Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Bealaí leis an #EuroGaelach a chaitheamh

| Dáithí Anraí |

Seo thíos 5 bhealach le do chuid airgid a chaitheamh ar mhaithe le gnólachtaí agus seirbhísí Gaelacha a chur chun cinn. Liosta gairid é seo a thugann cúpla sampla daoibh. Más maith leat teacht ar níos mó gnóthaí le Gaeilge, tá eolaire gnó curtha le chéile ag PEIG.ie.

Is féidir cuairt a thabhairt air má théann tú go Eolaire.PEIG.ie.

Tá réimse leathan d’ábhar le feiceáil agus tú sa Cheardlann ar an Spidéal. Ón bhfíodóireacht go hábhair déanta as gloine nó cloch go píosaí áille ealaíne eile. Tá an-chuid ar fáil atá lámhdéanta agus foirfe mar chuimhneachán ar do thuras go Conamara. Oscailte in 1984 ag teacht ó smaoineamh bhí ag fear darb ainm Jesús Modia agus le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, chuaigh an Cheardlann ó neart go neart thar na blianta, le daoine a bhfuil ceirdeanna éagsúla acu ag teacht agus ag cur léi.

D’fhéadfá roinnt mhaith ama a chaitheamh ag breathnú ar an méid áilleagán éagsúla atá ar fáil. Agus tú i mbun siopadóireachta ann, d’fhéadfá stopadh sa bhialann lonnaithe sa dhúiche ar chúl. Más cúpán tae atá uait nó béile ceart, bí cinnte go bhfuil sé ar fáil ar ardchaighdeán ón mBuilín Blasta.

Is féidir níos mó a fhoghlaim faoin gCeardlann anseo.

An Fáinne. Comhartha na Gaeilge. Léirítear an bród atá againn sa teanga agus an Fáinne á chaitheamh againn. Tráth bhíodh ort scrúdú a dhéanamh le cead a fháil an Fáinne a chaitheamh; le léiriú go raibh ‘líofacht’ agat sa Ghaeilge. Tháinig deireadh leis an gcur chuige seo i bhfad ó shin áfach.

Is féidir anois an Fáinne a cheannach ó dhíoltóirí éagsúla timpeall na tíre agus ní hé nach bhfuil cead é a cheannach muna bhfuil ardchumas Gaeilge agat. Caith an Fáinne mar shiombal bróid, le léiriú go bhfuil tú sásta an Ghaeilge a labhairt ó lá go lá – san obair, ar scoil, i ngach gné den saol.

Is féidir an Fáinne a cheannach ó áiteanna éagsúla – An Siopa leabhar, ar líne, nó sa siopa é féin ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath. Is féidir é a cheannach ó Gael Linn, arís ar líne nó díreach óna n-oifigigh ar shráid an Dáma, Baile Átha Cliath. Díolann an Ceathrú Póilí i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál, Béal Féirstean fáinne chomh maith mar aon leis an suíomh idirlín Údar.ie.

Ar mhaith leat bronntannas deas Gaelach a cheannach d’ócáid mhór ar na bacáin? Más ea, ná téigh níos faide ná Criostal na Rinne, an comhlacht ceirde is fearr in Éirinn ag cruthú criostal lámh-déanta ar ardchaighdeán. Ba é Éaomann Ó Turraoin a thosaigh an comhlacht, máistircheardaí agus dearthóir tar éis dó Criostal Phort Láirge a fhágáil. Sa lá atá inniu ann, tá taithí de 45 bliain caite aige i mbun a cheirde.

Lonnaithe i nGaeltacht na Rinne, baineann Éaomann úsáid as modhanna traidisiúnta agus comhaimseartha le scoth an chriostail a dhéanamh. Is féidir breathnú ar shuíomh Chriostal na Rinne anseo.

Más duine mór spóirt thú, go háirithe má bhíonn tú i mbun iománaíochta nó camógaíochta, tuigeann tú an cráigh a bhaineann le camán a bhriseadh. Bristear ceann i ndiaidh cinn uaireanta.

Seo daoibh Seosamh Breathnach Hurleys, déantóir camán ar ardchaighdeán lonnaithe i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath. Cuirtear na seirbhísí uilig ar fáil trí Ghaeilge más fearr leis an gcustaiméir. Is féidir ceardlanna a eagrú leis chomh maith, más spéis leat do chamán féin a dhéanamh, mar aon le chuile chuid eile den ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Breathnaigh ar a leathanach Facebook ag an nasc seo.

Is mór an méid cainte atá le cloisteáil na laethanta seo faoi chúrsaí féinaire agus áille. Tá Rí na Mara, atá lonnaithe ar an Spidéal tar éis an treocht a aithint lena raon cosmaidí feamainne. Ceannaíonn siad feamainn ar ardchaighdeán ó ghearrthóirí áitiúla i gConamara a bhíonn ag baint úsáid as modhanna traidisiúnta inbhuanaithe leis an bhfeamainn a shábháil.

D’éirigh leo conradh luachmhar a fháil leis an ollmhargadh Gearmánach ALDI agus bíonn a dtáirgí le ceannach ó dhíoltóirí faoi leith eile. Is leathan an réimse táirgí atá acu, ó uachtar súile go lóis choirp mar aon le roinnt roghanna spéisiúla eile. Déanann siad ciseáin dheasa chomh maith a bheadh foirfe mar bhronntanas nó féirín. Is féidir scéal Rí na Mara a léamh as Gaeilge anseo, nó is féidir a dtáirgí uilig a fheiceáil anseo.

Dhá chomhlacht Gaelacha eile:

Dungarvan Brewing Company / Grúdlann na nDéise

Nach mór an borradh atá tagtha ar thionscadal na beorach le blianta beaga anuas? I gcás na mbeoracha ceirde go háirithe, tá fás as cuimse tagtha ar a n-éileamh go hidirnáisiúnta. Is comhlacht é Grúdlann na nDéise ar éirigh leo sciar suntasach den mhargadh sin a fháil. Tá 13 beoir agus leann éagsúla grúdaithe acu a bhfuil an-éagsúlacht bhlais agus stíle ag baint leo. Déantar na táirgí uilig i nDún Garbhán agus is féidir iad a cheannach i 25 contae in Éirinn agus thar lear sa Fhrainc agus san Iodáil. Téigh go suíomh na grúdlainne anseo.

Drioglann Loch Measc

Ní chóir a bheith ag labhairt faoin mbeoir cheirde gan a bheith ag labhairt ar na biotáillí ceirde chomh maith. Is dream iad Drioglann Loch Measc a dhéanann a fuisce, vodca agus jin féin atá lonnaithe i nGaeltacht Thuar Mhic Éadaigh i gcontae Mhaigh Eo. Más spéis leat is féidir baraille iomlán fuisce a cheannach uathu chomh maith. Nach mbeadh blaisín de d’fhuisce fhéin go deas ar na laethanta fuara geimhridh? Téigh chuig suíomh na drioglainne anseo.