Aon faoin gcéad de lucht éisteachta raidió na tíre a bhí ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta anuraidh, de réir figiúirí atá faighte ag Tuairisc.
D’éist 36,000 duine ar an meán le RnaG in aon 24 uair an chloig, ó Luan go hAoine, in 2023. Is ionann sin agus 1% den 3.4 milliún duine a bhí ag éisteacht leis an raidió gach lá i rith na seachtaine anuraidh.
De réir na bhfigiúirí is déanaí ó JNLR, an eagraíocht taighde a choinníonn súil ar fhigiúirí lucht éisteachta, 41,900 duine ar an meán a d’éist le RnaG uair éigin i rith an lae ó Luan go hAoine idir mí Iúil 2023 agus mí an Mheithimh 2024. Má fhanann na figiúirí chomh hard sin go deireadh na bliana, bheadh 2024 ar an mbliain is fearr ag RnaG ó thaobh lucht éisteachta ó 2014.
Cuimsíonn figiúirí JNLR aon duine a d’éist le RnaG i rith na seachtaine, is cuma má d’éist siad le dhá nóiméad nó dhá uair an chloig.
Bhí figiúirí éisteachta RnaG níos airde in 2023 ná mar a bhí sna trí bliana roimhe sin ach bhí siad níos ísle ná mar a bhí deich mbliana ó shin nuair a bhí os cionn 43,000 duine ag éisteacht leis an stáisiún lán-Ghaeilge gach lá.
Baineann guagacht mhór le figiúirí lucht éisteachta RnaG áfach agus is minic go mbíonn laghdú nó méadú suas le 10,000 éisteoir i gceist ó bhliain go bliain.
Mar shampla, idir 2016 agus 2017, tháinig ardú beagnach 40% ar líon na n-éisteoirí seachtainiúla a bhí ag an stáisiún, ó 28,000 go dtí 39,000. Ach laghdaigh líon na n-éisteoirí breis is 30% go dtí 27,000 éisteoir in 2018.
Sampla ionadaíoch a bhíonn i gceist le figiúirí éisteachta JNLR agus meastar gurb é an t-athrú a thagann ar líon iomlán na n-éisteoirí raidió is cúis leis an athrú ar fhigiúirí RnaG.
Thart ar 1% den lucht éisteachta a bhíonn ag RnaG gach bliain agus, mar gheall go bhfuil na figiúirí a bhíonn i gceist don stáisiún an-íseal i gcomparáid leis na stáisiúin mhóra Bhéarla, má athraíonn líon na ndaoine ar fad a éisteann le raidió, d’fhéadfadh an t-athrú sin cur isteach go mór ar fhigiúirí RnaG ó bhliain go bliain.
Ba é RTÉ Radio 1 an stáisiún ar éist an sciar is mó den phobal leis anuraidh. Bhíodh duine as gach cúigear (20.7%) a bhí ag éisteacht leis an raidió i rith na seachtaine anuraidh ag éisteacht le RTÉ Radio 1. Beagán faoi bhun 10% a bhíodh ag éisteacht le Today FM, 8% a bhí i gceist le Newstalk, 6% a bhí ag éisteacht le RTÉ 2fm agus 2.5% le RTÉ Lyric FM. Is ag éisteacht le stáisiúin réigiúnda nó áitiúla a bhí breis is leath den phobal (52.7%), de réir na bhfigiúirí.
Tá sé mar sprioc leanúnach ag RTÉ go n-aimseodh RnaG ar a laghad 3% de dhaoine fásta (15+ bliain d’aois) go seachtainiúil, sin é go n-éistfeadh siad leis an stáisiún ar a laghad uair amháin sa tseachtain, ach aithnítear i dtuarascáil bhliantúil na heagraíochta do 2023, a foilsíodh an tseachtain seo, nár baineadh an sprioc sin amach anuraidh. 2% den phobal fásta a d’éist le RnaG ar a laghad uair amháin sa tseachtain anuraidh. Ba í 2023 an tríú bliain as a chéile nár éirigh le RnaG an sprioc sin a bhaint amach.
96,960 éisteoir ‘seachtainiúil’ a bhí ag Riaidó na Gaeltachta anuraidh, de réir JNLR. B’in ardú ón 92,000 a bhí i gceist in 2017 agus tá sé fós faoi bhun an 102,000 éisteoir seachtainiúil a tuairiscíodh in 2014.
€12 milliún ar fad a chaith RTÉ ar Raidió na Gaeltachta anuraidh de réir na tuarascála bliantúla agus €10.4 milliún de sin a caitheadh ar chláracha. Bhí an caiteachas iomlán ar RnaG beagáinín níos airde anuraidh ná mar a bhí in 2022 nuair a caitheadh €11.6 milliún ar an stáisiún lán-Ghaeilge.
De réir na bhfigiúirí i dtuarascáil bhliantúil RTÉ, chuaigh 5.5% den ioncam ón gceadúnas teilifíse chuig RnaG – €8.77 den táille €160. Caitheadh €5.55 eile ó gach táille (3.5%) ar thacaíocht RTÉ do TG4. Chaith RTÉ €7.4 milliún ar fad ar chláracha do TG4 mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig d’ábhar a chur ar fáil do TG4.
Figiúirí Éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta 2014-2023
Bliain | Lucht Éisteachta ó Luan go hAoine | Athrú % |
---|---|---|
2023 | 36,000 | +21% |
2022 | 29,700 | -15% |
2021* | 35,000 | +35% |
2020** | 26,000 | -32% |
2019 | 38,000 | +41% |
2018 | 27,000 | -31% |
2017 | 39,000 | +39% |
2016 | 28,000 | -18% |
2015 | 34,000 | -21% |
2014 | 43,000 | – |
* Deireadh Fómhair 2020 – Deireadh Fómhair 2021
**Deireadh Fómhair 2019 – Meán Fómhair 2020