Féile
An Focal Beo
20/04/2024
Líonra Leitir Ceanainn 🥇, 7 Sráid an Chaisleáin, Leitir Ceanainn
Tá féile An Focal Beo 2024 á seoladh ag Líonra Leitir Ceanainn ina ndéanfar ceiliúradh ar an Ghaeilge mar theanga shaibhir a nascann go smior le béaloideas, filíocht, fealsúnacht, amhráin, oidhreacht, stair, miotaseolaíocht, cruthaitheacht agus féin-ionannas na ndaoine. Mar a dúirt Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn, “Tá muid ag iarraidh an fuinneamh agus an borradh atá faoin Ghaeilge a cheiliúradh le daoine agus cuireadh a thabhairt dóibh dul i ngleic le hamhránaíocht, scéalaíocht, cruthaitheacht agus filíocht. Dar leis an seanfhocal, “Tír gan teanga, tír gan anam”. Tá muidne chun léiriú cé chomh beo beathach is...
Féile Idirnáisiúnta Litríochta CÚIRT
20/04/2024
Ionad Ealaíon na Gaillimhe, 47, Sráid Dhoiminic Íochtarach, Cathair na Gaillimhe, H91 P08F
Tá Féile Idirnáisiúnta Litríochta, Cúirt ar ais i mbliana! Bunaithe i nGaillimh i 1985, tá Cúirt ar cheann de na féilte leabhar is sine san Eoraip, agus is guth ceannródaíoch é don litríocht go hidirnáisiúnta agus ar fud na hÉireann. Tá ríméad orainn go mbeidh tuilleadh imeachtaí Cúirt ar siúl sa Taibhdhearc. Breathnú ar suíomh idirlíon Cúirt ar feadh níos mó eolais: www.cuirt.ie
Ard-Fheis na n-Óg 2024
24/04/2024
Corca Dhuibhne , Co Chiarraí
I mbliana, tá Áthas orainn a fhógairt go mbeidh Ard Fheis na n-Óg ar súil í gCorca Dhuibhne ón 24-25 de mí Aibreáin. Is Deis iontach í Ard-Fheis na n-Óg ardán poiblí a thabhairt do dhaltaí meánscoile agus guth na n-óg a spreagadh. Ag an Ard-Fheis, bíonn deis ag na daltaí cur i láthair a dhéanamh, freastal ar cheardlanna agus díospóireachtaí a dhéanamh lean gcomhscoláirí ó thimpeall na tíre. Is imeacht é dóibh siúd san idirbhliain nó sa shraith shinsireach a fhreastalaíonn ar scoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí. Tá an fhoirm chlárúcháin & tuilleadh eolais faoin Ard Fheis ar ar fáil...
Béile na Féile
26/04/2024
An Piobar Buí, Leitir Ceanainn, Dún na nGall,, F92 K125
Béile na Féile - Festival Meal!🍽🔥 Bígí linn Dé hAoine, 26ú Aibreán in An Piobar Buí, Leitir Ceanainn fá choinne Bhéile na Féile - Cuir d'áit in áirithe linn ag pobal@lionralc.ie / 086 0751663, ach bí gasta mar go bhfuil dearbhán €10 ar fáil don chéad 15 duine atá cláraithe!🥳
Lá Mór na Gaeilge
28/04/2024
Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath D07 WNP2
Féile Imeacht don Óige Léacht nó Caint Oiriúnach do Theaghlaigh Siamsaíocht Agus Ealaín Spórt agus Sláinte
Tá áthas an domhain orainn le rá go mbeidh @lamornagaeilge ag bogadh chuig suíomh níos mó i mbliana i Margadh na Feirme. Déan leathanach Lá Mór na Gaeilge a leanúint le bheith coinnithe ar an eolas faoi gach rud a bheidh ag titim amach ar an lá, sna seachtainí amach romhainn. We are delighted to announce that Lá Mór na Gaeilge is moving to a bigger site this year in Smithfield. Follow Lá Mór na Gaeilge to be kept up to date with announcements about what will be taking place on the day over the coming weeks. Tuilleadh anseo
Seó ceoil “Dúchas agus Dóchas”
03/05/2024
Halla Colmáin, An Sean Phobal, Gaeltachta na nDéise, Port Láirge
Ar an 3ú lá Bealtaine beidh seó ceoil "Dúchas agus Dóchas" ag teacht chuig na nDéise! Cuireann Comhlucht Forbartha na nDéise fáilte chroíúil roimh ‘Dúchas agus Dóchas’ go dtí an Sean Phobal. Déanann Dúchas agus Dóchas ceiliúradh ní hamháin ar thraidisiún amhránaíochta saibhir Chontae an Chláir ach ar thionchar na nDéise ar an dtraidisiún sin agus é ag nochtadh an t-seana nasc treibhe, fola, teanga, ceoil agus cultúir a mhaireann idir an dá phobal síos go dtí an lá atá inniu ann. Beatha teanga í a labhairt beatha amhrán é a rá, snáth órga, ceolmhar, trí athbheochan amhránaíochta sa Chlár...
Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe
03/05/2024
Amharclann na Gaillimhe, Cearnóg Theach na Cúirce, Cathair na Gaillimhe, H91 H3C2
Tá Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe ar ais i mbliana! Seachtain spreagúil de léirithe amharclannaíochta, sorcais, seó agus scéalaíochta a chuireann cultúr agus cruthaitheacht bhríomhar Chathair na dTreabh i lár an aonaigh. Beidh roinnt imeachtaí an fhéile ar siúl sa Taibhdhearc. Breathnú ar suíomh idirlíon Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe le haigh tuilleadh eolais: galwaytheatrefestival.com
IMRAM na nÓG
07/05/2024
I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin agus i gcathair Bhaile Átha Cliath, Contae Átha Cliath
Beidh na céadta páiste i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin agus i gcathair Bhaile Átha Cliath ag glacadh páirte i gceardlanna litríochta faoi stiúir scoth na scríbhneoirí do pháistí le linn IMRAM na nÓG, 7-11 Bealtaine 2024.
Scoil Samhraidh: Comhréir agus Frásaíocht na Gaeilge
07/05/2024
Coláiste na Rinne, R674, Contae Phort Láirge, Cúige Mumhan, Éire, X35 E168
📢Tá an clárú ar oscailt anois don Scoil Samhraidh ar chomhréir agus ar fhrásaíocht na Gaeilge. 🗓️Dáta: 18-22 Lúnasa 2024 📌Áit: Coláiste na Rinne @ColaistenaRinne 📚Costas: €30 (táille) agus €350 (bia & lóistín) ⏰Ní mór éarlais €50 a íoc roimh an 7 Bealtaine chun d’áit ar an gcúrsa a dheimhniú. 📌Éarlais (& an tagairt ‘NuaGhaeilge’) le híoc anseo: https://anrinn.com/fees/ Ceisteanna breise: cuir r-phost chuig a.doyle@ucc.ie
Rasaí Currachaí Pátrún Inis Mór
30/06/2024
Cill Rónáin an tsean ceibhe, Árainn, Co na Gaillimhe
Rasaí Currachaí mar chuid dé féile Pátrún Inis Mór, Arainn, Co Na Gaillimhe. Rasaí Fear agus Bean, Rasaí Faoi 18, Rasaí sinsir na bhfear agus rasaí sinsir mná. Tá ná rasaí claraithe le Coiste Lár na currachaí chun a bheidh istigh sa léig don chóras pointí.
Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair
27/12/2024
Gaoth Dobhair , Dún na nGall
Is Féile Ealaíne Traidisiúnta bhliantúil í Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, a reáchtáiltear ón 27 Nollaig go dtí an 01 Eanáir gach bliain. Reáchtáiltear ranganna i raon leathan uirlisí ceoil chomh maith le ceardlanna amhránaíochta agus damhsa thar 4 lá le linn na féile. Sna tráthnónta, bíonn éagsúlacht ceolchoirmeacha agus imeachtaí ann chomh maith le léachtaí agus rian seisiúin (session trail) de thithe tábhairne áitiúla. Tá ticéidí luath ar díol anois d’fhéile 2024 i mí na Nollag seo chugainn anseo; https://www.eventbrite.ie/o/scoil-gheimhridh-ghaoth-dobhair-8603665006 Níos mó eolais: https://scoilgheimhridh.com/ https://www.facebook.com/ScoilGheimhridh https://www.instagram.com/scoilgheimhridh