
Turas an Chlub go hInis Meáin
Turas an Chlub go hInis Meáin
@ Uimhir 6, Conradh na Gaeilge
Festival Arts and EntertainmentTuras an Chlub go hInis Meáin
30 Bealtaine - 2 Meitheamh
Inis Meáin, Árainn
Tá an Club ag eagrú turais go hInis Meáin ar an 30ú Bealtaine go 2ú Meitheamh 2025. Níl ach cúpla spás fágtha!
Tá go leor imeachtaí pleanáilte againn i gcomhpháirt le Comhlacht Forbartha Inis Meáin is beidh ardspraoi againn ar an oileán don deireadh seachtaine. I measc na n-imeachtaí, beidh rang agus seisiún amhránaíochta, turais go dtí Teach Synge agus Dún Chonchúir, Siúlóid threoraithe agus imeachtaí eile le muintir an oileáin. Dár ndóigh beidh neart craic san áireamh chomh maith!
Tá go leor daoine tar éis an fhoirm léiriú spéise a líonadh amach. Má tá spéis agat teacht linn ar an turas, is féidir an fhoirm íocaíochta seo a líonadh: https://tally.so/r/mKRWvK
€150 an costas agus tá trí oíche lóistín is bricfeasta san áireamh. Tá méid teoranta spásanna ann is mar sin, molaimid do spás a chinntiú sula ndíolann sé amach.Tabharfar tús áite do bhaill reatha freisin.
Má tá tú ag iarraidh campáil, tá sé saor in aisce agus is féidir an fhoirm seo a líonadh amach: https://tally.so/r/3NObOp
Ag súil go mór leis an turas. Bí i dteagmháil linn má bhíonn aon cheist.