
Clár Reachtaire
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta seirbhís chuimsitheach raidió ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Sna mórcheantair Ghaeltachta atá príomh stiúideonna na seirbhíse lonnaithe, agus i gCeannáras Raidió RTÉ i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath. Tá dhá fholúntas pháirtaimseartha do Chlár Reachtairí ag an stáisiún agus is sa Rannóg Spóirt a bheas siad i dtús aimsire. Oibríonn an Clár Reachtaire i bpáirt le meitheal léiriúcháin, teicneolaíochta agus bainistíochta le seirbhís raidió den chéad scoth a chur ar fáil don phobal éisteachta.
I measc na ndualgas a bheidh ar an gClár Reachtaire, beidh:
- Láithriú, taighde agus léiriú ar chláir agus feasacháin i réimsí éagsúla, agus is sa Rannóg Spóirt a bheas siad lonnaithe i dtús aimsire
- Tráchtaireacht, tuairisciú agus obair iriseoireachta ag cluichí, imeachtaí agus araile
- Cóip nuachta a scríobh, a aistriú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu
- Agallaimh agus píosaí fuaime a thaifeadadh sa stiúideo agus ar láithreacha seachtracha eile
- Eagarthóireacht a dhéanamh ar mhíreanna fuaime atá réamhthaifeadta
Tá muid ag lorg daoine leis na tréithe seo a leanas:
- Gaeilge den scoth, idir scríobh agus labhairt
- Taithí chraoltóireachta nó iriseoireachta
- Tuiscint faoi leith ar shaol agus ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge
- Cruthaitheacht, fiosracht agus samhlaíocht
- Tuiscint ar chúrsaí spóirt agus nuachta, agus an cumas chun breith stuama eagarthóireachta a thabhairt
- Scileanna eagrúcháin agus cumarsáide den scoth agus a bheith in ann obair as a stuaim féin nó mar chuid d’fhoireann léiriúcháin
- Scil agus spéis in úsáid a bhaint as na meáin shóisialta chun ábhar a sheachadadh agus cur leis an lucht éisteachta
- Suim agus eolas acu faoin tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil don phobal
Is ag an deireadh seachtaine go príomha a bheidh an obair le déanamh. Éilíonn an ról solúbthacht agus beidh uaireanta oibre neamhrialta i gceist, lena n-áirítear laethanta saoire poiblí. D’fhéadfadh sé go mbeadh taisteal i gceist ag brath ar na dualgais oibre. Is í an Ghaeilge teanga oibre agus craoltóireachta na seirbhíse. Cuirfear traenáil ar fáil de réir mar a theastaíonn.
Conarthaí bliana ar bhonn páirtaimseartha atá i gceist leis na ceapacháin (2 lá in aghaidh na seachtaine atá i gconradh amháin agus lá amháin in aghaidh na seachtaine atá sa chonradh eile).
Is é an raon tuarastail do Chlár Reachtaire ná €47,298 go €63,377 pa, pro-rata.
Iarrtar ar iarrthóirí Curriculum Vitae a chur ar aghaidh chomh maith le litir chumhdaigh. Ba chóir píosa 500 focal a bheith sa litir chumhdaigh a dhéanann cur síos ar na cúiseanna gur mhaith leis an iarrthóir an post agus an méid gur mhaith leis/léi a bhaint amach sa ról. Ní mór an dá cháipéis a bheith i nGaeilge, agus iad a bheith mar chomhad amháin mar chuid den iarratas ar líne.
Dé hAoine, an 8ú lá Lúil 2022 ag a 5 i.n. an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Tuilleadh eolais anseo.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Earnáil Phríobháideach, Gach Folúntas |