Príomhoide Coláiste Ó Direáin Cúrsa A 2024
Coláiste Ó Direáin
Tá Coláiste Ó Direáin lonnaithe ar Inis Mór, Oileán Árainn, Co. na Gaillimhe. Reáchtálann muid ceithre chúrsa gach samhradh do scoláirí idir 11- 18 mbliana d’aois.
Táimid ag glacadh le hiarratais ó iarratasóirí cuí cáilithe do chúrsa A do samhradh 2024. Tá uimhir Comhairle Múinteoireachta riachtanach don phost seo in éineacht le cáilíocht i múineadh na Gaeilge nó cáilíocht mar Mhúinteoir Bunscoile.
Is príomhoide atá á lorg do chúrsa A. Is duine fuinneamhach, eagraithe, cruthaíoch atá ag teastáil, le hard chaighdeán na Gaeilge acu. Molfar go mbeidh láidreachtaí ag na hiarrathóirí ag cruthú comh-oibriú i measc an fhoireann, agus a bheith in ann cúrsa Gaelach, taitneamhach, gníomhach a chur ar fáil do na scoláirí.
Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.odireain.com
Cur d’iarratas chuig runai@odireain.com
Job Features
Job Category | Múinteoireacht Bhunleibhéil, Múinteoireacht Mheánleibhéil, Oideachas, Príomhoideacht |