Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Bealaí le do chuid Gaeilge a úsáid le linn an tsamhraidh

| Dáithí Anraí |

Seo daoibh roinnt bealaí a mholann muid más maith leat do chuid Gaeilge a úsáid le linn an tsamhraidh. An bhfuil aon bhealaí eile ar eolas agat?

Tobar na Gaeilge, tobar na háilleachta

Tá an t-ádh dearg linn an samhradh seo leis na laethanta fada agus leis an aimsir is fearr le blianta anuas. Tugann an samhradh deis dúinn am a chaitheamh faoin aer agus taithneamh a bhaint as ár dtír álainn féin. Bealach iontach do chuid Gaeilge a chleachtadh ná turas a thógáil chuig ceann de na Gaeltachtaí agus sult as bhaint as an ngrian shíoraí sin.

Tiocfaidh tú ar na ceantair is nádúrtha agus is saor ó thruailliú sa tír, mar aon leis na radhairc is iontaí dá bhfeicfeá riamh.

An bhfuil slí bheatha os comhair an mhaidhc i ndán duit?

De ghnáth i rith an tsamhraidh bíonn fonn orainn triail a bhaint as rudaí nua. Is iomaí stáisiún raidió Gaeilge atá sa tír faoi láthair: Raidió Rí-Rá agus Raidio na Life i mBaile Átha Claith agus Raidió Fáilte i mBéal Feirste.

Cuireann na stáisiún seo uilig fáilte roimh dhaoine teacht agus cláracha raidió a dhéanamh leo. Idir phlé agus cheol go díospóireachtaí móra, bíonn cláracha de gach saghas á lorg acu. Bealach iontach é seo do chuid Gaeilge a úsáid, gan trácht ar an gclú a thagann le bheith ar an raidió. Cuir tús le caitheamh aimsire nua an samhradh seo. Ní bheidh aiféala ort.

An bhfuil tú cáirdiúil leis an ulchabhán beag glas fós?

Agus tú éalaithe ón seomra ranga agus na hábhair scoile uilig fágtha ann leis, is féidir fós an Ghaeilge a thabhairt leat áit ar bith tríd an aip Duolingo. Is aip í Duolingo d’aon duine a bhfuil spéis acu teangacha a fhoghlaim.

Tá na ceachtanna éasca le déanamh agus simplí le tuiscint agus ní ghlacann sé ach cúig go deich nóiméad in aghaidh an lae. Tá breis is 4 mhilliún duine i ndiaidh tabhairt faoin nGaeilge ar Duolingo go pointe éigin cheana féin. Cén fáth nach dtugann tú fúithi chomh maith? Léigh níos mó faoin nGaeilge ar Duolingo anseo, nó is féidir an aip a ioslódáil ón Appstore anseo nó ón Playstore anseo.

Léitheoireacht, Gaeilge agus grian: nach bhfuil siad iontach le chéile?

Is minic a thógtar leabhar ag an trá i rith an tsamhraidh ar mhaithe le scíth a ligint agus dearmad a dhéanamh ar an bhfíorshaol os do chomhair. Cén dochair é leabhar Gaeilge a thabhairt leat?

Tá na mílte leabhar ar fáil as Gaeilge i ngach seánra faoin spéir: scéalta grá, úrscéalta, scéinseirí go gearrscéalta greannmhara agus aoir. Tá rogha leathan de leabhar ar fáil agus cinnte cabhróidh sé seo leat do chuid Gaeilge a úsáid agus í a chur i bhfeabhas. Tá scoth na leabhar ar fáil ón Siopa Leabhar ar 6 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath. Caith súil ar an suíomh s’acu anseo.

Cuirfidh fuaimeanna binne na Gaeilge ar do chompord thú

Is ollmhór an borradh atá tagtha ar earnáil na podchraoltóireachta le blianta beaga anuas, agus tá an borradh sin le feiceáil go soiléir i measc na bpodchraoltaí Gaeilge. Agus tú ag tiomáint ar do shaoire, nó ag dul thar lear ar eitilt, déan íoslódáil ar phodchraoladh Gaeilge nó dhó. Éist leis an bplé agus leis an teanga. Lig di sá isteach.

Tá ár rogha bpodchraoltaí Gaeilge le feiceáil anseo, agus feicfidh tú go bhfuil an-éagsúlacht agus réimse leathan spéise ag baint leo. Éist agus lig do scíth; foghlaimeoidh tú as do stuaim fhéin.