
Bainisteoir Abhcóideachta ó dheas
Conradh na Gaeilge
Bainisteoir Abhcóideachta ó dheas
Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne. Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile a bhunaigh é in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéise sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ó shin i leith.
Cur síos ar an bpost
Faoi stiúradh an Ard-Rúnaí agus Buanchoiste an Chonartha, beidh de dhualgas ar an mBainisteoir Abhcóideachta na dualgais a leanas a chomhlíonadh:
- Bainistiú go straitéiseach ar ionadaíocht & cosaint teanga ó dheas
- Bainistiú na bhfeachtas sa Ghaeltacht
- Anailís a dhéanamh i gcomhar le páirtithe leasmhara eile ar riachtanais phobal na Gaeilge agus ar na tosaíochtaí a bhaineann leo
- Ionadaíocht thar ceann phobal na Gaeilge a dhéanamh ar fhóraim éagsúla ó dheas atá tábhachtach do chur chun cinn na Gaeilge
- Anailís a dhéanamh agus monatóireacht ar chur i gcrích straitéisí rialtais ó dheas, agus tuairisciú ina leith sin go tráthrialta
- Aighneachtaí cuimsitheach taighde-bunaithe, a chur i láthair an Rialtais agus na n-údarás stáit ó dheas
- A chinntiú go bhfuil an Ghaeilge agus eolas ina leith á gcur i láthair go héifeachtach sa réimse príobháideach agus sa réimse poiblí; á gcur i láthair polaiteoirí ag na leibhéil éagsúla agus lucht na seirbhíse poiblí
- Gníomhú ar chur i bhfeidhm reachtaíocht reatha nuair is gá agus aon reachtaíocht nua molta ó dheas gur féidir an Ghaeilge a chur chun cinn ann nuair is féidir
- Gaol a chruthú agus a chothú le polaiteoirí agus iad a mhealladh leis an nGaeilge a chosaint agus tacú le deiseanna leis an teanga a láidriú (ach go háirithe san Eoraip agus lasmuigh de Bhaile Átha Cliath)
- Feachtais spriocdhírithe ar leith a eagrú agus a stiúradh go tráthúil de réir mar is gá leis an Ghaeilge a chosaint ar ghníomhartha a dhéanfadh a haimhleas
- Córas coimhdéadta a bhunú agus a stiúradh leis an Ghaeilge a chosaint ar ionsaithe ag leibhéal réigiúnach, fo-réigiúnach agus áitiúil de réir mar is gá
- An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí ó dheas a fhorbairt
- Dualgais a bhaineann le hárais an Chonartha
Cur síos ar an té a cheapfar
- Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla idir scríofa agus labhartha
- Cur amach ar obair dheonach na Gaeilge agus ar na feachtais Ghaeilge agus Ghaeltachta
- Cur amach ar na meáin shóisialta
Spriocdháta:
Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@cnag.ie faoi 11:00 Dé Luain, 04 Iúil 2022.
Eolas eile:
- Tuarastal – pro rata d’Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin (Scála ó €50,848 – €64,038)
- Beidh na hagallaimh don phost seo ar siúl Dé Luain, 11ú Iúil 2022
- Tá sé i gceist an post seo a lonnú i nGaillimh (bíonn deiseanna cianoibre ar fáil san eagraíocht chomh maith)
Tá an post á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge
Job Features
Job Category | Conradh na Gaeilge, Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |