Acmhainní oideachais iontacha ar líne
Home School Hub ar RTÉ 2
Is sraith nua teilifíse í Home Schoool Hub do phaistí bunscoile ina mhúintear ábhair scoile éagsúla. Bíonn sé ar siúl gach maidin ag 11:00 – 12:00 ar RTÉ 2 le Múinteoir Clíona, Múinteoir Ray agus Múinteoir John. Is féidir teacht ar gach rang ar RTÉ Player agus tuilleadh eolais anseo.
Siopa Ealaíne ar Cúla4 na nÓg
Is sraith ealaíne nuálach é Siopa Ealaíne atá dírithe ar ghasúir réamhscoile. Múinfidh an láithreoir Neasa scileanna ealaíne i mbealach siamsúil agus spraíúil as a siopa féin i gcroílár an phobail i mbaile beag álainn cois farraige. Bíonn neart spraoi, spórt agus ealaíon i siopa Neasa i gcónaí.
An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn ar YouTube
Is clár nua é An Féidir Leat? le Gaeilge Mhaigh Cuilinn ar YouTube chun an Ghaeilge a spalpadh trí cheoil is spraoi le cnaguirlisí, scéalaíocht, STEM, ealaín, amhranaíocht agus roinnt rudaí eile. Is clár Gaeilge é atá curtha le chéile ag Julie Anne i nGaeilge Maigh Cuilinn chun tacaíocht a thabhairt do na páistí sa bhaile.
Áiseanna Bunscoile leis an nGúm
Tá go leor Áiseanna Bunscoile ar fáil ar shuíomh Fhoras na Gaeilge faoi scáth an Ghúim. Ina measc tá nuachtlitir spreagúil spraíúil faoin dúlra agus faoi chúrsaí timpeallachta. Tá rogha áiseanna agus gníomhaíochtaí digiteacha ar fáil ar suíomh Séideán Sí freisin atá bunaithe ar an méid atá sna leabhair. Déantar forbairt bhreise ar na hábhair sin ar an suíomh.
An Clog Cainteach leis an CCEA
Is achmainn an-simplí í An Chlog Cainteach do pháistí óga chun cuidiú leo conas an t-am a aithint. Tá sé deas tarraingteach agus foirfe mar chleachtadh dóibh.
Closleabhair do Pháistí le Walker Éireann ar SoundCloud
Tá bailiúcháin scéalta Walker Eireann do pháistí ar fáil ar SoundCloud. Tá closleabhair Stúicai Stiúghta, Ulchabhan Óga, Is Geal Liom Sibh Go Léir agus an-chuid eile ar fáil. Is modh siamsúil deas é seo gan a bheith sáinnithe os comhair scáileáin don lá!
Foireann PEIG.ie