
Comhordaitheoir Turasóireachta agus Fáilteachais
Dingle Hub
An Ról
Táimid ag lorg duine chun comhordú a dhéanamh ar bhunú, agus tacaíocht le linn forbairt leanúnach, Phobal Fuinnimh Inmharthana (PFI) Turasóireachta agus Fáilteachais i gCorca Dhuibhne.
Tá tacaíocht chun an post seo a chruthú á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta mar chuid dá Phlean Turasóireachta chun tograí Turasóireachta Straitéiseacha a fhorbairt ar fud na Gaeltachta. Beidh an té a cheapfar páirteach i ngréasán foghlama de thograí stráitéiseachta turasóireachta sa nGaeltacht.
An Comhthéacs
Misean Dingle Hub ná pobal atá cruthaitheach, inbhuanaithe agus ionchuimsitheach a thógáil, ag tacú le héiceachóras éagsúil bríomhar de pháirtithe leasmhara chun éascú a dhéanamh ar chruthú agus cothabháil postanna ar phá maith a bheidh ann ó cheann ceann na bliana ar Chorca Dhuibhne. Tá forbairt déanta againn ar mhúnla nuálaíoch de Nuálaíocht agus Aistriú Pobail bunaithe ar cheithre árdán straitéiseach.
Ardán 1: Soláthraíonn MCNCD spás oibre agus áiseanna comhroinnte do dhaoine aonair agus do chomhlachtaí. Faoi láthair, bíonn 27 comh-oibrí ag baint úsáid as an spás ar bhonn rialta, móide 189 úsáideoirí eadrannacha, is tá pleananna ann chun síneadh a chur leis an láthair chun freastal ar bhreis éilimh.
Ardán 2: Déanaimid éascú ar thionscadail a thógann na háiseanna/acmhainní gur ghá a bheith ann chun go mbeidh sé indéanta fostaíocht nua a chruthú faoi cheithre phríomhthéama: Inmharthanacht agus an Clár Oibre Glas, Claochlú Digiteach, na Tionscail Chruthaitheacha, agus Fís agus Straitéis Phobalbhunaithe.
Ardán 3: Chun tógáil ar an éicea-chóras atá ag teacht chun cinn, úsáidimid na tionscadail chun tionchar a chur i bhfeidhm agus chun éileamh a chruinníu chun an íosmhéid éilimh a bhaint amach atá ag teastáil chun comhlachtaí nua áitiúla a bhunú agus a scálú.
Ardán 4: Chun an pobal obair-ó-bhaile agus foghlaim-ó-bhaile a chothú, a chur chun cinn agus a thabhairt le chéile. Tá breis agus 150 duine nasctha le pobal ár mhoil, le lucht déanta scannán, beochana, fuinnimh inathnuaite, digitithe, anuas ar líonraí comhoibríocha cruthaitheacha agus gnó mar a mbíonn baill ag tacú lena chéile chun deiseanna eacnamaíocha a thapú a rachaidh chun leasa an dá pháirtí.
Bíonn deis ag tionscnaimh faoi Ardán 2 comhoibriú a dhéanamh leis an bpobal áitiúil, scoileanna, gnólachtaí, agus na hearnálacha iompair, turasóireachta agus talmhaíochta, chun éascú ar, agus tacú leis, na hathruithe sochaíocha níos leithne atá ag teastáíl chun gur féidir aistriú inmharthana a dhéanamh go carbón íseal. Tá Dingle Hub ag lorg duine ardspreagtha le bheith ina chuid dá bhfoireann chun rannpháirtíocht an phobail i bPobal Fuinnimh Inmharthana don earnáil turasóireachta a thiomáint.
Príomhfhreagrachtaí
I Measc Na Freagrachtaí Beidh
- Beidh Comhordaitheoir an PFI Turasóireachta agus Fáilteachais ag obair go dlúth le foireann Dingle Hub, Fáilte Éireann, Comhairle Contae Chiarraí agus Údarás na Gaeltachta chun Pobal Fuinnimh Inmharthana a bhunú don earnáil seo agus tacú leis fad is atá sé ag fás.
- Bainistiú ar an PFI agus ar chur i bhfeidhm an Mháistirphlean Fuinnimh.
- Seirbhísí rúnaíochta a chur ar fáil do Ghrúpa Stiúrtha an PFI.
- Comhordú a dhéanamh ar imeachtaí cumarsáide agus faisnéise chun rannpháirtíocht an phobail ar fad a spreagadh.
- Forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar bhunachar sonraí pobail
- Baill an phobail a ghríosadh chun feidhm a bhaint as tacaíocht mhaoinithe (e.g. Scéim tacaíochta do mheasúnaithe fuinnimh)
- Súil a choimeád ar fheidhmiú tionscadail éifeachtacht fuinnimh ar fud na leithinse
- Cumarsáid a dhéanamh le PFIanna agus tionscnaimh fuinnimh eile ar an leithinis (e.g. PFI Fheirmeoirí Déiríochta Chorca Dhuibhne, tionscadail PFI i gCorca Dhuibhne) chun roinnt eolais, taithí, agus faisnéis ábhartha a éascú
Scileanna agus Taithí Riachtanacha: Beidh gá ag an iarrthóir buacach a bheith:
- fíor-eagraithe, solúbtha agus acmhainneach
- cairdiúil, le cur chuige atá dearfach agus réamhghníomhach
- in ann foireann dheonach a bhunú is a ghríosadh, agus tacú leis an bhfoireann sin
- in ann oibriú go maith mar chuid d’fhoireann, ach a bheith féin-spreagtha agus in ann oibriú go neamhspleách chomh maith
- in ann aontacht, iontaofacht, freagracht, féinfheasacht, eitic oibre agus comhbhá a léiriú
Ní mór na rudaí seo a leanas a bheith ag an iarrthóir buacach:
- cáilíocht i ndisciplín ábhartha, e.g. pobal / inmharthanacht / turasóireacht agus/nó taithí shoiléir a léiriú i ról comhordaithe i dtimpeallacht pobalbhunaithe/turasóireacht-bhunaithe, neamhbhrabúis
- taithí ábhartha timpeall ar ghníomhaíocht aeráide phearsanta agus áitiúil, agus i dtionscnaimh inmharthanachta
- Scileanna deimhnithe scríofa agus labhartha
- taithí timpeall ar scríobh iarratas maoinithe
- taithí mhaith in úsáid Microsoft Word, PowerPoint, agus Excel.
- tuiscint ar chultúr tuaithe na hÉireann, le roinnt scileanna Gaeilge más féidir.
- Scileanna agus Taithí a bheadh ina chabhair
- Bheadh sé ina buntáiste na buanna seo a leanas a bheith ag iarrthóir:
- cumas labhartha Gaeilge
- taithí a bheith ag obair le foirne ildisciplíneacha, foirne teicniúla agus acadúla san áireamh
Rialachas
Beidh an Comhordaitheoir PFI Turasóireachta agus Fáilteachais fostaithe ag Mol Teic (ag trádáil mar Mhol Chorca Dhuibhne) agus déanfaidh sé tuairisciú le Bainisteoir Spás Dingle Hub.
Tuarastal: Tá réimse an tuarastail idir €20,000 agus €24,000, ag brath ar thaithí. Beidh tréimhse phromhaidh de 6 mhí i gceist.
Uaireanta Oibre :
Is post páirt-aimseartha é seo a leanfaidh ar feadh tréimhse 24 mí. Is é an teidlíocht saoire bliantúla 24 lá sa bhliain pro-rata, ag brath ar an líon uaireanta curtha isteach.
Beidh gach lá oibre difriúil, ag brath ar na himeachtaí atá sceidlithe agus an gá a bheith ar fáil d’imeachtaí lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre. Dá bhrí sin, tá gach seans go mbeidh uaireanta neamhshóisialta i gceist san obair, leithéidí tráthnóntaí agus deirí seachtaine, agus beidh gá le solúbthacht.
Ionad: Beidh an post lonnaithe ag Dingle Hub, Páirc Ghnó an Chúilín, An Daingean, Co. Chiarraí. Go ginearálta, ba cheart go mbeidh meascán idir obair ón oifig agus obair ó bhaile indéanta.
Próiseas Iarratais:Seol isteach do CV le litir chlúdaigh ag míniú do spéis sa phost agus d’oiriúnacht don bpost.
An dáta dúnta d’iarratais ná Aoine 19ú Lunasa 2022
Tuilleadh eolais anseo ar LinkedIn
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |