Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-an-fuireachas-le-feile-dorn-san-aer-in-omos-do-ronan-mac-aodha-bhui-faoi-lan-seoil

Tá an fuireachas le Féile Dorn San Aer in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí faoi lán seoil

| conor torboid | ,

Le bliain anuas, ó fuair an craoltóir Conallach iomráiteach Rónán Mac Aodha Bhuí bás, bhí pobal na Gaeilge ag déanamh ceiliúradh ar a shaol agus ar a shaothar fríd imeachtaí agus ócáidí ceiliúrtha, agus an deireadh seachtaine seo, giota beag os cionn bliain i ndiaidh a bháis, beidh bunadh a cheantair dhúchais ag tabhairt faoin chóisir is réabhlóidí a d’fhéadfadh siad a chur ar bun in ómós don laoch.

Chuir Rónán cluaisíní croí ar gach éisteoir a chas 92FM ag dul. Thacaigh sé le cuid de na ceoltóirí is ceannródaíche i bpobal na Gaeilge, agus ní raibh riamh amhras air ceart agus cóir a chur chun cinn i rith a shaoil.

Cruinneoidh Gaeil as gach cúige i nGaoth Dobhair Dé hAoine chun ruaille buaille a thógáil i gcuimhne ar Rónán. Tabharfaidh Bernadette McAliskey óráid ag tús na féile ag 19:30 in Amharclann Ghaoth Dobhair, agus ina dhiadh sin beidh leithéidí Eve Bell, an DJ Seán Ó Cuireáin agus Boss Sound Manifesto le cluinstin.

Grianghraf: The Elephant Brothers i mbun ceoil.

 

Beidh Huartan, an grúpa ceoil tradtronica, ag seinm oíche Aoine ar an chéad oíche den fhéile. Bhain an banna Nuatheachtaí na Bliana ag Gradaim NÓS i mí Feabhra, duais ar ainmníodh é in ómós do Rónán de thairbhe a chuid tacaíochta i dtaobh ceoltóirí úra seo phobal. Dúirt an grúpa faoin fhéile:

“Tá muid ag súil go mór le Dorn San Aer an deireadh seachtaine seo. Is onóir ollmhór í gur bhuaigh muid an duais s’aige i mbliana agus leis sin, tá muid tiomanta i leith gig dochreidte draíochtúil a chur ar siúl in ómós do Rónán ina áit féin — croí na Gaeltachta.”

Ar an Satharn beidh roinnt imeachtaí ar siúl do theaghlaigh amhail péinteáil aghaidheanna agus boghdóireacht. Ar a bharr sin, beidh comórtas ‘Cath na mBannaí’ ag titim amach daofa siúd ar mhaith leo dul chun troda lena ngiotáir. Oíche Shathairn beidh Grooveline, Cigire na bPuntaí, Ciarán Mac Fheidhlimidh i measc neart eile ag tabhairt faoin stáitse. Beidh IMLÉ agus Súil Amháin ar chuid de na príomhthaibheoirí oíche Sathairn. Chuir Súil Amháin síos ar thábhacht na féile bliain i ndiaidh bhás Rónáin:

“Tá sé chomh tábhachtach sin. Tá folús ceart istigh ionam le bliain. Choimeád Rónán an spiorad beo beathach i ngach éinne sa tír seo beag beann ar cé hiad nó cér díbh iad. Spreag sé sinne agus spreag sé daoine óga. Thug sé le chéile sinn. Ní raibh aon amhras fé cad a bhí le déanamh…ní raibh ann ach ceol, craic, réabhlóid agus an pobal. B’fhada liom go mbeinn thar n-ais i ndúthaigh anf rí chun dorn a chur in airde agus an chraic a bheith agam leis na Gaeilge. Beidh sé maighty!”

Grianghraf: Súil Amháin a bheidh ar stáitse Dorn San Aer oíche Shathairn.

Chuir IMLÉ amhlaidh in iúl agus iad ag déanamh réidh don fhéile:

“Táimid ar bís a bheith ag ceol ag Dorn San Aer ar an Satharn seo agus chomh sásta sin gur thug an fhéile cuireadh dúinn a bheith ann. Bhí ról lárnach ag Rónán i scéal IMLÉ, ní bheadh muid ann gan é. Thosaigh Rónán gluaiseacht agus tá an ghluaiseacht sin ag dul ó neart go neart anois. Bhí fís aige agus lean sé leis sin nuair nach raibh mórán tacaíochta ar fáil. Bhí paisean faoi leith aige don gceol agus don teanga. Chuir sé an méid sin fuinnimh isteach i ngach ócáid, clár raidió, agus ceolchoirm a d’eagraigh sé. Duine speisialta é Rónán a bheidh linn go deo na ndeor. Beidh Dorn San Aer speisialta.”

Cé gur seo an chéad bhliain a thitfidh an fhéile amach, is léir ó ghrá a theaghlaigh, agus grá an phobail, go mbeidh féile Rónáin linn go ceann na mblianta fada amach romhainn. Caith súil ar an chlár iomlán agus ceannaigh ticéid anseo.

The post Tá an fuireachas le Féile Dorn San Aer in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí faoi lán seoil appeared first on NÓS.

Níos mó