Ceol
Ciorcal Comhrá ! Droichead Átha
24/04/2025
McHugh's, Bóthar an Corda, Contae Lú
Ciorcal comhrá ar súil gach Deardaoine @8pm. Seisiún Trad ina diaidh sin. Every level of Gaeilge is welcome, má tá tú líofa nó má tá cúpla focail agat! Bígí linn don craic, ceol agus comhrá!
Bricfeasta 2; caint is cadráil i gCaifé Myo.
27/04/2025
Caifé Myo, Caifé Myo;34 Cé Pope.;Corcaigh;T23 F590
11.30 Caint is cadráil mar aon le Ciorcal Cainte. Fáilte roimh chách.
Aifreann an Domhnaigh
27/04/2025
Séipéal Naonh Peadar is Pól, Séipéal Naonh Peadar is Pól;Plás Pheadair agus Phóil, Corcaigh;Corcaigh;T12 R227
Aifreann an Domhnaigh Bíonn an t-aifreann as Gaeilge gach Domhnach i Séipéal Naomh Peadar is Pól i lár na cathrach. Bailíonn pobal bríomhar le chéile agus bíonn imeachtaí breise ar bun i gcaitheamh an aifrinn agus ag deireadh an aifrinn. Ní neart go cur le chéile.
Amhránaithe an Chlub Mhí Bhealtaine
01/05/2025
Tigh Uí Bhruaidí, 97, Sráid Mhaoilbhríde, BÁC, D01 PP92
Amhránaithe an Chlub ar Camchuairt! Tigh Uí Bhruaidí (Briodys) Déardaoin 1ú Bealtaine 2025 Thuas staighre in Briodys, 97 Sráid Mhaoilbhríde, Tuaisceart na Cathrach (in aice le Pipers Corner) 1ú Bealtaine, amhráin óna 9pm Tabhair leat amhrán agus péire cluas! Tá fáilte mhór roimh éisteoirí ar ndóigh. Níl cead léamh ó ghuthán póca - foghlaim an t-amhrán le bhur dtoil. Tosóidh na hamhráin ar 9pm. Mairfidh an ócáid fhoirmiúil go dtí ~11.30pm. Is gá ticéad a bheith agat. Seo an naoú hoíche is tríocha den oíche rialta amhránaíochta.
Turas go Gaeltacht na Rinne
09/05/2025
Coláiste na Rinne, R674, Contae Phort Láirge, Cúige Mumhan, Éire, X35 E168
Eagróidh Baile Buadáin le Gaeilge turas go Coláiste na Rinne, Rinn ua gCuanach, Co Phort Láirge. Tá dhá oíche leaba & bricfeasta agus dhá dhinnéar san áireamh chomh maith le turas treoraithe agus busanna. Tá clár cuimsitheach curtha le chéile don deireadh seachtaine, idir ceol, spraoi is spórt
Éigse na Brúiséile
16/05/2025
An Bhrúiséil, Cois Zenne sa Bhruiséil
📣ÉIGSE 2025📣 🗓️16-18 Bealtaine 📍Cois Zenne sa Bhruiséil 🗞️Scaipigí an scéal! Tá an Éigse ar ais! Clár agus tuilleadh sonraí le teacht 💚 Tuilleadh eolais