
Comhordaitheoir Tionscadail – Iarthar & Gaeltacht
Conradh na Gaeilge
Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne. Bunaithe ag Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile é in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéise sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ó shin i leith.
Tá an Conradh ag cur leis an seó bóthair a eagraíonn muid mar chuid den tionscadal ‘Gluaiseacht’ le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus muid ag fostú Oifigeach Tionscadal a bheidh lonnaithe i nGaillimh agus ag taisteal go rialta san iarthar.
Cuirtear an seó bóthair ar fáil do scoileanna, clubanna óige, grúpaí pobail, srl. Déanann an Seó Bóthair cur síos ar na féidearthachtaí agus na deiseanna fostaíochta agus eile a bhaineann leis an nGaeilge. Déantar seo trí cheardlanna idirghníomhacha a eagrú leis an spriocphobail.
Chomh maith leis sin, tá sé i gceist ag an gConradh painéal a chur le chéile do dhaoine a bheadh infhostaithe do dheiseanna fostaíochta eile san eagraíocht ar leibhéal Oifigeach Fheidhmiúcháin amach anseo.
Cur síos ar an bpost
Faoi stiúr ionadaí ó Bhuanchoiste an Chonartha, beidh de dhualgas ar an gComhordaitheoir Tionscadail na dualgais a leanas a chomhlíonadh:
- Seó bóthair a eagrú le cuairteanna ar scoileanna, clubanna óige, grúpaí pobail, coláistí samhraidh agus eile sa Ghaeltacht agus in iarthar na tíre
- Deiseanna fostaíochta Gaeilge agus cúrsaí tríú leibhéal Gaeilge a chur chun cinn
- Cabhrú leis an imeacht mór Gaeilge24 a eagrú
- Na meáin chumarsáide agus na meáin shóisialta a úsáid leis an Seó Bóthair a chur chun cinn
- Dualgais eile de réir mar is gá
Cur síos ar an té a cheapfar
- Caighdeán maith Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
- Ceadúnas tiomána iomlán agus teacht ar charr
- Cáilíocht 3ú leibhéal sa Ghaeilge nó a chomhionann de thaithí
- Ardscileanna cur i láthair / caint poiblí
- Scileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear: scileanna ríomhaireachta agus scileanna bainistíocht ama/pleanála
Scála Tuarastail:
Oifigeach Feidhmiúcháin: €30,278 – €50,834. Caithfear an post a ofráil ag tús an scála. Chomh maith leis sin Íocfar 5% den tuarastal sa bhreis ar an tuarastal mar sholáthar do phinsin an fhostaí ceaptha, tar éis an tréimhse profaidh, ach an fostaí bheith toilteanach a chomhionann de 5% dá thuarastal a íoc isteach sa soláthar pinsin
Spriocdháta:
Is gá CV agus litir chumhdaigh as Gaeilge a chur chuig post@cnag.ie faoi Dé Céadaoin, 6 Iúil 2022, ag 11.00r.n.
Eolas eile:
|
Job Features
Job Category | Conradh na Gaeilge, Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |