
Cúntóir Airgeadais agus Párolla
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) ag lorg iarrthóirí do phost mar Chúntóir airgeadais agus párolla leis an eagraíocht. Beidh an té a cheapfar freagrach as comhordú agus riaradh iomlán a dhéanamh ar chúrsaí pá rolla na heagraíochta.
Ní mór d’iarrthóirí taithí párolla a bheith acu, chomh maith le taithí agus cáilíocht sa réimse airgeadais.
Beidh cáilíocht tríú leibhéil sa réimse airgeadais ina bhuntáiste don phost seo. Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge líofa agus ardchaighdeán Gaeilge scríofa a bheith acu.
Is post lánaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine. Beidh an té a cheapfar lonnaithe sa bpríomhoifig ar an gCeathrú Rua.
Socrófar tuarastal agus coinníollacha pá leis an té a cheapfar. Tá tuilleadh eolais agus dualgais an phoist le fáil ar shuíomh idirlín na comhlachta: www.cnng.ie
Seol litir iarratais mar aon le CV ar ríomhphost amháin, chuig Stiúrthóir Bainistíochta CNNG roimh an 19/08/2022. Seoladh ríomhphost: eolas@cnng.ie
Ba choir sonraí teagmhála do bheirt mholtóirí a sholáthar i d’iarratas.
Tá sé beartaithe na hagallamh a reáchtáil an tseachtain 22-26 Lúnasa 2022.
Fostóir comhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |