agus Paddy Donnelly, maisitheoir, a bhuaigh Gradam Réics Carló don leabhar is fearr do dhaoine óga. Futa Fata a d’fhoilsigh.

Athmháthair, aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin ar Accabadora, úrscéal Iodáilise le Michela Murgia, a bhuaigh Gradam de Bhaldraithe,  an gradam do shaothair aistrithe. Éabhlóid a d’fhoilsigh..

20 leabhar san iomlán bhí ar na gearrliostaí do na gradaim do thithe foilsitheoireachta na Gaeilge.

Fógraíodh na gradaim anocht ag searmannas sa Taibhhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, i nGaillimh.

Duaischiste de €17,000 ar fad atá ann do na trí ghradam.

Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn agus Uachtarán an Oireachtais 2024, Pádraig Mac Fhearghusa, a rinne an bronnadh.

Rinne Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, comhghairdeachas le hÉabhlóid, le Futa Fata agus le Dingle Publishing as a ngradaim.

“Tréaslaím freisin leis na tithe foilsitheoireachta ar fad a bhí ar ghearrliostaí na bliana seo a bhfuil teidil ar scoth an chaighdeáin eisithe acu le bliain anuas,” a dúirt sí.

“Léiriú breá is ea éagsúlacht na seánraí agus na saothar ar an rogha iontach leabhar Gaeilge atá ar fáil ar an margadh anois do léitheoirí den uile aoisghrúpa.”

Níos mó