Faoi imeachtaí PEIG.ie
Is é PEIG.ie an t-aon suíomh idirlín a chuireann imeachtaí Gaelacha timpeall na tíre agus an domhain chun cinn. Aimsigh imeachtaí le freastal orthu nó cláraigh d’imeacht féin linn.
Tá rud éigin do chách ar ár léarscáil imeachta gach seachtain, ó chiorcail chomhrá go hoícheanta do Ghaeilgeoirí i dtithe tabhairne.
Breathnaigh ar an léarscáil idirghníomhach le feiceáil céard atá ag tarlú i do cheantar féin, nó bain úsáid as an mbarra cuardaigh le cuardach a dhéanamh de réir catagóire, contae nó dáta.
Ní gá cuntas a bheith agat le himeacht a chlárú. Brúigh anseo lenár bhfoirm imeachta a líonadh amach; tá fiseán teagaisc ann chomh maith le cabhrú leat tríd an bpróiseas.
Cuirimid meascán de na himeachtaí chun cinn ar na meáin shóisialta agus tríd ár nuachtlitir laethúil. Tapaigh an deis iontach seo poiblíocht a fháil do d’imeacht féin.