Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta

Comhordaitheoir Cnuasaigh Clár Techspace

Kinia

Téarma Seasta
Cúige Laighean
15/08/2022

Teideal an Phoist: Comhordaitheoir Cnuasaigh Clár Techspace

Tionscadal: Kinia – An Clár TechSpace

Ionaid: Laighin

Conartha: Leanúnach, faoi réir maoiniúcháin

Freagrach do: Le deimhniú

Uaireanta an Chloig Oibre: 3 lá oibre

Saoire Bhliantúil: Le deimhniú

CUR SÍOS AR AN bPOST

Eolas an Róil

Tá an ról Clár Oideachais TechSpace lónaithe i Laighin le Kinia (www.kinia.ie). Faoi láthair tá folúntas ann do Chomhordaitheoir Cnuasaigh Clár TechSpace Páirtaimseartha. Is é an ról atá ann Comhordaitheoir Cnuasaigh Clár TechSpace a fhorbairt agus tacú leis i Laighin. Beidh deis ag an té a cheapfar a c(h)uid eolais ar an earnáil oideachais agus forbartha óige a fheabhsú, bualadh le daoine agus eagraíochtaí ar fud Líonra TechSpace agus taithí a fhorbairt i ndáil le deiseanna a chur chun cinn agus imeachtaí áitiúla a eagrú agus é nó í ag cur lena c(h)uid scileanna i réimse síorfháis na Meán Digiteach, STEAM (Eolaíocht, teicneolaíocht, oideachas, na healaíona agus matamaitic) agus na hEolaíochta Ríomhaireachta.

Príomhfhreagrachtaí

Ní mór a thuiscint, áfach, má éiríonn an post iomarcach tráth ar bith le linn thréimhse an chonartha nó má chuirtear deireadh leis an maoiniú don phost nó mura bhfeidhmíonn sealbhóir an phoist go sásúil, go bhféadfar an fhostaíocht a fhoirceannadh.

Seachadadh Oiliúna an Chláir: Riachtanais a shonrú, oiliúint a sholáthar d’oibrithe deonacha, do mhúinteoirí agus do dhaoine óga i rólanna oibre óige agus ar scoil, bainistiú trealaimh.

Tacaíocht an Chláir: Comhairleoireacht – Comhairleoireacht a sholáthar le hoideoirí Techspace i ndáil le réiteach fadhbanna agus réimsí eile a bhaineann leis an gclár. Feidhmiú mar Chomhordaitheoir Cnuasaigh Techspace Gaeilge i Laighin. Oibriú go héifeachtach le comhpháirtithe sa tionscadal seo, lena n-áirítear foireann ábhartha atá fostaithe le Kinia.

Forbairt an Chláir: – TechSpace agus deiseanna breise a bhunú i bpobail, i scoileanna agus i dtionscadail óige agus tacaíochtaí a fhorbairt, oibrithe deonacha, etc, Comhpháirtíochtaí a bhunú. Beartais agus nósanna imeachta ábhartha a chomhlíonadh i ngach réimse oibre lena n-áirítear cosaint leanaí.

Rannpháirtíocht sa Chlár: feasacht i ndáil le Clár TechSpace a chothú i measc príomhghrúpaí leasmhara agus cuidiú le seachadadh gach imeachta margaíochta, cumarsáide agus taispeána agus Creative Tech Fest agus Tech Féile. Teagmhálacha a chothú le pobail áitiúla agus le gnólachtaí teicneolaíochta chun meantóirí, oibrithe deonacha eile agus lucht tacaíochta a earcú.

Cibé dualgas ábhartha eile

Cáilíochtaí agus Taithí Ghairmiúil:

Caighdeán Oideachais go Céim ar leibhéal 8/ Taithí in Obair Óige nó taithí in ábhar ábhartha

  • Taithí oibre, íoctha nó dheonach, le daoine óga
  • Teacht ar charr agus ceadúnas tiomána iomlán na hÉireann
  • Taithí oibre le bainistiú imeachtaí
  • Taithí ar bhogearraí, trealamh agus uirlisí cruthaitheacha a úsáid leis na meáin dhigiteacha, le dearadh grafach, le STEAM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, na hEalaíona agus Matamaitic) agus eolaíocht ríomhaireachta
  • Ardchumas Gaeilge idir labhairt agus scríobh.

Sonraíocht an Duine (Ceanglais uile riachtanach)

  • Scileanna maithe idirphearsanta, lena n-áirítear cumas dul i dteagmháil le raon leathan teagmhálacha agus caidrimh oibre éifeachtacha a bhunú agus a chothabháil
  • Cumas maidir le caidrimh éifeachtacha le daoine óga a bhunú agus a chothabháil
  • Bheith an-chruinn agus an-chríochnúil
  • Bheith réamhghníomhach, úsáid a bhaint as féinstuaim agus oibriú i dtimpeallacht faoi bhrú
  • Cur chuige dearfach agus solúbtha i ndáil le hoibriú mar chuid d’fhoireann
  • Scileanna maithe cumarsáide scríofa, lena n-áirítear cumas chun faisnéis achomair agus comhfhreagras a dhréachtú, scileanna maithe scríbhneoireachta tuarascála.
  • Cumas maidir le treoirlínte agus próisis eagraíochtúla a leanúint.
  • Scileanna maithe ríomhaireachta, lena n-áirítear Word, Excel, an t-idirlíon, PowerPoint agus na Meáin Shóisialta

Cúinsí Breise a bhaineann leis an Ról

Maoiniú: Ní mór a thuiscint, má chuirtear deireadh leis an maoiniú don phost, go bhféadfar conradh an tsealbhóra poist a fhoirceannadh.

Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána: Ós rud é go mbítear i dteagmháil le daoine óga mar chuid den obair a dhéanaimid, beidh ar an té a cheapfar dul faoi réir ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.

Teistiméireachtaí: Cinnteofar 2 theistiméireacht de chuid an iarrthóra rathúil sula dtosóidh sé nó sí ag obair..

Saoire Bhliantúil: Beidh Comhordaitheoir Cnuasaigh Clár TechSpace i dteideal 25 lá saoire pro rata sa bhliain móide laethanta saoire poiblí. Ní mór riachtanais an phoist a chur san áireamh agus iarratas ar na laethanta saoire sin á dhéanamh.

Uaireanta Oibre: Beifear ag súil go n-oibreoidh Comhordaitheoir Cnuasaigh Clár TechSpace 24 uair an chloig sa tseachtain ar a lagad. Tabhair faoi deara go mbeidh solúbthacht i ndáil le huaireanta oibre de dhíth don phost seo.

Tuarastal: Pléifear an tuarastal don phost seo leis an iarrthóir rathúil ach a gceapfar é nó í.

Taisteal: Tá taistil in Éirinn i gceist go rialta ag eagrachtaí mar aon le cruinnithe ócáideacha. Íocfar taisteal agus costais de réir rátaí cuí.

Bunáit: Laighin

Iarratais: CV & Litir chlúdaigh go careers@kinia.ie

Dáta Deiridh: 15/8/2022

Tuilleadh eolais anseo.

Job Features

Job CategoryEarnáil Phríobháideach, Gach Folúntas

Apply Online

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge