Sraith cainteanna ar líne faoi gharraíodóireacht agus an dúlra. An bhfuil suim agat i ngarraíodóireachta, fonn ort do lámha a chur san ithir agus boladh an nádúr a fháil i’d shrón. Fonn smacht a chur ar phaiste talaimh, dath a chur sa ghairdín, glasraí a fhás nó fiú tacaíocht a thabhairt don nádúr féin. Beidh cainteoirí spreagúla againn, daoine le taithí na mblianta acu ar chúrsaí garraíodóireachta agus an nádúr. Beidh téamaí difriúil ag gach cainteoir. Beidh Mairéad Ní Lionáird ó Chúil Aodha agus ó Folláin (Suibhe, Picil, Anlainn agus Relish) mar aoi ar an tarna seachtain (2ú Márta). Beidh...