Comórtas
Comórtais Liteartha an Oireachtais: Spriocdháta Iontrála
26/04/2025
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil muid anois ag glacadh le hiarratais do Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2025. Tá tríocha dó (32) comórtas agus réimse leathan seánraí i gceist ar chlár na bliana seo. Freastalaíonn na comórtais seo ar an uile chineál scríbhneoir: daoine fásta; mic léinn tríú leibhéal; daltaí meánscoile agus daltaí bunscoile. Tá na Comórtais Liteartha mar chuid lárnach d'obair an Oireachtais ó bunaíodh é in 1897 agus é mar aidhm acu: - deiseanna a chur ar fáil don ghréasán scríbhneoirí Gaeilge ar fud an domhan; - litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn; agus...