Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cad-ata-i-gceist-le-seachtain-a-chaitheamh-ar-ile-de-re?

Cad atá i gceist le seachtain a chaitheamh ar île de Ré?

| mark moran | ,

Is éard atá i gceist le seachtain a chaitheamh ar Île de Ré ná glacadh le bun spéire álainn agus leoithne farraige éadrom; turas trí shráidbhailte a lonraíonn le mealltacht agus tírdhreacha a labhraíonn suaimhneas i gcogar. Cuireann gach cearn de bhailte gleoite an oileáin fáilte romhat lena tarraingteacht ar leith, péinteáilte le dathanna pastalacha a thugann cuireadh duit sleamhnú le gluaiseacht an oileáin.

Níl Île de Ré suite ach aistear fiche nóiméad ó La Rochelle ar chósta Atlantach na Fraince. Tosaigh m’eachtra sa sráidbhaile den seandéanamh, Loix, áit ina bhfuil na leamhaigh bheannaithe agus rósanna mar fhrámaí ar thithe aoldaite. Tá siad maisithe le comhlaí ar dhath an labhandair, comhlaí gorma agus glasa. Tá an t-aer anseo lán le boladh sainiúil na farraige, measctha le luibheanna fiáine cumhra leithéidí marós agus tím. 

Téann raon rothar an oileáin ag lúbarnaíl trí thírdhreach neamhaí, riasc agus móinéir fhéarmhara ag damhsa sa ghaoth faoi na hollspéartha oscailte. Tairgeann gach casadh spléachadh nua ar áilleacht an oileáin, an siorradh séimh ag do dhroim agus torann do bhoinn ag cnagarnach ar an ngairbhéal crón. 

Grianghraf: Saint-Martin de Ré. (Creidmheas: Mark Moran)

Ar Île de Ré – oileán na raithní – níl aon amhras gurb í an rothaíocht an tslí is fearr féach thart. Tógann a raon rothar thú trí fhíonghoirt, goirt lus na gréine, agus dumhcha le scata muiríní. Tá bun na spéire agus an fharraige i gcónaí faoi do lámh agat. Is meascán fann óir agus glas é an radharc tíre, le bláthanna fiáine ag breacadh na gcosán. Iompraíonn an ghaoth blas láidir an Atlantaigh agus caitheann an ghrian teas ar fud na dtailte. 

Is é Saint-Martin de Ré príomhchathair an oileáin, dúnfort álainn cois farraige timpeallaithe le daingin ársa. Tá tithe pastalacha ar gach taobh de shráideanna caola doirneoige an tsráidbhaile, a gcomhlaí péinteáilte le himireacha glasa éagsúla. Tá an cuan beomhar, lán le báid dhaite agus an crónán comhrá ó lochtáin caifé. 

Grianghraf: Dul faoi na gréine. (Creidmheas: Mark Moran)

Aimsigh ball le hais an uisce agus bain taitneamh as bricfeasta Eorpach: pain au chocolat, sú oráiste úrbhrúite, agus caife láidir dubh. Le haghaidh lóin, bain triail as oisrí úra aitheanta an oileáin nó na muiríní Coquille Saint-Jacques áitiúla. Le haghaidh rud éigin níos milse, ordaigh crêpe clasaiceach le beagán siúcra agus braon sú líomóide. Cé gur dócha go raibh sé beagáinín maslach i dtaobh na cócaireachta Francaí, is féidir liom fós an crêpe leamhacháin loiscthe i mBialann La Route du Sel in Loix a bhlaiseadh. Tá an luas beatha anseo mall agus gealgháireach, comhcheangal foirfe le haghaidh féachaint ar dhaoine le hais an chuain. 

Ó Saint-Martin ó dheas go dtí Le Bois-Plage-en-Ré, síneann tránna suaimhneacha órga feadh an chósta. Sa tráthnóna, éiríonn an spéir dathlonrach beagnach neamhshaolta, bándearg agus oráiste. Is púdar é an gaineamh, agus tá féara fada seanga a dhamhsaíonn go maorga sa leoithne ar mhullach na ndumhcha. Tá margadh an tsráidbhaile an-ghnóthach, ag tairiscint bia mara, torthaí, glasraí úra. Bíonn aráin áitiúla seagail agus taos géar ar fáil, chomh maith le croissants teo úrbhácáilte.

Ansin, rothaigh siar go dtí Ars-en-Ré, sráidbhaile ar nós ceann ó leabhar scéalta. Ar do bhealach, rachaidh tú thar na hasail ghioblacha ag ligean a scíthe i ngrian an tráthnóna. Ardaíonn an spuaic dhubh agus bhán aitheanta go buacach in aghaidh na spéire goirme dorcha. Is tearmann socair de ghlais agus de ghorm, agus tithe bána pioctha néata é Ars-en-Ré. Sníonn lánaí caola thar áiteanna cónaithe maisithe le féitheacha glasa dorcha. Tá an cuan níos ciúine anseo, báid iascaireachta ag bogadach suas agus síos go séimh ann, agus mothaíonn an sráidbhaile suaimhneach, áit ar féidir leat do scíth a ligean.

Grianghraf: Asal ar Île de Ré. (Creidmheas: Mark Moran)

Mar bhuille scoir, rothaigh chuig La Flotte, áit a mbuaileann mealltacht sráidbhaile iascaireachta beag le galántacht baile Francach traidisiúnta. Ar an tslí, stop ag díoltóir clúiteach caramail Île de Ré, táirgthe le bród an oileáin, fleur de sel (bláth salainn). Is steall datha é cuan an bhaile, lán le báid seoil ghleoite péinteáilte le dearg, buí, agus gorm, a scáileanna ag léim ar dhromchla an uisce. Tairgeann an margadh meánaoiseach torthaí úra, cáiseanna áitiúla, agus boladh tarraingteach crêpe te. Aimsigh láthair chiúin chun rithim shéimh an oileáin a mhothú ag scaipeadh tríot. 

Nuair a rothaíonn tú tríd na sráidbhailte seo, timpeallaítear thú le tírdhreach cuma neamh-mhillte. Síneann an raon amach romhat, ag caismirneach trí gharraithe óir. Meascann dathanna an oileáin chun cúlra comhchuí a chruthú. Mothaíonn gach bomaite mar ealaín a bhfuil beocht tagtha air. 

Faoi dheireadh do sheachtaine ar Île de Ré, aithneoidh tú go bhfuil d’anam suaimhnithe ag síocháin agus maorgacht an oileáin. Fágann na sráidbhailte pastalacha mealltacha, na tránna órga, agus spéartha leathana gan teorainn imprisean buan – saol a thairgeann fuadar margadh na deireadh seachtaine agus uaigneas i mbun rothaíochta tuaithe araon. D’imigh mé le croí lán le cuimhní agus dúil fill ar Île de Ré socair, áit gur bhrionglóid ghrianmhar é gach lá. 

The post Cad atá i gceist le seachtain a chaitheamh ar île de Ré? appeared first on NÓS.

Níos mó