Aistritheoirí ar Chluichí Ríomhaire
Gaeilge Chun Cinn
Saorobair
Cianobair
29/12/2023
Curtha in airde: 16 Meán Fómhair 2021
Cur síos ar an bpost: Tá Aistritheoirí ar Chluichí Ríomhaire á lorg ag an ngrúpa Gaeilge Chun Cinn chun aistriúcháin a dhéanamh ar chluichí mór le rá.
Obair dheonach atá i gceist agus beidh tú mar chuid de mheitheal ilchineálach ag obair ar thograí aistriúcháin ar chluichí amhail Among Us – Inár Measc, The Witcher, PUBG agus eile.
Níl gá go mbeidh Gaeilge líofa agat – beidh tú de dhíth fiú má tá cúpla focal ar do thoil agat.
Tuilleadh eolais: Más spéis leat a bheith páirteach tabhair cuairt ar shuíomh Gaeilge Chun Cinn anseo agus déan teagmháil leo.
Job Features
Job Category | Deonach |