
Cúntóirí taighde le Gaeilge (labhartha agus scríofa) líofa
Foras Taighde ar Oideachas
Cúlra
Bunaíodh an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) mar Chomhlacht Reachtúil i gcomhréir leis an Acht Oideachais (1998) i mí Mheán Fómhair 2015, ach bhí sé ann ó mhí Eanáir 1966. D’fhoilsigh sé a plean straitéiseach reatha in Aibreán 2022. Tá déchúram aige trialacha agus tacaíochtaí a sholáthar do na tástálacha seo do scoileanna mar aon le taighde oideachasúil agus staidéir mheastóireachta a dhéanamh. Ón samhradh 2020, tagann an FTO faoi théarmaí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is féidir an clár oibre a roinnt ina seacht snáithe (le tuilleadh eolais ar fáil ag www.erc.ie):
- Maoirseacht, seachadadh agus tuairisciú náisiúnta ar mheasúnuithe idirnáisiúnta ar mhórscála
- Bainistíocht, maoirseacht agus tuairisciú ar mheasúnuithe náisiúnta ar mhórscála
- Cur le polasaí ar, agus meastóireacht a dhéanamh maidir le, míbhuntáiste oideachais
- Trialacha a fhorbairt, a chaighdeánú agus a thacú (i bhformáidí páipéir agus ar líne araon)
- Meastóireacht cláir
- Tacaíocht don anailís ar shonraí
- Taighde a tionscnaítear go neamhspleách.
Tá príomhfhoirgneamh an FTO lonnaithe ar Champas Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC), Campas Choláiste Phádraig, i nDroim Conrach agus tá Rannóg na dTrialacha in aice láimhe ar Bhóthar Richmond, Droim Conrach. Fostaíonn an FTO thart ar 40 ball foirne a bhíonn ag obair le chéile i mbuíonta beaga comhoibrithe. Tá foireann riaracháin agus foireann bainistíochta sinsearaí an FTO ann chun tacú leis an obair, comhdhéanta den Phríomhfheidhmeannach, taighdeoirí sinsearacha, riarthóirí sinsearacha agus bainisteoir TF. Bíonn an FTO i dteagmháil le rannóga éagsúla den Roinn Oideachais agus le gníomhaireachtaí eile agus é i mbun a thionscadail taighde, agus bítear páirteach i raon coistí comhairleacha agus stiúrtha, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Sonraíocht Poist
Is mian leis an FTO painéil a bhunú do Chúntóirí Taighde atá líofa sa Ghaeilge. Sannfar iarrthóirí rathúla do thionscadal taighde, meastóireachta nó forbartha tástála amháin nó níos mó i gclár
oibre an FTO. Clúdóidh painéil poist bhuana, agus poist ar théarma seasta agus ar chuspóirí sonraithe.
Dualgais agus Freagrachtaí
- Cuidiú le hobair riaracháin ghinearálta a bhaineann le tionscadail (m.sh. teagmháil le scoileanna agus le gníomhaireachtaí/comhlachtaí eile).
- Uirlisí a ullmhú nó a oiriúnú (m.sh. tástálacha, ceistneoirí) le húsáid i dtionscadail, faoi mhaoirseacht.
- Cuidiú le bunachair sonraí a bhainistiú.
- Freastal ar chruinnithe (b’fhéidir thar lear in amanna má bhíonn taisteal i gceist, de réir na dtreoirlínte sláinte poiblí agus Rialtais atá i réim) agus bheith i dteagmháil le gníomhaireachtaí seachtracha maidir le tionscadail sannta
- Cuardach agus athbhreithnithe litríochta a dhéanamh
- Gníomhaíochtaí próiseála sonraí agus códaithe sonraí a dhéanamh faoi mhaoirseacht
- Anailís staitistiúil a dhéanamh (m.sh., ag úsáid SPSS, HLM, MPLUS) faoi mhaoirseacht
- Obair foirne sealadaí/ócáideacha a mhaoirsiú
- Cuidiú le tuarascálacha a scríobh
- Aon dualgais réasúnach eile a dhéanamh a shanntar ó am go ham.
- Tacaíocht a sholáthar do thionscadail eile de chuid an Ionaid de réir mar is gá (m.sh., trí ábhair a aistriú go Gaeilge nó trí aistriúcháin a athbhreithniú).
- Aon dualgais eile a shannfar ó am go ham a chomhlíonadh.
IS É AM DÚNTA AGUS SPRIOCDHÁTA d’IARRATAIS NÁ: 5.00pm (am na hÉireann), Dé hAoine 19 Lúnasa 2022.
Tuilleadh eolais anseo.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas, Oideachas |