Rang
Ranganna Gaeilge
23/04/2024
Teach na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, H91 TN9E
Ranganna Gaeilge do fhoghlaimeoirí i dTeach na Gaeilge, Maigh Cuilinn.
Ceardlann scríbhneoireachta idirnáisiúnta
29/04/2024
Prós agus Filíocht
Dáta: Dé Luain, 29 Aibreán 2024 Am: 19.00 – 22.00 (am na hÉireann) ar-líne trí Zoom Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge atá ina gcónaí taobh amuigh d’Éirinn agus nach mbíonn seans acu de ghnáth bualadh le scríbhneoirí Gaeilge eile lena saothar a phlé. Cuirtear fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu agus roimh scríbhneoirí nua atá ag tosú. Beidh áit d'ochtar ar fad ar an gceardlann. Cuireadh do scríbhneoirí iarratas a sheoladh isteach Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann...Scoil Samhraidh: Comhréir agus Frásaíocht na Gaeilge
07/05/2024
Coláiste na Rinne, R674, Contae Phort Láirge, Cúige Mumhan, Éire, X35 E168
📢Tá an clárú ar oscailt anois don Scoil Samhraidh ar chomhréir agus ar fhrásaíocht na Gaeilge. 🗓️Dáta: 18-22 Lúnasa 2024 📌Áit: Coláiste na Rinne @ColaistenaRinne 📚Costas: €30 (táille) agus €350 (bia & lóistín) ⏰Ní mór éarlais €50 a íoc roimh an 7 Bealtaine chun d’áit ar an gcúrsa a dheimhniú. 📌Éarlais (& an tagairt ‘NuaGhaeilge’) le híoc anseo: https://anrinn.com/fees/ Ceisteanna breise: cuir r-phost chuig a.doyle@ucc.ie
Ceardlann Logainmneacha
10/05/2024
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Bóthar Pháirc na nGrás, Droim Chonrach, BÁC, D09 N920
Beidh Ceardlann Logainmneacha á reáchtáil ag Gaois (FSG, DCU) agus an Brainse Logainmneacha ar an 10 Bealtaine 2024. Deis chun foghlaim faoin nasc atá ann idir na logainmneacha agus na crainn. Sábhálaigí an dáta! Tuilleadh eolais anseo.
Dianchúrsaí Gaeilge
13/05/2024
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, An Cheathrú Rua
Dianchúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta.
Ceardlann Scríbhneoireachta AAG i mBéal Feirste
18/05/2024
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 🥇, 216 Bóthar na bhFal, Béal Feirste BT12 6AH
Beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ag AerachAiteachGaelach i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, ar an 18 Bealtaine 2024, ón 10:00 go dtí 15:00. Pléifidh Sam Ó Fearraigh - file, drámadóir, aisteoir, agus scríbhneoir scripte - ceird na scriptscríbhneoireachta linn agus pléifidh Seán Ó Muireagáin - gníomhaí pobail, file, agus gearrscéalaí - gnéithe den phrós-scríbhneoireacht. Ticéid: www.eventbrite.ie
Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair
27/12/2024
Gaoth Dobhair , Dún na nGall
Is Féile Ealaíne Traidisiúnta bhliantúil í Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, a reáchtáiltear ón 27 Nollaig go dtí an 01 Eanáir gach bliain. Reáchtáiltear ranganna i raon leathan uirlisí ceoil chomh maith le ceardlanna amhránaíochta agus damhsa thar 4 lá le linn na féile. Sna tráthnónta, bíonn éagsúlacht ceolchoirmeacha agus imeachtaí ann chomh maith le léachtaí agus rian seisiúin (session trail) de thithe tábhairne áitiúla. Tá ticéidí luath ar díol anois d’fhéile 2024 i mí na Nollag seo chugainn anseo; https://www.eventbrite.ie/o/scoil-gheimhridh-ghaoth-dobhair-8603665006 Níos mó eolais: https://scoilgheimhridh.com/ https://www.facebook.com/ScoilGheimhridh https://www.instagram.com/scoilgheimhridh