
Ceardlann scríbhneoireachta d’fhoghlaimeoirí fásta
Ceardlann scríbhneoireachta d’fhoghlaimeoirí fásta
@ Leabharlann Nás na Ríogh
Conversation Group ClassAr mhaith leat do chuid Gaeilge a úsáid ar bhealach cruthaitheach? Tapaigh an deis le Cill Dara le Gaeilge agus Fighting Words!
Beidh Bríd-Treasa ó Fighting Words (www.fightingwords.ie) linn i Leabharlann Nás na Ríogh an 15 Bealtaine 2025 chun ceardlann scríbhneoireachta a chur ar siúl do dhaoine fásta. Deis is ea an cheardlann seo le tabhairt faoin scéalaíocht i scríbhinn ar bhealach an-neamhfhoirmiúil agus beagán spraoi a bheith agat leis. Cruthóidh tú carachtar agus scéal nua i dtimpeallacht thacúil agus ní gá aon imní a bheith ort faoi bhotúin ná easpa stór focal - táimid ann le cabhrú leat agus le foghlaim le chéile! Ní gá aon taithí scríbhneoireachta a bheith agat le freastal ar an gceardlann ach an oiread, agus beidh seans agat a bheith ag cruthú le grúpa agus/nó as do stuaim féin.
Cuirtear fáilte roimh gach cumas Gaeilge, foghlaimeoirí san áireamh!
Is imeacht saor in aisce é seo ach ní mór clárú roimh ré.