
Comórtais Liteartha an Oireachtais: Spriocdháta Iontrála
Comórtais Liteartha an Oireachtais: Spriocdháta Iontrála
CompetitionTá áthas orainn a fhógairt go bhfuil muid anois ag glacadh le hiarratais do Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2025. Tá tríocha dó (32) comórtas agus réimse leathan seánraí i gceist ar chlár na bliana seo. Freastalaíonn na comórtais seo ar an uile chineál scríbhneoir: daoine fásta; mic léinn tríú leibhéal; daltaí meánscoile agus daltaí bunscoile.
Tá na Comórtais Liteartha mar chuid lárnach d'obair an Oireachtais ó bunaíodh é in 1897 agus é mar aidhm acu:
- deiseanna a chur ar fáil don ghréasán scríbhneoirí Gaeilge ar fud an domhan;
- litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn; agus
- scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn.
Cuirfear duaischiste ar fáil do gach comórtas agus níos tábhachtaí fós, cuireann an painéal moltóirí aiseolas luachmhar ar fáil do gach scríbhneoir ar a gcuid saothar – aiseolas a chabhraíonn le forbairt, bláthú agus scileanna scríbhneoireachta na scríbhneoirí.
Is féidir iarratas a chur isteach ar líne ag an nasc thíos nó is féidir cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig:
Comórtais Liteartha an Oireachtais 2025, Páirc Ghnó Chasla, Casla, Co. na Gaillimhe, H91 XP6E
SPRIOCDHÁTA IONTRÁLA: 1 Iúil 2025
https://pangr-comlit.herokuapp.com