Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cinneadh-‘stairiuil’-ag-comhairle-‘aontachtach’-comhartha-sraide-gaeilge-a-chrochadh-den-chead-uair 

Cinneadh ‘stairiúil’ ag comhairle ‘aontachtach’ comhartha sráide Gaeilge a chrochadh den chéad uair 

| tuairisc | ,

Tá glactha ag Comhairle ó thuaidh den chéad uair le hiarratas ar chomhartha sráide dátheangach a chrochadh.  

Ghlac Comhairle Buirge Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon ag cruinniú na comhairle inné, le cinneadh an Choiste Pleanála agus Seirbhísí Rialála go gcuirfí comhartha sráide dátheangach i nGairdíní Chois Coille/Woodside Gardens i bPort an Dúnáin i gcontae Ard Mhacha.  

Staon gach comhairleoir aontachtach a bhí i láthair ag cruinniú an Choiste Pleanála agus Seirbhísí Rialála ón vóta an tseachtain seo caite.  

Deir Conradh na Gaeilge gur cinneadh ‘stairiúil’ atá glactha ag Comhairle Buirge Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon, comhairle nár ghlac le haon iarratas ar chomhartha sráide dátheangach ó tháinig ann di in 2015.   

Bhí feachtas ag éileamh comharthaíocht dhátheangach ar siúl le tamall ag lucht cónaithe Ghairdíní Chois Coille, sráid ina bhfuil 10 dteach cónaithe agus áitreabh tráchtála amháin.  

Mar chuid den fheachtas crochadh póstaeir i bhfuinneoga tosaigh na dtithe ag éileamh comhartha sráide dátheangach.  

De réir pholasaí comharthaíochta sráide Chomhairle Buirge Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon, atá cáinte ag lucht cearta teanga, is gá do 33% de chónaitheoirí sráide achainí a dhéanamh ar son comhartha sráide Gaeilge 

De réir pholasaithe comhairlí eile ó thuaidh, a bhfuil mar aidhm acu an próiseas iarratais ar chomharthaí sráide dátheangacha a dhéanamh níos fusa do dhaoine, is féidir le ha0n duine atá ina chónaí ar shráid, nó aon chomhairleoir áitiúil, achainí a dhéanamh ar son comhartha sráide Gaeilge. 

Ní gá ach do 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid glacadh leis an mholadh trí shuirbhé a líonadh ina dhiaidh sin.  

Tá na critéir i bhfad níos déine ag Comhairle Buirge Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon, a éilíonn go léireodh 66% de na daoine atá ina gcónaí ar an tsráid tacaíocht don iarratas.  

Beagnach bliain ó shin a rinneadh achainí ar chomhartha dátheangach do Ghairdíní Chois Coille.  

Sa suirbhé a chuir an Chomhairle amach ina dhiaidh sin, léirigh 90% do lucht cónaithe na sráide gur mian leo comharthaíocht dhátheangach a bheith le feiceáil ar an tsráid.  

Cé go raibh cinneadh le déanamh faoin iarratas ar chomhartha dátheangach i nGairdíní Chois Coille ag cruinniú den Choiste Pleanála agus Seirbhísí Rialála i mí na Bealtaine 2024, cuireadh an cinneadh ar athlá.  

Ag cruinniú an choiste i mí an Mheithimh, chinn comhairleoirí glacadh le breis aighneachtaí scríofa agus ó bhéal maidir le ceist na comharthaíochta Gaeilge i nGairdíní Chois Coille.  

Bhí Conradh na Gaeilge i láthair ag cruinniú an Choiste i mí Iúil, cruinniú inar socraíodh go dtabharfadh ionadaithe tofa cuairt ar an tsráid agus go mbaileofaí breis eolais faoin cheist.  

Cé go raibh moill mhór ar chúrsaí, deir Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga le Conradh na Gaeilge, go bhfuil pobal na Gaeilge dóchasach gur tús le “ré úr don chomhionannas teanga” é cinneadh Chomhairle Buirge Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon.  

Dúirt sí gur léiriú an mhórthacaíocht a fuarthas don iarratas ar chomhartha dátheangach ar dhíograis phobal na Gaeilge sa cheantar.  

“Ní raibh riamh aon cheist faoi mhianta na gcónaitheoirí sa chás seo. Ba cheart go ndéanfadh an Chomhairle gach iarracht a bpolasaí féin a chomhlíonadh de réir na mianta seo atá curtha in iúl ag na cónaitheoirí féin. Tá ceadú an iarratais seo stairiúil do Comhairle Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon agus céim í a bheas muid ag ceiliúradh mar chomhartha ar ré úr comhionannais teanga sa cheantar.  

“Is mian linn iarrachtaí móra na gcónaitheoirí a aithint agus iad ag brú ar aghaidh chun cothrom na Féinne a bhaint amach ina gceantar féin.” a dúirt sí.  

Dúirt Linda O’Neill, cainteoir Gaeilge atá ina cónaí i bPort an Dúnáin, gur “céim shuntasach, dhearfach chun cinn” é go mbeidh comharthaíocht Ghaeilge le feiceáil sa cheantar. 

“Tá pobal bríomhar, bisiúil Gaeilge againn i bPort an Dúnáin atá ag fás i rith an ama. Mar thuismitheoir ar bheirt pháistí atá mar chuid den phobal sin, is saibhre a saolta de bharr na mbuntáistí ar fad a bhaineann leo a bheith ag fáil oideachais ina dteanga dhúchais féin.”  

Dúirt sí go raibh ceadú an iarratais ina chéim chun cinn dá páistí agus do neart páistí eile.  

“Déanann sé normalú ar an teanga dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu, agus tugann sé deis do dhaoine nach raibh mórán de theagmháil nó taithí acu leis an Ghaeilge é seo a dhéanamh ar bhonn laethúil fríd ár dteanga agus ár gceantair chomhroinnte”  

cás cúirte tugtha in aghaidh Chomhairle Buirge Chathair Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon as diúltú d’iarratas go gcuirfí comhartha Gaeilge agus Béarla in airde i gCnoc Chois Coille i bPort an Dúnáin.  

Deirtear gur diúltaíodh don iarratas in ainneoin gur sháraigh sé an riachtanas ó thaobh an  líon cónaitheoirí a theastaíonn a gcuid tacaíochta chun go gceadófaí comhartha dá leithéid.  

Níos mó