
Físiriseoir Faoi Oiliúint
Below the Radar TV
Tá Below the Radar TV ag lorg Físiriseoir Faoi Oiliúint le hoibriú ar an ardán digiteach Gaeilge Meon Eile.
Físiriseoir Faoi Oiliúint: Tá muid ag lorg Físiriseoir Faoi Oiliúint le hoibriú ar an ardán digiteach Gaeilge ‘Meon Eile’. Caithfidh breithiúnas stuama eagarthóireachta a bheith ag an té a cheapfar. Caithfidh siad a bheith in ann pacáistí gairide a thaifead agus a chur in eagar agus a bheith ábalta scéalta a aimsiú agus a fhorbairt ar bhonn laethúil. Beidh siad neamhspleách agus neamhchlaonta ina gcuid tuairisceoireachta agus iriseoireachta. Beidh feith na scríbhneoireachta ag an té a cheapfar agus eolas acu ar chúrsaí pobail i gCúige Ulaidh agus níos faide anonn. Tá Gaeilge mhaith chruinn idir scríofa agus labhartha riachtanach don ról seo. Beidh an post seo páirt-mhaoinithe ag an Ciste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.
Tá na scileanna a leanas riachtanach do ról an Fhísiriseora
- Ardchaighdeán Béarla agus Gaeilge, idir scríofa agus labhartha;
- Táithí phraiticiúil 6 mhí ar a laghad san earnáil léiriúcháin
- An cumas pacáistí a thaifead agus a chur in eagar;
- Táithí eagarthóireachta ar Final Cut Pro;
- Spéis san iriseoireacht ilmheán agus teicneolaíochtaí digiteacha – bealaí ina mbíonn fiséan a sholáthar ar líne agus ar na meáin shóisialta;
- An cumas oibriú faoi bhrú agus de réir spriocdhátaí;
- Scileanna i gcomhoibriú agus obair foirne;
- Scileanna láidre taighdeoireachta;
Seol litir chumhdaigh, do CV agus seóspól chuig Máire Bhreathnach ag mbhreathnach@belowtheradar.tv roimh 5pm ar an Aoine, 19ú Lúnasa, 2022.
Tuilleadh eolais anseo.
Job Features
Job Category | Earnáil Phríobháideach, Gach Folúntas |