Cúrsa Samhraidh
Cúrsa Samhraidh
@ Meangadh Fíbín / Fíbín Media
ClassTá Cúrsa Samhraidh chun Tallann a Fhorbairt d'Earnáil na Meán Gaeilge á sheoladh ag Fíbín Media agus TG4.
Ar mhaith leat post a ligeann duit a bheith cruthaitheach agus freagrach as cláir teilifíse den scoth a chruthú?
Bain triail as na Meáin! Tá Fíbín Media ag glacadh le hiarratais do chúrsa 7 seachtaine, ag tosú 26 Meitheamh. Níl táillí le híoc ná scrúduithe le déanamh! Cuirfear lóistín agus bia ar fáil don tréimhse, cén fáth nach ndéanfá é?
Cúrsa praiticiúil atá ann a thabharfaidh deis duit speisialtóireacht a dhéanamh i ról sna meáin. Clúdóidh an cúrsa stiúrthóireacht, léiritheoireacht, láithreoireacht, ceamaradóireacht, teicneolaíocht fuaime, grianghrafadóireacht, margaíocht, eagarthóireacht agus grafaicí. Má tá Gaeilge agat agus má tá suim agat obair in earnáil na teilifíse, déan teagmháil linn!
Seol CV chuig acadamhfibin@gmail.com
Gach eolas ar fibinmedia.ie agus anseo.