
Léiritheoir meán sóisialta
Nemeton
Táimid ag earcú léiritheoir meán sóisialta chun obair le meitheal léirithe Nemeton, ar chláir spóirt TG4.
Beidh sé mar fhreagracht ar an té a cheapfar ábhar a léiriú ar bhonn reatha a thacaíonn le beochraolta ar chluichí GAA, LGFA, rásaí capall agus dornálaíocht i measc spóirt eile.
Is ról nua é seo agus beidh deis ann don léiritheoir tionchar a bheith acu ar fhorbairt na seirbhíse ag cinntiú go seasfaidh sé amach ar na meáin shóisialta éagsúla.
Duine atá ag teastáil a dhéanfaidh léiriú/stiúrú/eagarthóireacht ar ábhar físe agus a thuigfidh gnás na n-árdán sóisialta.
Beidh léiriú ar ábhar ghearrfhoirme, ábhar cartlainne agus ó am go chéile ábhar beo (Facebook/Instagram Live) mar chuid den ról. Bheadh taithí MOJO ina chuidiú.
Is gá go mbeadh an t-iarrthóir paiseanta faoi chúrsaí spóirt agus sásta taisteal go fonnmhar chuig mórchuid cluichí agus imeachtaí, maraon le bainistiú/comhordnú a dhéanamh ar ábhar ag teacht ó chluichí/foinsí eile.
Beidh an-eolas ag an té a cheapfar ar Facebook Network (Instagram san áireamh), SEO, Google Ads, YouTube, LinkedIn, Twitter, margaíocht ar email.
Cuirfear oiliúint ar fáil a dhíríonn ar na forbairtí leanúnacha sna meáin shóisialta.
Post lánaimseartha atá i gceist do dhuine le taithí 3 bliana i ról ionann agus is í an Ghaeilge teanga oibre Nemeton.
Conradh dhá bhliain a bheidh á thairscint i dtosach.
Iarratais roimh Dé hAoine 8 Iúil.
Seol ríomhphost chuig hr@nemeton.ie
Tuilleadh eolais anseo.
Job Features
Job Category | Earnáil Phríobháideach, Gach Folúntas |